Comharchumann Rath Cairn Teoranta v An Bord Pleanala (Approved) [2021] IEHC 703 (10 November 2021)

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

[2021] IEHC 703

[Uimh. Thaifid 2020/522JR]

MAIDIR LE hAILT 50 AGUS 50A DEN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (MAR ATÁ LEASAITHE)

IDIR

COMHARCHUMANN RÁTH CAIRN TEORANTA

IARRATASÓIR

AGUS

AN BORD PLEANÁLA

FREAGRÓIR

BREITHIÚNAS  de chuid an Bhreithimh Uí Anluain a thugadh ar an 10ú lá de mhí na Samhna 2021

Réamhrá

1.       Thug an Chúirt seo an chéad-ordú sa chás ex-parte Dé Máirt, an 8 Iúil, 2020.

2.       Cuireadh ráiteas freasúra isteach ar an 4 Nollaig, 2020. Séantar líomhaintí atá leagtha amach sa Ráiteas is gá le haghaidh Athbreithniú Breithiúnach agus na mionnscríbhinní á mionnú thar ceann an iarratasóra amhail is dá ndéanfaí gach líomhain atá iontu a leagan amach agus a shéanadh ceriatim.  Tá mionnscríbhinn an uasail Éanna Ó Cróinín mionnaithe ar an 24 Iúil, 2020. Chuir an t-uasal Conchúr Ó Geallagáin mionnscríbhinn eile isteach an 22 Iúil 2020.  Cuireadh mionnscríbhinn Pearse Dillon isteach ar shon an fhreagróra an 4 Nollaig 2020.  Cuireadh mionnscríbhinn freagartha anuasail Uí Chróinín isteach an 22 Feabhra 2021. Cuireadh mionnscríbhinn freagartha Pearse Dillon isteach an 21 Bealtaine 2021.

Croineolaíocht Eachtraí

3.       Dhiúltaigh Comhairle Contae na Mí cead tógála ar theach aíochta trí-stór a thógáil i Ráth Chairn. Dhiúltaigh siad forbairt chónaithe chomh maith, a chuimsíonn 28 teach aon-stór-go-leith, 5 teach scoite 5 seomra-leapa (cineál A), 4 teach scoite 4-seomra-leapa (cineál B), 3 teach scoite 4-seomra (cineál C), 9 teach scoite 3-sheomra (Cineál D) agus 7 teach scoite 3-sheomra le bóithre inmheánacha agus cosáin agus spás oscailte poiblí, bealach rochtana do choisithe/rothaithe chuig an mbunscoil agus rochtain ann ar bhóithre tosaigh. Cuireadh an diúltú seo in iúl d’Éanna Ó Chróinín, Cathaoirleach Chomharchumainn Ráth Chairn Teoranta, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, ar an 17 Nollaig 2019.

4.       Cuireadh in iúl do Cholm Ó Gríofa, an t-iarratasóir gur dhiúltaíodh cead don fhorbairt an 17 Nollaig 2019, agus ba é an fáth a bhí leis ná:

          “It is the policy of Meath County Development 2013 – 2019, as varied ‘to encourage and foster the creation of attractive mixed use sustainable communities which contain a variety of housing types and tenures with supporting community facilities, public realm and residential amenities’ and ‘to require a high standard of design in all new residential schemes that are built in a style and scale that is appropriate to the landscape setting’ (HS Pol 2).  The applicant has not demonstrated that the proposed development provides public open space at the minimum rate of 15% of the total site area as set out in s. 11.2.2 of the plan.  Therefore the proposed development, if permitted, would materially contravene these policies, seriously injure the amenities and depreciate the value of properties in the vicinity, would establish an undesirable future precedent for developments of this kind and would be contrary to the proper planning and sustainable development of the area.

5.       D’ullmhaigh Jim Brogan, BA, Dip.T.P., M.I.P.I., Dip. L.S, Dip. Arb., F.C.I., B.L, tuairisc don achomarc ar an 7 Feabhra 2020.  An teideal a bhí ar an saothar a rinne sé ná “Language Impact Study” agus feictear na conclúidí ar a dtáinig sé ag alt 21, 22 agus 23 dá chuid.

6.       Mhol an t-uasal Kevin Moore, Cigire Sinsearach Pleanála, go mba cheart an cead a dhiúltú agus cuireadh a mholtaí isteach an 3 Bealtaine 2020, faoin teideal “Reasons and Considerations”.  Bheartaigh sé go ndéanfadh an fhorbairt dochar d’oidhreacht teanga agus chultúir na Gaeltachta i gContae na Mí agus go gcuirfeadh an fhorbairt a bhí beartaithe isteach ar charachtar an tsráidbhaile i Ráth Chairn. Mhothaigh sé dá bhrí sin go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ar neamhréir na pleanála cuí agus forbairt inchothaithe an limistéir. Ar an dara dul síos, tá láithreán na forbartha beartaithe suite sa Ghaeltacht. Is í polasaí phlean forbartha Chontae na Mí ná an Ghaeilge a chothú agus cosc a chur ar fhorbairt a mbeadh tionchar diúltach suntasach aici ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ag cur san áireamh scála na scéime tithíochta beartaithe í féin chomh maith leis an bhfasach a bhunófar d’fhorbairtí móra tithíochta, agus meastar,dá ndeonófaí cead leis, go dtarlódh soláthar iomarcach tithíochta a sháródh cosaint oidhreacht teanga agus cultúr na Gaeltachta. Dá bhrí sin, bheadh an fhorbairt bheartaithe ar neamhréir na pleanála cuí agus fhorbairt inchothaithe an limistéir araon. 

7.       Seo a leanas conclúidí an uasail Brogan:

Conclusion

51.     To conclude, the proposed guesthouse and ancillary facilities will create employment opportunities for Irish speakers within the Gaeltacht and will also create opportunities for enhancing the range of sporting, cultural, educational and social events that can be hosted within the area. (t will, accordingly, have a positive impact on Irish language and culture in Rathcairn.

52.     The residential component of the development will cater for local housing requirements and is in accord with the Development Plan’s Core Settlement Strategy policies and objectives for the Village. The reservation of 50% of the residential units for daily Irish speakers will strengthen the use of the language in the village. The remaining houses are likely to be occupied by persons who have an affinity with the language, given the location of the houses within the core of the Rathcairn Gaeltacht community and the primacy of Irish as the first language of that community.

53.     It is envisaged, therefore, that the development of the proposed guesthouse and the residential component of the overall development scheme will promote the use, viability and status of the Irish language in Rathcairn. The subject project is in accordance with the policies and objectives of the 20-Year Strategy for the Irish Language 2010-2030; The Action Plan 2018-2022 — 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030; Project

          Ireland 2040 — Building Ireland’s Future — National Planning Framework; the Meath Gaeltacht Language Plan and the Meath County Development Plan 2013-2019. It, as a development; is in accordance with the proper planning and sustainable development of the area.”

8.       Dhiúltaigh an Bord cead ar an 15 Meitheamh 2020 agus rinne an bord ordú abp-306489-20. Cuireadh achomharc isteach go luath maidir le leathanach  5 den chinneadh:

          “Agus cinneadh a dhéanamh chun cead a dheonú don fhorbairt bhearthaithe thug an bord suntas leis, d’aineoinn chinneadh an Údaráis Phleanála chun diúltú don fhorbairt bheartaithe ar an mbonn nár léir an méid spéis oscailte phoiblí go raibh an t-údarás pleanála sásta go raibh an fhorbairt beartaithe de réir na forálacha zónála don tsráidbhaile agus go bhféadfai díriú ar an tionchar a mbeadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an oidhreacht teangeolaíochta agus cúltúrtha trí fhógra an iarratasóra go gcoimeádfaí 20% de na tithe do chainteoirí Gaeilge srl.”

          Leanann siad ar aghaidh:

          “Faoi réir choinníoll a chur san áireamh chun an cheist seo a réiteach go sásúil, mheas an Bord go mbeadh an fhorbairt bheartaithe de réir na gcuspóirí zónála agus ina croí-straitéis go gcuirfidh sé le beogacht agus le hinbhuaine an tsráidbhaile Gaeltachta trí thithíocht a chur ar fáil do chainteoirí dúcháis agus mar sin nach mbeadh aon tionchar suntasach diúltach ag an nGaeilge ná ar an nGaeltacht.”

9.       Cuireadh litreacha chuig an Rannóg Phleanála ó Chomharchumann Ráth Cairn Teo ar na dátaí seo a leanas: 21 Samhain 2019 (2), 8 Bealtaine 2019 (agus leis an litir sin tá litir ó an t-Uasal Ó Cróinín den dáta céanna le cóip d’aighneachtaí Chomharchumann Ráth Cairn i gcoinne iarratas phleanála, agus aighneacht Chomharchumann Ráth Cairn i ndáil le hachomharc 306489-20). Ag seo a leanas, sliocht as an litir sin:

Cúlra

          Bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn sa bhliain 1935 le cúram a dhéanamh de ghníomhaíochtaí éagsúla agus d’fhorbairt pobail sa gceantar. Bíonn an Comharchumann ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí fásta, féilte, comórtais, imeachtaí sóisialta agus eile, agus cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil ó ionad an Chomharchumainn, siopa, caifé agus teach ósta ina measc.

          Sa mbliain 2007, foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT), a choimisiúnaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. léiríodh sa tuarascáil sin a leochailí is a bhí staid na Gaeilge an t-am sin (Ó Giollagáin et al., 2007a: 149-55), agus moladh na toghranna Gaeltachta a rangú i gcatagóirí éagsúla a mhínítear anseo thíos:

Catagóir

%

Cainteoirí

Laethúla Gaeilge

Míniú de réir an SCT:

 

A

67.0 +

‘Léirítear san anailís seo go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na teorann seo.’ (2007a: 146-7)

B

44.0 — 66.9

‘Nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gceantar faoi bhun na teorann seo léiríonn an fhaisnéis gur gnás imeallach atá in úsáid na Gaeilge ó thaobh nósanna teaghlaigh agus pobail de’ (ibid., 147).

c

0.0 – 43.9

‘Cuimsíonn an chatagóir seo an líon is mó toghrann agus daonra de na trí chatagóir seo.’ (ibid.)

          An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

          Rinneadh athdhearbhú ar dhearcadh agus ar aidhm an Rialtais i leith na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a foilsíodh in 2010. Cuirtear béim mhór ar sheachadadh institiúideach na Gaeilge sa Straitéis (2010: 11-9), ach ó thaobh na Gaeltachta de, deirtear go bhfuil ‘aird á tabhairt’ ar mholtaí an SCT (ibid., 5) agus dearbhaítear go ‘[d]tosófar próiseas pleanála teanga agus [go n]déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta’ (ibid., 20).

          Achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012 chun bonn reachtúil a chur faoin bpróiseas pleanála teanga sin i measc forálacha eile.

          Acht na Gaeltachta, 2012 agus an Próiseas Pleanála Teanga

          I measc forálacha eile, cuireann Acht na Gaeltachta 2012 tús leis an bpróiseas pleanála teanga I dtrí chomhthéacs éagsúla I limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.

          Tá an Ghaeltacht anois roinnte i 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus caithfidh Pobal gach LPT plean teanga a ullmhú don LPT le teacht le hAcht na Gaeltachta, 2012 ionas go n-aithneofar an limistéar mar limistéar Gaeltachta feasta.

          Leagtar amach struchtúr d’ullmhú na bpleananna teanga san Acht. Faoin struchtúr seo, fógraíonn an tAire go bhfuil plean teanga le hullmhú do LPT faoi leith agus roghnaíonn Údarás na Gaeltachta ceanneagraíocht leis an bpróiseas pleanála teanga sa LPT sin a bhainistiú. Tugtar deich bhliain don cheanneagraíocht an plean teanga a ullmhú agus cuirtear an plean faoi bhráid an Aire ansin lena fhaomhadh. Má ghlactar leis, bionn tréimhse seacht mbliana ag an gceanneagraíocht leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm.

          Fógraíodh LPT Ráth Chairn agus Bhaile Ghib le tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i mi na Samhna 2015. Tar éis iarratas a chur isteach, roghnaíodh Comharchumann Ráth Chairn mar cheanneagraíocht leis an bpróiseas a stiúradh. Tá an Plean Teanga do Ghaeltachtaí na Mí faofa anois ag Aire na Gaeltachta agus Comharchumann Ráth Chairn imithe i mbun é a chur i bhfeidhm.”

10.     Cuireadh litreacha ó Ghlór na nGael isteach chuig Comhairle Contae na Mí dar ndáta an 8 Bealtaine 2019 agus litir ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, litir an Dr Aogán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge chuig Anne Ryan, Pleanalaí, an 7 Feabhra 2020, agus litir chuig an Dr Aogán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chuig Jackie Maguire, Uas, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Mí, an 15 Bealtaine 2019 agus an 18 Meán Fómhair 2018 chomh maith.

11.     Cuireadh litir ó Údarás na Gaeltachta isteach chuig Rannóg Phleanála Chomhairle Contae na Mí dar dáta an 7 Feabhra 2020.

12.     Cuireadh litir ó Gary Dorgan, bainisteoir sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta isteach fosta.

Cúlra an Cháis

13.     Baineann an cás seo le cead pleanála a dheonaigh an freagróir anseo le haghaidh 30 teach a thógáil d’aon léim amháin i gcroílár Ghaeltacht bhríomhar Ráth Chairn, mar aon le teach aíochta 2658m2, 3-stór, 30 seomra leapa, le seomra folchta en-suite, le seomraí codalta/cruinnithe agus spás párcála do 88 gluaisteán.

14.     Is í an fhadhb atá ag na hiarratasóirí ná nach bhfuil coinníollacha teanga ar bith i gceist leis an teach aíochta agus is féidir an coinníoll teanga maidir leis na 30 teach a chaolú agus a chealú trí chomhaontú idir an bhformhór agus an Údarás Pleanála. i gComhairle Contae na Mí.

15.     Tagraíonn na hiarratasóirí do chóip de thuairisc chigire shinsearach an fhreagróra a mholl gan an fhorbairt beartaithe a cheadú ar an mbonn go ndéanfaí dochar as cuimse don Ghaeilge mar theanga phobail i Rath Cairn agus do chóip de threorú/chinneadh an fhreagróra agus do chóip d’Ordú an fhreagróra (Imleabhar I AOC1). Is í an fhadhb atá ag na hiarratasóirí ná nach bhfuil coinníollacha teanga ar bith leagtha síos ag an bhfreagróir maidir leis an teach aíochta, rud a fhágann go riarfar trí Béarla é agus go mbrúfar Béarla sa phobal dá dheasca.

16.     Níl aon choinníollacha teanga leagtha síos maidir leis na tithe cónaithe, mar shampla an líon tithe atá i gceist, an caighdeán Gaeilge atá i gceist, cé hiad na daoine nach mór dóibh an caighdeán sin a shásamh agus conas a dhéanfar an caighdeán sin sin a mheasúnú.  Tá na freagrachtaí sin tréigthe ag an bhfreagróir agus fágfar iad faoin iarratasóir ar chead pleanála agus an t-údarás pleanála áitiúil.  Rinne an t-uasal Ó Croinin tagairt don rud a tharla i gcás eastát tithíochta i nGaeltacht na Rinne de bhun choinníoll teanga a leag Comhairle Contae Phort Láirge síos (Cead Pleanála 04-1334).  Sa chás sin bhí an leibhéal a bhí leagtha síos chun an coinníoll maidir leis an gcaighdeán Gaeilge a shásamh chomh híseal sin nach raibh de dhíth ach pas san Ardteist a bheith ag an duine a bhí ag iarraidh cónaí ann.

17.     Fadhb eile atá ann, dar leis na hiarratasóirí, ná go bhfuil costas mór ar na tithe móra atá i gceist agus is beag seans dá bharr sin go mbeadh aon duine ón Ghaeltacht Ráth Chairn in ann iad a cheannach.  Déantar tagairt chomh maith leis an méid a tharla, dar leis na hiarratasóirí, i nGaeltacht ar imeall Chathair na Gaillimhe roimh scála mór na forbartha a bheartaíodh ansin agus laghad na Gaeltachta atá san áit sin, agus go gcuirfidh an lonnaíocht nua lán-Bhéarla seo i gcroílár an phobail deireadh leis an áit mar Ghaeltacht agus go bhfágfaidh iad ar nós na mbruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe, is é sin le rá, ina thuairim féin, mar Ghaeltacht in ainm amháin.  Deir sé go ndeachaigh an freagróir in aghaidh thuairisc an chigire shinsearaigh féin agus go ndeachaigh sé in aghaidh aighneachtaí Roinn na Gaeltachta freisin, é sin nó rinne sé neamhaird iomlán de.

22.    The related Objective is:

         ORD OBJ 6 — To require that a linguistic Impact Study” be carried out before any application for housing (for single and multiple housing developments) is Considered within the Gaeltacht Area. Such a study, by reference to the linguistic background of intended users or occupants, or identification of its relationship with linguistic or cultural development objectives of groups associated or charged with the development of Gaeltacht areas will need to prove that a given proposal will have a positive impact upon the promotion and use of Irish as a language of the community.”

18.     D’aighnigh Roinn na Gaeltachta:

          “Agus Breithiúnas a dhéanamh ar chásanna pleanála sa Ghaeltacht ar nós an cháis seo, is den riachtanas é faoi mar atá luaite ag an Roinn cheanna féin go n-aithneofar go sonrach an bhagairt a dhéanfadh eastát tithíochta a imirt ar an nGaeilge i gceantar beag Gaeltachta ar nós Ráth Chairn, agus leas na Gaeilge a chur san áireamh mar is cuí mar chuid den chóras breithnithe.  Go deimhin, ag cur scála na forbartha atá beartaithe agus ar laghad atá pobal Ráth Chairn san áireamh, tá an Roinn seo den tuairim go gcaithfear coinníoll teanga go mbeadh céad faoin gcéad do na tithe seo a bheith coinnithe do chainteoirí Gaeilge a bheith curtha leis an gCead Pleanála i gcás go dtabharfar cead don fhorbairt seo.”

19.     Déanann sé tagairt d’aighneacht ó Údarás na Gaeltachta ar an ábhar seo, mar seo a leanas:

          “Nach lagófar na gréasáin shósialta a shainmhíníonn na pobail Ghaeilge trí mhéadú ar an bpobal Béarla a éascú sa cheantar” agus

          “coinníoll teanga a chur i bhfeidhm de réir alt 27 den Acht Pleanála”.

20.     Mar a fheictear in EOC2, deir an tUasal Ó Chróinín gur ábhar imní mór é nár cuireadh na haighneachtaí Gaeilge san áireamh mar ba chóir, nó ar chor ar bith, agus tá an smaoineamh sin atá aige bunaithe ar an fáth nach raibh aistriúchán Béarla de na haighneachtaí ón Roinn agus ón Údarás ar fáil ar an gcomhad ach oiread leis na haighneachtaí a chuir an tIarratasóir faoi bhráid an fhreagróra agus gurbh amhlaidh atá an cás maidir le Comhairle Contae na Mí.

21.     Dé réir an tUasal Ó Chróinín ó thaobh chúlra stairiúil Gaeltachtaí na Mí, nach ionann Gaeltachtaí na Mí agus na Ceantair Ghaeltachta eile ar chósta an Iarthair agus Deiscirt.  Deir sé gur pobail athlonnaithe iad pobal Ráth Chairn agus pobal Bhaile Ghib, a tháinig go Contae na Mí sna 30ídí, tráth a raibh eastáit mhóra na dtiarnaí talún neamhchónaitheacha á n-athdháileadh ag Coimisiún na Talún. Tá an dá áit scartha óna chéile, agus achar 20 ciliméadar eatarthu, chomh maith le mótarbhealach an M3. 

Achoimre na h-Aighneachtaí

22.     De réir an abhcóide thar cheann an Iarratasóra, ní raibh an Freagróir i dteideal braith ar an Measúnacht Tionchar Teanga, a chuir an forbróir faoi bhráid na Comhairle Contae. Áitítear thar cheann an Iarratasóra nach raibh údar na Measúnachta cáillithe go cuí chun é a scríobh, mar gheall nach raibh saineolas aige sa phleanáil teanga nó sa tsochtheangeoláiocht. Tagraítear do mhionscríbhinn Chonchúir Uí Ghiollagáin, cáipéis ina chaitear amhras ar cháilíochtaí an údair. Mar aon leis sin, aighnítear thar cheann an Iarratasóra go bhfuil an fhíric 15.9% – a úsáidtear sa Mheasúnacht chun céatadán de dhaonra Ghaeltacht na Mí atá in a gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a léiriú –mícheart. Dar leis an t-Uasal Ó Giollagáin, is figiúr íosta é sin, atá bainte amach as an bPlean Teanga, agus an fhíric cheart atá ann ná 45%. Braitheann an t-Iarratasóir ar an gcás Ní Chonghaile v. Comhairle Contae na Gaillimhe [2004] 4 IR 126 chun an agóint a dhéanamh nach raibh an measúnacht sásúil agus gur chóir don Chúirt ordú certiorari a dheonú chun an chead pleanála a cealú mar gheall air sin. Déantar plé thar cheann an Iarratasóra ar na cáilíochtaí íosta is gá a bheith ag údar measúnacht tionchair teanga ó thaobh na Gaeilge agus na sochtheangeolaíochta de. Tagraítear do Reid v An Bord Pleanála [2021] IEHC 230 den 27 Bealtaine 2021 maidir leis an gcáilíocht is gá a bheith ag údar measúnacht chuí i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil. Tá siad ag iarraidh, mar sin, go gcaitheann an Chúirt leis an gcápiéis mar ‘neamhní’ nó mar ‘chlóstrácht’.

23.     Mar fhreagra ar amhras an Fhreagróra faoi inghlacthacht fhianaise Uí Ghiollagáin, maítear thar cheann an Iarratasóra nach bhfuil sé i gceist acu an fhianaise a úsáid ar nós fianaise ‘nua’ nach raibh curtha faoi bhráid an Fhreagróra le linn an phróisis cinnteoireachta. Déantar tagairt thar cheann an Iarratasóra, mar sin, don tsliocht seo ó Reid v An Bord Pleanála [2021] IEHC 230 den Aibreán 2021:

18.     Where the party who becomes the judicial review applicant is not the applicant in the administrative process but is, say, an objector, it is not the function of the objector to correct the other party’s homework or to point out omissions the correction of which during the process would enable the application (which is being opposed) to be corrected and improved. An objector is entitled to rely on the decision-maker to identify such gaps or omissions and retains an entitlement to complain to the court (for the first time) if that is not done.

20.     As regards a complaint of irrationality or disproportionality, generally such a complaint can only be articulated after the event in the sense that an applicant can only compare the extent to which the precise decision and the stated reasons can be deemed to be open on the evidence once that decision and reasons are actually available, so there is not obligation to submit in advance to a decision-maker that the decision would be disproportionate or irrational unless a particular outcome was arrived at. But at the same time, the material by reference to which the decision is said to be irrational is that before the decision-maker, not new material.

24.     Aighnítear thar ceann an Iarratasóra nach bhfuil an coinníoll teanga, a chuir an freagróir leis an gcead a dheonaigh sé, sásúil toisc nach bhfuil céatadán cinnte tithe nó caighdeán cinnte Gaeilge i gceist. Dar leis an Iarratasóir, tá sé fágtha faoin bhforbróir na sonraí seo a aontú in éineacht leis an gComhairle Contae. Áitítear that cheann an Iarratasóra gurb ionann é seo agus tarmligean neamhúdaraithe i ndáil le cumhachtaí agus le dualgais an fhreagróra.

25.     Mar aon leis sin, áititear thar ceann an Iarratasóra nár thug an Bord aird chuí ar na haighneachtaí thar ceann Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, toisc nach raibh aistriúchán Béarla ar fáil orthu ar an gcomhad. In ionad sin, bhraith an Freagróir ar an gcoimre ón gCigire, ach dar leis an Iarratasóir, tá lochtanna éagsúla ag baint leis an dTuairisc sin. Níl aon tagairt déanta sa cháipéis sin ar imní an Iarratasóra faoi gan na cáilíochtaí cuí a bheith ag an Uasal Brogan. Déantar an agóint, mar sin, go raibh an t-Iarratasóir faoi míbhuntáiste mar gheall ar seo, agus gur sháraigh sé seo ceartas aiceanta go sonrach audi alteram partem.

26.     De réir aighneachtaí an Iarratasóra, aighnítear go bhfuil tarmligean ultra vires déanta ag an mBord toisc go bhfuil ceisteanna bunúsacha polasaísa choinníoll teanga (Coinníoll 2) fágtha faoin bhforbróir a shocrú leis an gComhairle Contae mar comhaontú seachas iad a leagan síos go soiléir é féin: líon na dtithe a chuirfear go leataobh do chainteoirí Gaeilge, an caighdeán Gaeilge a theastóidh agus conas a mheasfar é, agus an fad a leanfaidh an coinníoll. Déantar tagairt do Boland v an Bord Pleanála [1996] 3 IR 435, cás ina leag an Chúirt Uachtarach síos na critéir lena meastar an ceadmhach don Bhord ábhar a tharmligean le haontú idir an forbróir agus an chomhairle contae:

          The criteria to which the Board was entitled to have regard in deciding whether to impose a condition leaving a matter to be agreed between the developer and the planning authority are:-

(a)     The desirability of leaving to a developer who is hoping to engage in a complex enterprise a certain limited degree of flexibility having regard to the nature of the enterprise;

(b)     The desirability of leaving technical matters or matters of detail to be agreed between the developer and the planning authority, particularly when such matters or such details are within the responsibility of the planning authority and may require redesign in the light of practical experience;

(c)      The impracticability of imposing detailed conditions having regard to the nature of the development;

(d)     The functions and responsibilities of the planning authority;

(e)     Whether the matters essentially are concerned with off-site problems and do not affect the subject lands;

(f)      Whether any member of the public could have reasonable grounds for objecting to the work to be carried out pursuant to the condition, having regard to the precise nature of the instructions in regard to it laid down by the Board and having regard to the fact that the details of the work had to be agreed by the planning authority.

(i)     Mionnscríbhínn Éanna Uí Chróinín (ÉOC 1)

27.     Is innealtóir sibhialta cáilithe é Éanna Ó Cróinín. Is é Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn chomh maith. Dar leis:

          Is gá go mbeadh tionchar chun feabhais ag gach forbairt nua sa Gaeltacht ar úsáíd na Gaeilge agus is gá measúnaithe tionchar teanga le cruthú go mbeadh tionchar chun feabhais ag aon fhorbairt tithíochta moltaí maidir le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge. Tá na polasaithe sin leagtha amach i bPlean Forbartha na Mí. Aighníonn sé go bhfuil bunús reachtúil leis na forálacha sin, agus go bhforáiltear leis na hAchtanna Pleanála ag alt 10(2)(m)
“… lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha”. Dar leis, téann an fhóráil sin níos faide ná dualgas chun an Ghaeilge a chosaint nó an dochar a dhéanfaí di a mhaolú.

          Mar aon leis sin, tagraíonn sé do mhír 14 den Cheathrú Sceideal de na hAchtanna Pleanála:. Deireann an chuid seo gur féidir cead a dhiúltú chun oidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta a chosaint
:  “go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe dochar d’oidhreacht teanga nó chultúir Gaeltachta”.

28.     Maidir leis an gceist faoi cháilíochtaí údair na Measúnachta Teanga, maíonn Ó  Cróinín go bhfuil sé “intuigthe” gur duine leis an gcáilíocht chuí sa tsochteangeolaíocht nó sa phleanáil teanga a scríobhfeadh measúnacht tionchair teanga le haghaidh próisis mar seo. Braitheann Ó Cróinín ar mhionnscríbhinn an Ollaimh Ó Giollagáin chun an agóint a dhéanamh nach raibh údar na Measúnachta, an tUasal Brogan, cáilithe go cuí len í a scríobh nó le tuairim a thabhairt maidir leis an tiochar a bheadh ag an bhforbairt maidir le úsáíd na Gaeilge i Ráth Cairn. Déanann Ó Cróinín macalla ar mhionnscríbhinn Uí Ghiollagáin chun a rá, ag mír 56 go ndéanfaidh an chead pleanála seo “
tionchar chun mór-dhochair, seachas chun feabhais, rud a sháróidh Plean Forbartha na Mí agus Polasaí an Rialtais”. 

29.     Maidir le próifíl teangeolaíoch an cheantair, tagraíonn Ó Cróinín do shuirbhé innealtóra teangeolaíoch dá chuid, atá mar Aguisín B le haighneacht an Iarratasóra. Dar leis an dtuairisc sin, tá 143 cainteoirí laethúla Gaeilge i Ráth Cairn as líon iomlán de 223 duine, .i. 64%. Tá an phobail ar tháirseach 67% de dhaonra iomlán an phobail a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Dar le mionnscríbhinn Ó Cróinín, tá cúrsaí teanga “
an-leochaileach” i Ráth Cairn, agus mar sin cuirfeadh an forbairt isteach go mór ar chúrsaí teanga san áit. Maidir leis an dteach aíochta, deir sé go mbeidh sé mar “institúid Bhéarla”, agus go “gcuirfidh sé brú ar an gcleachtas teangeoáíoch” i Ráth Cairn. Mar aon leis sin, níor tógadh ach 40 teach i nGaeltacht Ráth Chairn. Ag mír 97, deir sé nach bhfuil fonn ar mhuintir na háite go dtógtar 30 teach nua d’aon léim amháin, go háirithe nuair is béarlóirí don chuid is mó a rachaidh chun cónaithe iontú.

30.     Maidir le cinneadh an Bhoird Pleanála, tagraíonn Ó Cróinín don tuairisc a scríobh an Cigire Sinsearach. Dúirt an Cigire “
go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe isteach ar charachtar an tsráidbhaile Ráth Chairn agus go mbeadh sí dochar d’oidhreacht teanga agus chultúir na Gaeltachta i gContae na Mí”. Níos déanaí sa tuairisc, scríobh an Cigire “
go dtarlódh soláthar iomarcach tithíochta chun riachatnais áitiúla a sholáthar i dtreo a sháródh cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta”. Dar leis an Uasal Ó Cróinín ag mir 100, thug an Freagróir neamhaird ar an dtuairisc seo, agus roghnaigh sé brath ar an measúnacht tionchair teanga cé go raibh sé “lochtach”. Mar sin, tháinig siad ar an gconclúid go gcuirfí caighdeán cuí i bhfeidhm, ach gan aon fhianaise mar thaca leis.

31.     Cuireann Ó Cróinín i leith an Fhreagróra an fhreagracht maidir le coinníoll teanga a leagan síos a thréigean toisc go bhfágtar faoin iarratasóír ar chead pleanála an coinníoll teanga maidir le 70% de na tithe a choimeád do chainteoirí líofa Gaeilge a aontú. Deir sé gur coinníoll teanga “
in ainm amháin” atá i gCoinníoll Uimhir a 2, toisc gur féidir é a chaolú nó a chealú trí chomhaontú a dhéanamh idir an t-Iarratasóir ar chead pleanála agus an t-Údarás Pleanála. Cuireann sé i leith an Fhreagróra go bhfuil an Freagróir ag tréigint a cuid dualgas mar sin. 

(ii)    Aighneachtaí Chonchúir Uí Ghiollagáín

32.     Caitheann Ó Giollagáin amhras ar cháilíochtaí an Uasail Brogan, údair na Measúnachta Tionchar Teanga. Dar leis, níl aon fhianaise ann go sásaíonn an tUasal Brogan na riachtanais atá leagtha amach sa Phlean Teanga maidir le cháilíochtaí údar na Measúnachtaí Tionchar Teanga.

33.     Mar aon leis sin, áitíonn Ó Giollagáin go bhfuil bunlochtanna ar an measúnacht é féin. Deirtear go mbraitheann sé ar fhíricí míchearta chun a léiriú go bhfuil staid na Gaeilge ag dul in olcas i Ráth Cairn. Mar shampla, deir an mheasúnacht nach bhfuil ach 15.9% de dhaonra Ghaeltacht na Mí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais. Soiléiríonn Ó Giollagáin nár chóir an fíric seo a úsáid toisc go gcuimsíonn sé na cainteoirí atá lonnaithe i mBaile Ghib, agus nár chóír an dá áit a mheas mar aonad amháin sóisialta le haghaidh an cháís seo.

34.     Maidir leis an teach aíochta, deir Ó Giollagáin nach bhfuil aon choinníoll teanga leagtha amach ag an mBord Pleanála. Aontaíonn sé le tuairim an Chigire Shinsearaigh, go ndéanfaidh an teach aíochta dochar d’fhorbairt na teanga i Ráth Chairn. Dar leis, níor fhorchuir an mheasúnacht aon choiníoll teanga leis an gcead pleanála.

35.     Ó thaobh an eastáit tithíochta de, áitíonn Ó Giollagáin go ndéaneann an mheasúnacht neamhaird ar an bPlean Forbartha toisc go bhfuil sé bunaithe ar fhíricí míchearta. Dar leis:

          “léiríonn an tUasal Brogan míthuiscint iomlán ar a dtárlaíonn nuair a chuirtear cainteoirí Gaeilge agus chainteoirí gníomhacha an Bhéarla in éíneacht”.

          Léiríonn Ó Giollagáin imní go ndéanfar dochar do stádas na Gaeilge más rud é go dtógfar an teach de réir mar atá leagtha amach sa phlean, agus go bhfuil “
míthuiscint iomlán” léirithe ag an Uasal Brogan “
ar dhinimic an chomhshamhlaithe soch-chultúrtha a bhaineann le mionlach teanga i ngleic le mórlach teanga”.

36.     Aontaíonn Ó Giollagáin le cur chuige suirbhé an Uasail Ó Cróinín. Aighníonn sé go dealraíonn an mheasúnacht dó go bhfuil gá ann “
do mheasúnacht tionchair teanga de bhun an Phlean Forbartha a chruthú go gcabródh forbairt bheartaithe le líon na gcainteoirí Gaeilge go háitiúil a thógáil … thar thairseach an 67%”. Áitíonn sé go gcuirtear isteach ar “cothromaíocht éagobhsaí an dátheangachais” nuair a chuirtear aonaid chónaithe mar seo taobh le taobh, agus go ndéantar dochar maidir le “seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin”. Tagraíonn sé d’fhianaise ó áiteanna ar fud an domhain, chun a rá go gcuirtear an teanga mhionlaithe faoi míbhuntáiste i lonnaíocht ar nós eastát tithíochta nuair atá meascán de theangacha ann.  Mar achoimre, áitíonn Ó Giolleagáin go raibh an mheasúnacht “easnamhach” mar gheall ar (i) éagmais cáilíochtaí an údair; (ii) an chaoi nach gcomhlíonann sé na riachtanais atá leagtha amach sa Phlean Forbartha.

(iii)   Aighneachtaí an Comharchumann chuig an gComairle Contae

37.     Braitheann an Comharchumann ar Uimhir 15 de na Treoirlínte Pleanála. Dar leis na Treoirlínte:

(i)      Development proposals in Gaeltacht areas have a positive impact on the linguistic and cultural heritage – some forms or scales of development may have to be discouraged:

(ii)      The needs of the community in land-use terms for housing, jobs, recreational and community facilities are clearly identified and provided for. Housing strategies should have particular regard to the needs of Gaeltacht residents.

          Chomh maith leis sin, tagraíonn an Comharchumann don slocht seo ó Iarscríbhinn C de na Treoirlínte: ‘
A population where immigration of non-Irish speakers is limited to a scale that would not impinge on the integrity of the Irish-speaking population’.

          Mar sin, an phríomh-argóint atá ag an gComharchumann ná go dtiocfaidh méadú mór ar líon na béarlóirí sa cheantar dá gceadófaí an fhorbairt seo, agus is é an toradh a bheadh ar sin ná pobal labhartha Gaeilge sa cheantar a scriosadh. 

38.     Aighníonn an Comharchumann go ndearna an tUasal Brogan ‘mí-léamh’ ar aighneachtaí an Chomharchumainn agus go bhfuil easpa iomlán eolais aige maidir leis an nasc atá ann idir cúrsaí pleanála, caomhnú na Gaeltachta agus na dualgais reachtúla atá ar an údarás pleanála ina thaobh. Caitheann an Comharchumann amhras ar na haighneachtaí a cuireadh isteach ag tacú leis an bhForbairt, ag maíomh go bhfuil ‘cuma na coimhlínte leasa’ar chuid acu.

39.     Maíonn an Comharchumann nach bhfuil éileamh áitiúil ar an bhforbairt bheartaithe seo, mar is le béárlóirí a líonfar iad”. Dar leis an gComharchumann, téann an fhorbairt in aghaidh Pholasaí RD Pol 28 den Phlean Forbartha agus an dualgas faoin bPlean ta Forbartha ‘to ensure that all new developments in the Gaeltachts have a positive impact on the use of Irish in the area’. Maidir leis an dteach ósta, maíonn an Comharchumann nach mbíonn éileamh ar lóistín sa cheantar ach ó am go ham, nuair a bhíonn féíltí ar siúl ann. Dar leo, níl fostaíocht ag teastáil ó mhuintir Ráth Chairn faoi láthair agus ní bheidh poist sa theach ósta ag teastáíl uathú toisc nach bhfuil easpa fostaíochta ann.

40.     Ag mir 18, aighníonn an Comharchumann nach raibh an tUasal Brogan i gceart ag mir 32 den mheasúnacht tionchar teanga, nuair a d’úsáid sé an figiúr 15.9% chun cur síos a dhéanamh ar chéatadán daonra Ghaeltacht na Mí a bhfuil an Ghaeilge á úsáid acu go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dar leo, is é 44.7% an figiúr ceart le haghaidh seo. Tagraíonn siad chomh maith do thuairisc innealtóra a léiríonn gurb é 64% an céatadán cainteoirí Gaeilge laethúla i lár Ghaeltacht Ráth Chairn, san áit ina bhfuil sé beartaithe na tithe agus an teach ósta a thógáil. Dar leis an gComharchumann ag mír 19, ba chóir breathnú ar An Staidéar Cuimhsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le Ó Giollagáin agus Mac Donncha, chun a fheiceáil “gur gá 67% mar chéatadán cainteoirí Gaeilge go mbeadh pobal Gaeltachta inmharthana”.

41.     Maidir leis an gceist faoi na coinníollacha teanga, maíonn an Comharchumann nach bhfuil baint ag na coinníollacha atá molta ag an bhforbróir le cumas teanga na n-áithritheoirí nua. Léiríonn an Comharchumann imní nach mbeidh ach 50% de na lonnaitheoirí nua in ann an Ghaeilge a labhairt, agus go mbeidh formhór den lucht nua ag brú Béarla ar lucht labhartha na Gaeilge go háitiúil. Dar leo ag mir 22, ní luaitear an caighdeán Ghaeilge a theastódh nó conas a dhéanfaí iad a mheas, agus go bhfuil sé riachtanach go mbeidh 80% de na haithritheoirí nua ina gcanteoirí laethúla Gaeilge agus go mbeadh sé coiscithe na tithe a dhíol ar aghaidh ach le Gaeilgeoirí. Agus anuas air sin, deir an Comharchumann go gcaithfidh sé go mbeadh an uimhir seo níos airde, ag 90%, toisc nach ionann cumas sa teanga agus a bheith i do chainteoir laethúil Gaeilge. Éilíonn siad pleanáil cháiréiseach thar thréimhse fhada ama.

42.     Chomh maith leis sin, maíonn an Comharchumann go gcuirfear isteach ar ‘
chothromaíocht éagobhsaí an dátheangachais’ nuair a dtógtar tithe i dteannta a chéile sa chaoi seo. Dar leo, is minic a bhíonn an bua ag an mBéarla.

43.     Aighníonn an Comharchumann go bhfuil iarrachtaí déanta acu cheana féin Gaeilgóirí a mhealladh chun cónaí sa cheantar, ach níl éileamh ann agus tá sé deacair daoine a aimsiú mar sin.

44.     Toisc go bhfuil an Comharchumann ‘
charged with the development of Gaeltacht areas’, aighníonn siad go bhfuil sé de dhualgas orthú an sprioc seo a bhaint amach. Mar sin, iarrann an Comharchumann ar Chomhairle Contae na Mí diúltú don iarratas pleanála de bhun CER POL 2 agus RD POL 2, toisc go ndéanfadh an fhorbairt dochar do stádas agus úsáíd na Gaeilge sa cheantar.

(iv)   Aighneachtaí an Comharchumann chuig an mBord Pleanála

45.     Tar éis dóibh cur síos a scríobh ar chúlra stairiúíl Ghaeltachtaí na Mí agus Ghaeltacht Ráth Cairn, déanann siad cur síos ar phróifíl theangeolaíoch Ghaeltacht Ráth Chairn. Dar leo, tá 45% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, agus i gcroílár an cheantair is cainteoirí laethúla iad 64% den phobal. Dar leo, tá an figiúr sin “an-leochaileach’mar is gá go mbeadh 67% de dhaonra an phobail ina gcainteoirí laethúla Gaeilge go mbeadh úsáid na Gaeilge ag leibhéal seasta. Tá an figiúr seo tógtha ó Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (Ó Giollagáin & Mac Donnacha (2007) Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ag lch 146-7). Mar sin, dar leo ag lth 107, gur chóir go mbeifear ag súil le chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú thar 67% i Ráth Cairn. 

46.     Ansin, leagtar amach na hAchtanna Pleanála agus Forbartha sa mhéid is a dhéanann siad tagairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tagraítear d’alt 10 de na hAchtanna Pleanála. Chomh maith leis sin, tagraítear do mhír 14 den gCeathrú Scideal den Phríomh Acht, mar fhianaise gur féidir cead a dhiúlrú chun oidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta a chosaint:

          Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mbeidh Cúiteamh Iníoctha ina leith:

14.     Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe dochar d’oidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta

          Ina theannta sin, luann siad mír 8 den gCeathrú Sceideal den Phríomh- Act:

          Coinníollacha is féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Dheonú Ceada chun Talamh a Fhorbairt

          Aon fhoráil a bhaineann le hoidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta a chosaint

47.     Ag lth 108, leagtar amach sliocht ón gCreat Náisiunta Pleanála ‘Éire 2040 – An Tionscadal’, a bhaineann leis an Ghaeltacht:

          Is ionann an próiseas pleanála teanga, a leagadh síos leis an Acht Gaeltachta 2012, agus an phríomhghné spreagtha a thacaíonn le gealltanas an Rialtanais chun na cuspóirí a bhaint amach atá leagtha amach sa straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge 2010-2030. Is é atá i gceist leis an gcéad chéim den phróiseas, ar cuireadh tús leis i 2014, ná ullmhú pleananna teanga ar leibhéal pobail ar fud 26 Ceantar Gaeltachta agus Pleanála Teanga agus na pleananna a chur I bhfeidhm ina dhiaidh sin. Tá sé beartaithe freisin aitheantas reachtúil a thabhairt do suas le 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta, ar bailte iad atá suite go straitéiseach laistigh de Cheantair Pleanála Teanga agus gar dóibh agus ina bhfuil seirbhísí poiblí a úsáideann pobail Ghaeltachta suite.

          Foráiltear san Acht freisin le Líonraí Gaeilge a shainiú de cheantair atá lasmuigh den Ghaeltacht agus ina bhfuil tairseach chriticiúil de bhonneagar bainteach le teanga ar nós naionraí agus bunscoileanna agus meánscoileanna lán-Ghaeilge.

          Tá sé ríthábhachtach ó thabobh choimeád na Gaeilge mar theanga labhartha na Gaeltachta agus an teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht go gcuirfí tacaí leanúnacha ar fáil don phróiseas pleanála teanga agus go ndéanfaí tacaíocht a neartú don údarás forbartha Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta.

          Cuspóir Beartais Náisiúnta 29: Tacú le cur i bhfeidhm pleananna teanga i gCeantair Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge.

48.     Ag lth 109, leagann an Comharchumann na sliochtanna chuí ón bPlean Forbartha Chontae na Mí amach:

          It is the policy of Meath County Council:

          RD POL 28 To ensure that all new development in the Gaeltachts have a positive impact upon the use of Irish in the area and the cultural heritage of the area, whilst seeking to realise their economic and development potential in a balanced and sustainable manner over the lifetime of the Plan

          It is an objective of Meath County Council:

          RD OBJ 6   To require that a ‘Linguistic Impact Study’ be carried out before any application for housing (for single and multiple housing developments) is considered within the Gaeltacht Area. Such a study, by reference to the linguistic background of intended users or occupants, or identification of its relationship with linguistic or cultural development objectives of groups associated or charged with the development of Gaeltacht areas will need to prove that a given proposal will have a positive impact upon the promotion and use of Irish as the language of the community.

49.     Ag lth 110, déanann an Comharcumann cur síos ar an Ghaeilge agus an t-iarratas pleanála atá faoi thrácht sa chás seo. Deir siad nach bhfuil sé soiléir go bhfuil cáilíocht nó cúlra sa phleanáil teanga nó sa tsochtheangeolaíocht ag údar na Measúnachta Tionchar Teanga. Aighníonn an Comharchumann nach raibh údar na Measúnachta, an Úasal Brogan, i gceart nuair a mhaígh sé go raibh 15.9% de dhaonra Ghaeltacht na Mí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais. Dar leis an gComharchumann, figiúr íosta atá ann, a chuimsíonn Baile Ghib chomh maith le Gaeltacht Ráth Chairn ina hiomláine agus na ceantair imeallacha san áireamh. Dar leo, ba chóir dóibh breathnú ar an gcleachtas teanga. Tá na tábla leis na figiúrí ar fad ar fáil ar lth 111. Áitíonn an Comharchumann nár chóir an 15.9% a úsáid toisc gur dhá phobal éagsúla iad Ráth Chairn agus Baile Ghib agus ‘is beag an teagmháil eatarthu’.  Mar sin, níor chóír an dá áit a mheas mar aonad amháin sóisialta nó teangeolaíoch toisc go bhfuil ‘an Ghaeilge níos láidre i Ráth Chairn ná i mBaile Ghib’. Ag lth 11, deir an Comharchumann go bhfuil an Measúnacht Tionchar Teanga “lochtach ó bhonn”.

50.     Idir lth 111 agus lth 115, leagtar tuairisc innealtóra Éanna Uí Chróinín amach, a chuimsíonn píchairt le staitisticí a bhaineann le líon na nGaeilgeoirí sa cheantar.

51.     Idir lth 115 agus lth 121, forbraítear ar na hagóíntí atá á dhéanamh acu maidir leis an tionchar diúltach a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe seo ar cheantar Ráth Chairn. Luaitear go bhfuil muintir na háite ar tháirseach 67% de dhaonra iomlán an phobail ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, agus go bhfuil dualgas ann de bhun na hAchtanna Pleanála agus de bhun Bheartas an Stait agus an Rialtais tacú leis sin, in ionad “tacú le scéim forbartha a bhainfeadh an croí as an gceantar Gaeltachta seo’. Anuas air sin, áitíonn siad go gcuirfeadh an teach ósta bheartaithe isteach ar chúrsaí teanga na háite, toisc go gcreideann siad go réachtálfaí trí Bhéarla é.

52.     Mar aguisíní leis an aighneacht, ceanglaítear litreacha ó institiúidí agus gnólachtaí sa cheantar a dhéanann cur síos ar na deacrachtaí atá acu obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus baill foirne Ghaelacha a aimsiú, a fhostú agus a choinníoll.

53.     Deirtear aríst ag lth 116 gurb ionann 30 teach agus 77 duine nua, nó ardú 35% ar dhaonra an cheantair d’aon léim amháin ‘gan fianaise ar bith go bhfuil éileamh áitiúil dá leithéid ná fianaise ar bith go bhféadfaí eachtra den saghas sin a bhainistiú ‘
to have a positive impact on the use of Irish in the area’ mar a deir an Plean Forbartha ag RD POL 28. Dar leis an gComharchumann, ní dhéanann na coinníollacha teanga aon rud chun a n-imní a mhaolú. Níl baint ag na coinníollacha teanga leis an gcaighdeán Ghaeilge a bheidh ag na lonnaitheoirí nua, nó conas an caighdeán sin a mheas. Tá imní orthú go gcuirfí brú ar an mBéarla sa cheantar dá bhrí sin. Mar sin, dar leo, ba choir go mbeadh 80% de na lonnaitheoirí nua ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus cosc a chur ar na tithe a dhíol ach le chainteoirí Gaeilge amháín.

54.     Luaitear ar lth 117 go gcuirtear isteach ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin nauir a bhíonn páistí ag sugradh le chéile agus an Béarla á labhairt acu. Úsáideann siad ráiteas Uí Ghiollagáin (in aguisín C) mar thacaíocht leis an dearbhú sin.

55.     Maidir leis an Mheasúnacht Tionchar Teanga, áitíonn an Comharchumann nach bhfuil a dhóthain cainteoirí Gaeilge sa cheantar chun a bheith cinnte go rithfí an teach ósta trí Ghaeilge. Ní thagann líón mór daoine ann seachas le linn féilte éagsúla ó cheann ceann na bliana. Deir siad aríst nach bhfuil easpa fostaíochta sa cheantar ach an oiread, agus go bhfuil cead pleanála faighte ag an gComharchumann chun an tÁras Pobail a athchóiriú chun an easpa áiseanna soisialta a shárú. Mar sin, áitíonn siad nach bhfuil teach ósta ag teastáil.

56.     Ag lth 119, deirtear gur theip ar an measúnacht tionchar teanga “a chruthú go rachaidh an fhorbairt mholta chun leas ana Gaeilge go háitiúil agus ní foláir don Bhord diúltú dó dá réir”. Cuireann siad an béim ar an gcaoi, dar leo, go bhfuil an dualgas ar an bhforbróir de bhun RD OBJ 6 den Phlean Forbartha an cás sin a chruthú. Mar sin, impíonn siad ar an mBord Pleanála diúltú don iarratas atá á dhéanamh ag an bhforbróír.

57.     Tagraíonn an Comharchumann, ag lth 119, do Ghaeltacht Chonamara agus an chaoi go bhfuil coinníollacha teanga de 80% crutha i bhfeidhm ann mar fhaianaise gur “ghá 90% de na tithe a chur go leataobh dóibh siud amháin a bhfuil líofacht sásúil i dteanga na Gaeilge acu”. Ó thaobh cumais teanga de, molann siad gur gá inniúlacht ar a laghad B2 sa Ghaeilge labhartha faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha mar chaighdeán inghlactha do na lonnaitheoirí nua ionas go mbeidh siad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá a bhaineann le réimse leathan ábhar, de réir an Fhráma sin

58.     Mar chonclúid, áitíonn an Comharchumann gur ghá díriú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú thar an 67% i nGaeltacht Ráth Chairn chun aidhmeanna Plean Forbartha na Mí a chomhlíónadh agus chun tionchar chun feabhais a thabhairt seachas “plandáil tubaisteach den chineal seo arbh ionann é agus buama núicléach i ndáil le labhairt na Gaeilge san áit seo”.

Aighneachtaí Thar Cheann an Fhreagróra

59.     Mar réamhagóid, áitíonn an Freagróir nach raibh an t-Iarratasóir gonta go leor agus na forais is gá mar fhoras le haghaidh athbhreithniu breithiúnach á scríobh aige. Braitheann sé ar an sliocht seo ó McMenamin Brmh sa chás Babington v Minister for Justice, Equality and Law Reform:

          “What is required is simply a succinct statement of the grounds. It is open to an applicant to furnish particulars of each ground so as to ensure that the court will be aware of the precise details of the case. What is not required, however, Is that each ground should be reformulated in a number of different ways.”

          Dar leis an bhFreagróir, ní raibh Ráiteas an Iarratasóra gonta mar is ceart. Mar aon leis sin, áitíonn an Freagróir “nach forais in aon chor iad uimhreacha 27-35 den Ráiteas sin. Tá an Freagróir ag iarraidh go dtugtar neamhaird ar na forais ag uimhreacha 26,27,28,29,30,31,32,33,34 agus 35 den Ráiteas is gá mar fhoras le haghaidh athbreithniú breithiúnach nó iad a scriosadh amach go hiomlán.  Mar réamhagóid eile, aighnítear thar cheann an Fhreagróra gan an urghaire atá á lorg ag an Iarratasóir ag cur cosc le h-aon oibreacha de bhun cinneadh agus ordú an Fhreagróra, go dtí go n-éistear agus go dtugtar an breithiúnas deiridh san athbhreithniú breithiúnach seo a cheadúint. Deir an Freagróir nach bhfuil aon “bhunús” an urghaire a lorg sna himeachtaí seo a dheonú.

60.     Maidir le mhionnscríbhinn Ó Giollagáin, agus an agóint atá á dhéanamh ag an iarratasóir chun iad a chur faoi bhráid na Cúirte sna himeachtaí seo, aighnítear thar cheann an Freagróir nach bhfuil cead acu ábhar nua agus “ábhar nach raibh faoi bhráid an fhreagróra” a chur faoi bhráid na Cúirte. Deirtear nach raibh an cháipéis iomlán sin faoi bhráid an Fhreagróra agus é ag déanamh a chinneadh. Braitheann sé ar bhreithiúnas Haughton Brmh I People Over People Over Wind v An Bord Pleanála [2015] IEHC 271 ag mir 35 agus an cheist seo á phlé aige:

          “… the court took the view that any affidavit evidence containing new material which was not before the respondent could not be considered by the court in a judicial review challenge to a decision of the respondent. 

          Leanann an sliocht ar aghaidh mar seo:

          “… for the court to entertain material that was not placed before the respondent runs the risk of subverting the role of the court in proceedings of this kind. The court is not engaged in a de novo hearing. The court does not itself carry out an appropriate assessment”.

          Mar sin, aighnítear thar cheann an Fhreagróra nach bhfuil sé fíor go gcuideoidh fianaise Ó Giollagáin an Chúirt anailís a dhéanamh ar chaipéisí a bhí faoi bhráid Boird an fhreagróra agus ar chinneadh an fhreagróra ag eirí astu. Dar leis an bhFreagróir
, “is iarracht é seo fianaise nua ón Ollamh a chur ós comhair na Cúirte agus níl sé sin ceadaithe”. Toisc nach raibh ach ráiteas gearr ó Ó Giollagáin curtha ós comhair an Fhreagróra, deirtear thar cheann an Freagróra ag Alt 21, go bhfuil an t-Iarratasóir ag iarraidh fianaise nua a chur ós comhair na cúirte mar sin agus nach bhfuil sé sin ceadaithe. Aighnítear gurb é an prionsabal ginearalta ná nach féidir fianaise “nua” nach raibh faoi bhráíd an fhreagróra a chur ós comhair na Cúirte, agus nach dtagann fianaise an Ollaimh Ó Giollagáin taobh istigh de na h-éisceachtaí atá leagtha amach sa chás Reid v An Bord Pleanála [2021] IEHC 230, a bhfuil an t-Iarratasóir ag iarraidh brath air.

61.     Dar leis an bhFreagróir, ba chóir míreanna de Mhionnscríbhinn Éanna Uí Chróinín a scriosadh amach. Ceistíonn an Freagróir cáilíochtaí Ó Cróinín chun “suirbhe innealtóra teangeolaíoch” a dhéanamh. Aighnítear freisin nach bhfuil an suirbhé neamhspleách ach an oiread, agus nach féidir leis an gCúirt taighde Ó Croinín a ghlacadh mar fhianaise shaineolach. Mar sin, deirtear thar cheann an Fhreagróra gur chóir don Chúirt neamhaird a thabhairt ar mhíreanna 80-98 den mhionnscríbhinn, nó iad a scriosadh amach go hiomlán. Chomh maith leis sin, tá an Freagróir ag iarraidh go dtugtar neamhaird ar míreanna den dara mhionnscribhínn ón t-Uasal Ó Cróinín toisc go bhfuil sé “fada agus athráiteach”, agus gur athmhunlú ar an gcéad mhionnscríbhínn agus ar an ráiteas is gá atá I gceist leis. Áirítear ceist faoi thábhacht na gontachta freisin (mír 27).

62.     Déanann an Freagróir iarracht príomh-ghearáin an Iarratasóra a fhreagairt:

          Maidir leis an gceist faoin Measúnacht Tionchar Teanga agus cáilíochtaí Údair na Measúnachta, aitítear thar cheann an Fhreagróra nach leagtar amach sa reachtaíocht cén sórt cáilíochtaí atá ag teastáil chun measúnacht tionchair teanga a scríobh. Deirtear gur sainchomhairleoir pleanála agus forbartha atá ann, agus gur fheidhmigh an freagróir intra vires nuair a shocraigh siad go raibh an t-Uasal Brogan cáilithe go leor lena ullmhú. Iarrann an Freagróir ar an gCúirt an chás Ní Chonghaile v Comhairle Chontae na Gaillimhe [2004] IR 138 a idirdhéalú toisc nach raibh baint ag an gcás sin le ráiteas tionchar teanga mar atá ag an gcás seo. (féach ar mír 33). Tagraíonn an Freagróir don chás Kenny v An Bord Pleanála (No. 1), cás ina dhéantar plé ar mheasúnacht tionchar timpeallachta. Sa chás sin, dúirt McKechnie Brmh:

          “Once the statutory requirements have been satisfied I should not concern myself with the qualitative nature of the Environmental Impact Study or the debate on it had before the inspector”

          Chomh maith leis sin, luann sé cás Craig v An Bord Pleanála [2013] IEHC 402, go háirithe sliocht ó Hedigan Brmh ag mir 147:

          “the adequacy of an EIS is thus clearly a matter for the board which is the decisionmaker… The assessment of the adequacy of the EIS is a factual matter involving considerable expertise in planning. It is classically a specialist matter upon which an expert body must decide…”

          Agus ag mir 149 ó bhreithiúnas Hedigan Brmh:

          “the adequacy of the assessment by the Board of the EIS is not something this Court needs to consider further”.

          Mar fhreagra ar iarrachtaí an Iarratasóra an chás Reid a úsáid chun a agóint  nach raibh údar na Measúnachta cáilithe go cuí chun í a scríobh, aighnítear nach an argóint sin cruinn, toisc “nach bhfuil aon fhoráil ghaolmhar de réir dhlí an tAontas Eorpach a bhaineann le measúnacht tionchair teanga.”.

          Mar fhocal scoir, tugtar barúil thar cheann an Fhreagróra go raibh “
deis ag an t-Iarratasóir a mheasúnacht tionchar teanga féin a ollmhú agus a chur faoi bhráid an fhreagróra. In ainneoin go raibh an deis sin acu agus go raibh, dar leo, saineolaí cuí acu chun ceann a ullmhú, níor ullmhaigh siad ceann”.

63.     Maidir le cheist an tarmligin neamhúdaraithe, séantar thar cheann an Fhreagróra “gur coinníoll teanga in ainm amháin atá sa choinníoll teanga a chuir an Fhreagróir leis an cead pleanála”. Deirtear thar cheann an Fhreagróra go raibh an t-Údarás Pleanála sásta le coinníoll a d’eileodh go gcoimeadfaí 50% de na tithe do chainteoií líofa Gaeilge, ach “
go ndeacha an freagróír níos faide ná sin le coinníoll a d’eileodh go gcoiméadfaí 70% de na tithe dóibh siúd ar féidir leo a léiriú go bhfuil inniúlacht acu sa teanga”. Mar sin, aigníonn an Freagróir gur sháraigh an Bord an coinníoll a bhí leagtha amach ag an Údarás Pleanála ar dtús.

64.     Tá sleacht éagsúla den choinníoll teanga leagtha amach ag an bhForbróir idir mír 44-47, agus déantar an argóint go bhfuil sé de chead ag an bhfreagróir coinníollacha nó ábhar a tharmligean ó am go chéile. Áitítear, mar sin, nach raibh aon tarmligint neamhúdaraithe sa chás seo. Chomh maith leis sin, maítear go bhfuil sé de dhualgas ar an t-údarás pleanála cloí le forais Plean Forbartha na Mí agus é ag déanamh comhaontú leis an bhforbróir faoi Choinníoll Uimh Deirtear go bhfuil sé de dhualgas ar an t-údarás pleanála faoi Phlean Forbartha na Mí “
chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chaomhnú agus an teanga a chur chun cinn mar theanga an phobail.” Deirtear mar sin nár chóir an coinníoll teanga a chealú nó a chaolú. Dar le mír a trí den choinníoll teanga:

          “Cuirfear sonraí de chaighdeán na Gaeilge atá le baint amach agus an tslí a mheasúnofar é sin isteach chuig an údarás pleanáala agus aontófar i scríbhinn iad sula dtabharfar chun críche an comhaontú a leagtar coinníollacha síos maidir leis anseo”.

          Mar sin, séantar thar cheann an Fhreagróra go gceadaítear caighdean ar bith a aontú idir an forbróir agus Comhairle Contae na Mí. Dar leis an bhFreagróir, tá oibleagáid orthu, faoi mír a haon den Choinníoll Teanga, go “
go gcuirfidh an forbróir Ráiteas Tionchair Teanga iomlán ina mbeidh sonraí chomhlíonadh na riachtanais seo isteach chuig an údarás pleanála sula gcuirfear tús leis an bhforbairt”.

65.     Mar fhreagra ar ghearán an Iarratasóra go bhfuil sonraí éagsúla fágtha faoin bhforbróir le réiteach leis an gComhairle Contae, braitheann an Freagróir ar na sleachta seo ó mir 4-230 do Simons on Planning Law a leanas:

          “In Pyx Granite Co Ltd v Minister for Housing and Local Government, Lord Denning stated that although planning authorities are given wide powers to impose such conditions as they see fit, nevertheless valid conditions must fairly and reasonably relate to the development”

          Agus

          “[t]he courts take a pragmatic approach to the interpretation of conditions and it seems that a condition will only be void for uncertainty if it can be given no meaning or no sensible or ascertainable meaning, and not merely because it is ambiguous”.

          Deirtear thar cheann an Fhreagróra go bhfuil an Freagróir i dteideal na sonraí sin a fhágáil faoin bhforbróir le réiteach leis an gComhairle Contae.

66.     Ag lth 20 d’aighneachtaí an Fhreasúra, áirítear sliocht fhada ó Kenny v An Bord Pleanála (No. 1) [2001] 1 IR 565, ina leagtar amach na prionsabail chuí chun ceist faoi tharmligean neamhúdaraithe a réitiú. Aighnítear, mar sin, go bhfuil an Freagróir I dteideal coinníollacha nó ábhar a tharmligean sna cúinsí láithreacha agus nach raibh aon tairmligean neamhúdaraithe i gceist.

67.     Maidir le chúiseamh an Iarratasóra gur sháraigh cinneadh agus ordú an Fhreagróra Plean Forbartha na Mí, áitítear thar cheann an Fhreagróra nár sháraigh an cead pleanála a dheonaigh an freagróir an Phlean Forbartha in aon chor. An sliocht is mó a bhfuil easaontas ann faoi, ná na línte seo a leanas ó Phlean Forbartha na Mí:

          “to ensure that all new development in the Gaeltachts have a positive impact on the use of Irish in the area and the cultural heritage of the area, whilst seeking to realise their economic and development potential in a balanced and sustainable manner over the lifetime of the Plan”.

          Braitheann an Freagróir ar an mheasúnacht tionchar teanga chun an argóint a dhéanamh go n-imreoidh an fhorbairt bheartaithe tionchar chun feabhais maidir le cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i measc muintir na háite. Chomh maith leis sin, luann an Freagróir an sliocht seo ó lch 5 den Ordú Boird:

          “Faoi réir coinníoll a chur san áireamh chun an cheist seo a réiteach go sásúil, mheas an Bord go mbeadh an fhorbairt bheartaithe de réir na gcuspóirí zónála agus ina croí-straitéise, go gcuirfeadh sé le beogacht agus le hinbhanaithe an tsráidbhaile Ghaeltachta trí thithíocht a chur ar fáil do chainteoirí dúchais agus mar sin nach mbeadh aon tionchar sunstasach diúltach aige ar an nGaeilge agus an nGaeltacht”

          Cé go bhfuil an t-Iarratasóir ag iarraidh brath ar an tsliocht sin chun a rá gur sháraigh an cead pleanála a deonaíodh Plean Forbartha na Mí, áitítear thar cheann an Fhreagróra gur chinn an Bord nach mbeadh tionchar diúltach ag an bhforbairt beartaithe. Dar leis an bhFreagróir, “más rud é nach bhfuil tionchair diúltach ag rud is tionchair chun feabhais atá aige”. Anuas ar sin, deirtear thar cheann an Fhreagróra nach bhfuil sé sasúil a cruthú gur saraíodh an Plean Forbartha, ach tá ar an t-Iarratasoir sárú ábharach a chruthú. Dar leis an bhFreagróir, theip ar an Iarratasóir é sin a chruthú. Tá cúpla sleacht ó Simons on Planning Law curtha isteach ag an bhForbróir chun an argóint seo a neartú. Ach mar achoimre, aighnítear nár sháraigh an cead pleanála a dheonaigh an freagróir an Phlean Forbartha go hábharach nó in aon chor.

68.     Maidir le proiséas cinnteoireachta an fhreagróra, séantar thar cheann an Fhreagróra go ndearna an Freagróir neamhaird ar aighneachtaí ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás na Gaeltachta. Dar leis an bhFreagróir bhí an dá rud faoi bhráid an Fhreagróra sular déanadh aon chinneadh. Tagraítear do leathanach 6 den Ordú Boird chun a chruthú gur thóg an freagróir na haighneachtaí sin san áireamh:

          “Agus cétadán na dtithe a choimeádfar do chainteoirí Gaeilge a chinneadh, d’fhéach an Bord do na haighneachtaí ó chomhluchtaí forordaithe agus do na tuairimí triú páirtí … “

          Mar aon leis sin, déanann an Freagróir tagairt do shleachta ó thuairisc an chigire ina luaitear aighneachtaí ón Iarratasóir sa chás seo.

69.     Mar fhreagra le argóint an Iarratasóra go ndeachaigh sé i gcoinne mholadh a chigire shinsearaigh fhéin, áitítear go bhfuil an Freagróír i dteideal é seo a dhéanamh. Braitheann sé ar bhreithiúnas Simons sa chás Halpin (suing by his mother and next friend Eileen Halpin) v An Bord Pleanála [2019] IEHC 352:

“An Bord Pleanála is not bound, as a matter of law, to follow its inspector’s report”.

70.     Maidir le gearán an Iarratasóra gur saraíodh cearta an Iarratasóra faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, áitítear thar cheann an Fhreagróra go bhfuil an dualgas cruthúnais ar an t-Iarratasóir chun an sarú seo a chruthú. Dar leis, níl an fhianaise seo curtha ós comhair na cúirte ag an bhFreagróir. Theip mar sin air an sarú seo a chruthú.

71.     Idir lth 30-35, leagann an Freagróir aighneachtaí Dlí amach a bhaineann le ról na cúirte in iarratas le haghaidh athbhreithniú breithiúnach. Déantar tagairt do bhreithiúnas Baker Brmh in  Ógalas Ltd v An Bord Pleanála [2014] IEHC 487, breithiúnas McKechnie Brmh i Kenny v An Bord Pleanála (No. 1) [2001] 1 IR 565 agus sleacht ón leabhar Simons on Planning Law.

An Dlí

72.     Den chéad dul síos, tá sé tábhachach a mheas má thagann mionnscríbhinn an uasail Uí Ghiollagáin laistigh den chatagóir “fianaise saineolaí”. Tá feidhm an fhinné saineolaigh sainmhínithe mar seo a leanas sa bhreithiúnas Davie v Edinbuirgh Magistrates [1953] SC 34:

          “… to furnish the judge or jury with the necessary scientific criteria for testing the accuracy for their conclusions, so as to enable the judge or jury to form their own independent judgment by the application of these criteria to the facts provided in evidence.”

73.     Tá na riachtanais atá ag teastáil leis an bhfianaise saineolaí le bheith inghlactha liostaithe go soiléir ag Birmingham U. in People (DPP) v Bowe [2017 IECA 250, ag alt 104, mar seo thíos:

          “The courts permit expert evidence in relation to all matters that are outside the scope of the knowledge and expertise of the finder of fact, whether judge or jury. The expert opinion evidence must be evidence which gives the court thehelop it needs in forming its conclusions. The evidence is required to be necessary in the limited sense that it has to provide helpful information which is likely to be outside a judge or jury’s knowledge and experience”.

74.     Níl ag teastáil ach le bheith in ann a thaispeáint, sa chás go bhfuil na cáilíochtaí cuí ag an duine i gceist, nach bhfuil an saineolas ar leith sin atá aige nó aici ag an mbreitheamh ná ag an ngiúiré chomh maith. In Evidence le McGrath, déantar tagairt do bhreithiúnas Pigot CB in McFadden v Murdock (1867) 1 ICLR 211, ag lch 218, ina luaitear

          “the categories calling for specialist knowledge are not closed and expert evidence is admissible ‘wherever peculiar skill and judgment, applied to a particular subject, are required to explain results, or trace them to their causes’.”

          Dá réir sin, fágtar go gcomhlíonann mionnscríbhinn Uí Ghiollagáin, a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht agus leis an bpleanáil teanga i gceantar Ráth Chairn faoi leith, leis na riachtanais atá I gceist chun fianaise a bheith glactha mar ‘fhianaise saineolaí’.

75.     Caithfear é a bhreith an bhfuil mionnscríbhinn Uí Ghiollagáin inghlactha sa chúirt nó nach bhfuil, nó ar cheart dó a bheith fágtha amach as an gcás mar gheall ar gur ‘fianaise nua’ atá ann nach raibh curtha faoi bhráid an chinnteora, is é sin le rá an Bord Pleanála, ag an am a ndearnadh a cinneadh chun an cead pleanála a dheonú leis an bhforbróir.

76.     In Carlow/Kilkenny Ltd & Ors v Broadcasting Commisssion of Ireland [2003] IESC, rinne Rinne Murray B. an cheist maidir leis an bhfollasú in imeachtaí athbhreithniú breithiúnach a bhreith. Cé nach bhfuil an follasú á phlé go díreach sa chás seo againn, luann Murray B. rud suimiúil maidir le fianaise a dhéantar i mionnscríbhinn a bheith inghlactha sa chúirt:

          “… where discovery will be necessary is where there is a clear factual dispute on the affidavits that would have to be resolved in order properly to adjudicate on the application or where there is
prima facie evidence tot the effect either that a document which ought to have been before the deciding body was not before it or that a document which ought to have been before the deciding body was not before it or that a document which ought not to have been before the deciding body was before it”.

77.     Mar sin féin, tá riachtanas ginearálata ann nach mór ceisteann a bheith curtha faoi bhráid an chinnteora den chéad dul síos. Pléitear an riachtanas sin in Reid v an Bord Pleanála [2021] IEHC 230.

78.     Ag Alt 38 in Reid, ceadaíonn Humphreys J eisceachtaí ar an riail maidir leis fianaise gan a bheith inghlactha sa chás gur fianaise nua atá ann nach raibh ar fail ag an gcinnteoir roimh dó a bheith curtha faoi bhráid na Cúirte, agus tá an dara ceann de na heisceachtaí sin ábhartha sa chás seo:

          “the applicant in judicial review is not the applicant before the decision-maker and the point amounts to correcting the other party’s homework or pointing out omissions which would have enabled the application which is being opposed to be corrected and improved; such omissions can be left to the decision-maker to address and if not so addressed can be presented by the objector to the court without having first been raised by the decision-maker.’

79.     Féachaimis anois ar an gcaighdeán is gá chun ordú
certiorari a dheonú.  In Ogalas Ltd. (t/a Homestore And More) v. An Bord Pleanála & ors. [2014] IEHC 487 thug Baker Br. Breithiúas ar an 23 Deireadh Fómhar 2014. Déantar tagairt ann don chás O’Keeffe v. An Bord Pleanála [1993] 1 IR 39:

          “Finlay C.J. at p. 72 identified the threshold which is required to be passed by an applicant in an application for judicial review on the grounds of unreasonableness:

          “I am satisfied that in order for an applicant for judicial review to satisfy a court that the decision making authority has acted irrationally, it is necessary that the applicant should establish to the satisfaction of the court that the decision making authority had no relevant material which would support its decision.”

          In alt 44, déanann Baker Br. tagairt do bhreithiúnas de chuid Charleton Br. in Westorn Ltd. v. An Bord Pleanála [2010] IEHC 255 agus gur mhínigh seisean ábhar a bhí riachtanach d’ábhar dá leithéid mar thacaíocht;

          “The presence in the planning file, including the report to the manager, or in the case of An Bord Pleanála, the report of the inspector, of any material which could rationally justify a refusal … is sufficient to support the lawfulness of a decision.”

          Caithfear a thaispeáint, mar sin, nach raibh sé réasúnta toisc nach raibh siad ábalta a thaispeáint go raibh ábhar roimh an Bhord a bhí ábalta an Bord a threorú chuig an breithiúnas an rinne siad.  Déanann Baker Br. Tagairt do Evans v. An Bord Pleanála, áit a luaigh Kearns J. an cheist don chúirt mar seo a leanas:

          “Was there material upon which the decision maker could make the decision which it did make? If so, was the decision taken one which flew or which flies in the face     of fundamental reason?”

80.     Mar a luann Baker Br. in alt 45 dá breithiúnas, tá ardchaighdeán ann:

“45.   The test then establishes quite a high threshold, the decision will be impugned for lack of reasonableness only if it can be shown that there was no material before a decision making body which could have led it to the conclusion reached. With admirable clarity, Kearns J. in Evans v. An Bord Pleanála identified the court’s concern as being with the decision making process itself and in that context he identified the sole question for the court as:-

         “Was there material upon which the decision maker could make the decision which it did make? If so, was the decision taken, one which flew or which flies in the face of fundamental reason.”

          Judicial review will also lie if the Board fell into an error of interpretation, or an error of law. I turn now to examine to decision of the Board and its process.

81.     In alt 57, féachann an Breitheamh céanna ar an bpróiseas mar seo a leanas:

“57.   In my view, the Board was entitled to take the view that it did and it had before it facts upon which it could reasonably come to the conclusion now sought to be challenged. The Board had evidence and submissions to which it had regard and indeed its process was shown. The Board is a decision making body and its process must be judged as having properly been made if it can be shown that it did engage with these facts and came to its decision based on these facts not by way of a slavish adherence to the material but as a result of a reasonable analysis.”

82.     Is féidir athbhreithniú breithiúnach a úsáid i gcás earráid léirmhínithe nó i gcás earráid dlí.

83.     Mar a dúirt Kearns Br. (mar a bhí sé ag an am) in Evans v. An Bord Pleanála (neamh-thuairiscithe, 7 Samhain 2003):

          “In an application of this nature, the Court is not concerned, nor is it permitted, to substitute itself for An Bord Pleanála and to ask if it would have reached the same decision on the identical material. The Court is only concerned with the decision making process itself. That being so, the Court may only ask: was there material upon which the decision maker could make the decision which it did make? If so, was the decision taken one which flew or which flies in the face of fundamental reason?”

84.     Déantar tagairt sa chás sin, chomh maith, do bhreithiúnas MacCarthy Br. sa chás In Re XJS Investments Ltd. [1986] TÉ 750, ina luaigh sé, ag lch 756:

          “made it clear that planning documentation did not come to be interpreted with the benefit of the canons of construction applicable to Acts of the Oireachtas or subordinate legislation and went on then to say:-

         “They are to be construed in their ordinary meaning as it would be understood by members of the public, without legal training as well as by developers and their agents, unless such documents, read as a whole, necessarily indicate some other meaning.”

85.     In Áine Ní Chongaile (agus iarratasóirí eile) v Comhairle Contae na Gaillimhe [2004] IEHC 317 (2000 570 JR), bhreith an Ard-Chúirt (Ó Caoimh Br., mar a bhí sé ag an am) leigheas mandamus a dheonú don bhfreagróir, na forálacha a bhí leagtha síos i bPlean Forbartha na Gaillimhe a chomhlíonadh agus certiorari a dhéanamh ar chinneadh na freagróra, ach na faoisimh eile a dhiúltú,

(i)      Go raibh dualgas ar an bhfreagróir aithint a thabhairt d’aidhmeanna alt 7 den Acht um Rialtas Áitiúil, 1991, agus gur theip air a leagadh síos go raibh ráiteas tionchar teanga ag gabháil le gach iarratas pleanála agus gur sáraigh é sin ar alt 7 d’Acht 1991.

(ii)      Gur theip ar an bhfreagróir na forálacha a bhí leagtha síos i bPlean Forbartha na Gaillimhe a chomhlíonadh agus gur sháraigh é sin ar alt 22 den Acht um Rialtas Áitiúil, Pleanáil agus Forbairt (1973). 

(iii)     Nach raibh an suíomh-léarscáil a foilsíodh ó thosach cruinn ach nár cuireadh aon duine ar strae de réir an bhotúin sin agus gur bhain an prionsabal de minimus non curat lex leis seo, agus nár cheart faoiseamh a thabhairt ar an mbonn sin.

(iv)     Nach raibh polasaithe an Rialtais cruinn i leith scéim tithíochta i gceantar Gaeltachta ach gur thug an freagróir polasaithe ginearálta san áireamh agus an plean forbartha a shocrú agus a thíolacadh aige srl.

86.     Bhreith sé go raibh sé sásta “go raibh dualgas ar an bhfreagróir aithint a thabhairt do na haidhmeanna san alt sin, gur theip ar an údarás pleanála an dualgas a leagadh síos go mbeadh ráiteas tionchar teanga ag gabháil le gach iarratas pleanála a chomhlíonadh. “Dá bhrí sin, táimse sásta go bhfuil na hiarratasóirí i dteideal an fhaoisimh ag alt 9 den Fhógra Foriarratais, is é sin ordú mandamus ag tabhairt ar an bhfreagróir na forálacha atá leagtha síos i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe don tréimhse 1997 – 2002 a chomhlíonadh. Is dóigh liom gur chóir ordú certiorari a dhéanamh ar chinneadh na gcomhairleoirí a rinneadh ar an 22 Meán Fómhair 2000 ar an mbonn sin.”

87.     Bhí an breitheamh Ó Caoimh sásta sa chás sin gur sáraíodh na forálacha atá leagtha síos sa phlean forbartha agus bhí sé sásta gur sáraíodh alt 22 den Acht um Rialtas Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1963 ar an mbonn sin.

88.     I mBreithiúnas Humphreys Br. (12/04/2021) sa chás Thomas Read agus an Bord Pleanála agus Intel Ireland Ltd. (athbhreithniú breithiúnach) [2021] IEHC 230 déanann sé tagairt do na prionsabail atá i gceist. In alt 18:

          “Where the party who becomes the judicial review applicant is not the applicant in the administrative process but is, say, an objector, it is not the function of the objector to correct the other party’s homework or to point out omissions the correction of which during the process would enable the application (which is being opposed) to be corrected and improved. An objector is entitled to rely on the decision-maker to identify such gaps or omissions and retains an entitlement to complain to the court (for the first time) if that is not done.

89.     Níos déanaí, in alt 30, luann sé:

          “The court does have jurisdiction to receive new evidence in the case of a complaint of a fact going to jurisdiction or going to breach of an essential procedural requirement: see
R. v. Secretary of State for the Environment, ex parte Powis [1981] 1 WLR 584. A decision-maker does not acquire jurisdiction simply because of a mistake of fact or because the absence of jurisdiction was not brought to its attention.

31.     As regards substantive illegality, whether new evidence is permissible depends on whether the substantive illegality is one that the applicant could reasonably be expected to have addressed. If not, the court has jurisdiction to allow the applicant to put in further evidence. In
Baile Éamoinn Teoranta v. An Bord Pleanála [2020] IEHC 642 (Unreported, High Court, 4th December, 2020), Barr J. (at para. 82) noted that where the decision-maker had made an error of fact, that was a different situation to bringing in fresh evidence as to the merits.  New evidence of such a mistake can be admitted.

32.     Fresh evidence has also been allowed to show what material was before the decision-maker (see
R. v. Secretary of State for the Environment, ex parte Powis). Also, where jurisdiction depends on a question of fact, additional evidence has been allowed (
Sweetman v. An Bord Pleanála [2021] IEHC 16 at paras. 25 and 26). In addition, new evidence necessary to explain technical terms or processes can be admitted
(R. (Lynch) v. General Dental Council [2004] 1 All ER 1159 per Collins J.), and likewise where a process of reasoning involved serious technical error (
R. (Law Society) v. Lord Chancellor [2018] EWHC 2094 (Admin), [2019] 1 WLR 1649).

33.     In limited cases, fresh evidence has even been allowed where a decision-maker had an independent duty to inquire and relevant information could reasonably have been available: see
R. (J.A.) v. London Borough of Bexley [2019] EWHC 130 (Admin) para. 48 per David Casement Q.C.  However, one needs to approach this heading with a little reserve because there has to be some basis on the evidence actually presented in the process for the conclusion that the decision-maker should have held that there was a gap in the available information. An applicant can argue for there being a gap based on what was before the decision-maker and does not necessarily need to put in new information for that purpose.  Separately, new information is allowable to explain the context in which the issue arises (
R. (Al-Sweady) v. Secretary of State for Defence [2009] EWHC 2387 (Admin) at para. 23), or if produced for background information (
R. (Pelling) v. Bow County Court [2001] UKHRR 165 at para. 13).

90.     Agus níos déanaí, in alt 38:

38.     An applicant can however present a new argument or a new piece of evidence to the court that was not put before the decision-maker if:

(i).     the complaint of illegality is jurisdictional, or the applicant seeks to introduce new evidence regarding a fact going to jurisdiction or going to breach of an essential procedural requirement;

(ii).    the applicant in judicial review is not the applicant before the decision-maker and the point amounts to correcting the other party’s homework or pointing out omissions which would have enabled the application which is being opposed to be corrected and improved; such omissions can be left to the decision-maker to address and if not so addressed can be presented by the objector to the court without having first been raised before the decision-maker;

(iii).    the complaint is one of irrationality or disproportionality, so can only be assessed after the event in the sense that an applicant can only compare the extent to which the precise decision and the articulated reasons were open to the decision-maker on the evidence once that decision and reasons are actually available, although noting as stated above that while the articulation of the complaint of irrationality or disproportionality can be new, the evidence by reference to which the argument is made generally should have been that before the decision-maker (apart from, in limited respects, where constitutional or ECHR rights are at issue (see below));

          Agus níos déanaí:

(vii).   the complaint is that the decision-maker made an error of fact;

          Agus níos déanaí fós:

(ix)    new evidence is necessary to explain technical terms or processes;

(x).    new evidence is to show that a process of reasoning involved serious technical error;

(xi).   a decision-maker had an independent duty to inquire, and relevant information could reasonably have been available:

(xii).   new evidence explains the context in which the issue arises or is produced for background information;

Conclúidí

91.     Tiontaítear anois ar an “Language Impact Study” nó an LIS de chuid Jim Brogan, BA, Dip.T.P., M.I.P.I., Dip. L.S; Dip. Arb., F.C.I., B.L.  Tá sé sách soiléir i dtuairisc an Uasail Brogan gur chás faoi leith í sráidbhaile Ráth Chairn. Déanann sé tagairt dó sin sa chéad alt dá thuairisc.  Chomh maith leis sin, tá sé soiléir nár chomhlíon an LIS na riachtanais de bhun an phlean forbartha sa mhéad nach gcruthaíonn sé go mbeidh tionchar chun feabhais ag an bhforbairt i ndáil le húsáid na Gaeilge mar theanga baile an phobail i Ráth Chairn. 

92.     Cruthaítear go bhfuil an LIS bunaithe ar fhigiúr míchruinn toisc go cuirtear le chéile Rath Chairn le Baile Ghib, áit nach bhfuil an méid chéanna Ghaeilge á labhairt ann is atá i Rath Cairn, agus ansin rinne sé botún mar gheall ar an líon daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais i Ráth Chairn, rud a bhí mí-cheart.  Ó thaobh riachtanais de bhun an phlean forbartha, ní chruthaíonn an LIS go mbeidh tionchar chun feabhais ag an bhforbairt i ndáil le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail i Ráth Chairn.  Sa chomhthéacs sin bhí conclúidí an uasail Brogan gan mhíniú ná anailís, dar leis an gCúirt seo.  De réir chuspóir phlean forbartha na Mí tá áit faoi leith sonraithe i dtaobh Ráth Chairn ó thaobh na n-aidhmeanna faoi leith (Objective CEAROBJ1 agus Objective RDOBJ6 agus Objective GAELOBJ1) a léirítear i bplean an Chontae, agus glactar leis go bhfuil na haidhmeanna an-soiléir i dtaobh na Gaeilge ann, go speisialta i dtaobh shráidbhaile Ráth Chairn.  Tá sé intuigthe go sáraíonn cinneadh agus ordú an fhreagróra plean forbartha na Mí ar shlí ábharach gan an méid a aithint fiú agus gur sáraíonn siad polasaí an rialtais agus polasaí seasta agus reachtúil an Stáit i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge mar theanga phobail intí agus gur sáraíonn sé dlíthe na hEorpa i dtaobh an Ghaeilge mar theanga mionlach.

93.     Caithfidh an Chúirt aird a thabhairt ar an ábhar ar a bhunaigh an t-uasal Brogan a chonclúidí féin agus féachaint an raibh sé réasúnta de réir an dlí, agus is ionann sin is a rá gur gá don Chúirt féachaint an raibh anailís réasúnta déanta ag an uasal Brogan nó ar chloígh sé leis an ábhar gan aon anailís réasúnta a dhéanamh air.

94.     Faoin teideal “Linguistic Profile of Study Area” déanann sé cur síos ar Ghaeltacht na Mí ina iomláine agus úsáideann sé fíricí a bhaineann leis an gContae iomlán agus an tionchar atá aige sin ar an gceist ná go nglactar le Baile Ghib agus Ráth Chairn le chéile, mar aon ionad amháin, agus sa chás seo déantar tagairt faoi leith do shráidbhaile Ráth Chairn agus de réir na figiúirí ní hionann an dá áit ar chor ar bith agus dá bharr sin is cosúil gur úsáid an tUasal Brogan fhíricí a cheanglaíonn Ráth Chairn agus Baile Ghib le chéile ó thaobh cúrsaí teanga agus Gaeilge de agus níl na figiúirí sin ceart ó thaobh Ráth Chairn de.  Ní raibh anailís réasúnta déanta ag an Uasal Brogan maidir leis na fíricí teanga mar ba cheart.  Cé go dtugann sé réasún tar éis gach alt dá cháipéis, déanann sé é sin in aon líne amháin di agus tá cuma pro forma air sin, gan léiriú ná míniú ná réasúnacht ag gabháil leis.

95.     San alt deireanach, déanann sé trácht ar “Reasons and Considerations”.  Déantar tagairt do chuid mhaith do na tithe a bheith ar fáil do Ghaeilgeoirí mar “a significant proportion” agus ansin luann sé an céatadán 50% agus deir sé go gcuideoidh sé sin le leanúnachas an tsráidbhaile nó le “the sustainability of the village” ach ní deir sé conas a chuideoidh 50% de na tithe leis an aidhm sin.  In Boland, tagraíonn an breitheamh don teorainn atá leis an gcumhacht a thugann an Bord don Iarratasóir agus an réasúnacht atá taobh thiar de sin ná go raibh sé de dhualgas ag an mBord cur síos a dhéanamh ar na haidhmeanna atá taobh thiar de na haidhmeanna ginearálta sa mhéid atá le socrú idir an Bord agus an tIarratasóir i dtaobh na fáthanna.

96.     Déanann an tUasal Brogan tagairt sna conclúidí atá aige don tuairisc agus deir sé go mbeadh níos mó oibre ar fáil do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht de bharr na tithe seo agus an teach aíochta a thógail, go gcuirfeadh sé leis an méid imeachtaí spóirt, cultúrtha, oideachais agus sóisialta ar féidir a chur ar fáil san áit agus go mbeadh tionchar aige sin ar an teanga agus ar an nGaeilge agus ar an gcultúr i Ráth Chairn. A mhalairt de scéal atá ag na hIarratasóirí sa chás seo agus ní aontaíonn siad ar chor ar bith leis an dearcadh seo agus síleann siad go mbeadh sé níos measa don Ghaeilge agus go bhfuil an áit fíor-bheag agus go bhfuil brú faoi leith ag an mór-chultúr, mar a déarfá, is é sin le rá ag an mBéarla, ar an áit ó thaobh teanga de, go mór mór mar gheall ar theach aíochta a chur ar fáil. 

97.     Roimhe sin, dhiúltaigh an tUasal Moore an plean forbartha seo agus ag alt 3.3 déanann sé tagairt mar seo a leanas ar pholasaí an Rialtais:

          “The Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht noted the sensitive position of the Irish language in the Meath Gaeltacht and the decline in daily speakers of the language in the Rathcairn area. The influence that development plays on the language of the district and housing estate development such as that proposed was acknowledged. The Department recommended, in the event of permission being granted, that a condition requiring 100% of the houses being retained for Irish speakers be attached.”

          Ag alt 3.3, déanann sé tagairt eile dó, chomh maith, mar seo a leanas:

          “Údarás na Gaeltachta set out its and the local authority’s duties in relation to the Irish language, referenced the decline in the daily use of the language and the pressures on it, and referred to the need to protect the language within the Gaeltacht.  It was recommended that prominence be given to the language always, signage be in the Irish language, as well as the name of the business, the level and standard of Irish is maintained and that a language condition is applied in accordance with the requirements of Section 47 of the Planning Act.  It was noted that the aim of relevant agencies is to increase the number of Irish speakers.  It was concluded that any permission issuing should be in accordance with the aims of Plean Teanga do Ghaeltacht na Mí.”

98.     Ag leathanach 5 dá chuid oibre “Third Party Observations” déanann sé tagairt do Ghlór na nGael:

          “Glór na nGael submitted that there would be a negative impact on Irish language use in the area if the proposed housing is developed. It was requested that a strong language condition requiring a suitable proportion of fluent Irish speakers occupying the houses should apply, being more than 80%.”

99.     Tá sé thar a bheith cinnte nach gá leis an Bord Pleanála cloí le thuairim ná na moltaí ó Kevin Moore ar chor ar bith ach an cheist a ardaíonn na figiúirí seo ar fad ná go bhfuil figiúirí difriúla tugtha ag grúpaí áirithe gan sainmhíniú ar chor ar bith ar na figiúirí áirithe a úsáideadh 50%, 80% nó 100% eatarthu. 

100.   Ní bheadh sé de cheart agus níl an chúirt seo chun a rá cé acu atá ceart ó thaobh figiúirí de ach féachaint ar an bpróiseas chun fáil amach an raibh sé neamhréasúnta.  Déantar comparáid in aighneachtaí scríofa thar ceann na nIarratasóirí go bhfuil an figiúr a úsáidtear sa mheasúnacht chun an céatadán de dhaonra Ghaeltacht na Mí atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a léiriú, is é sin le rá 15.9%, mícheart.  Deir siad nach bhfuil údar na measúnachta, an tUasal Brogan, cáilithe go cuí chun é a scríobh toisc nach raibh saineolas aige sa phleanáil teanga ná sa tsochtheangólaíocht.  De réir an uasail Uí Ghiollagáin, is figiúir íosta é sin atá bainte amach as an bPlean Teanga agus gurb é 45% an fíric ceart, agus gur sin an figiúr ar cheart cloí leis.  Déanann na hIarratasóirí tagairt don chás Reid v an Bord Pleanála [2021] IEHC 230 ar tugadh an 27 Bealtaine 2021 maidir leis an gcáilíocht is gá le bheith ag údar measúnachta cuí (“appropriate assessment”) i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil.  Agus déantar tagairt d’altanna 18 – 20 sa chás Reid v an Bord Pleanála [2021] IEHC 230 mar atá luaite anseo cheana.

101.   Déantar gearán chomh maith nach bhfuil céatadán cinnte tithe nó caighdeán cinnte Gaeilge i gceist, nach bhfuil sé mínithe mar ba cheart dó a bheith, go cruinn, i bhfianaise cé chomh tábhachtach is atá sé ag baint leis an teanga sa chás seo.  Tá na hIarratasóirí an-cháinteach faoi gur baineadh úsáid as achoimre na n-aighneachtaí a luaigh siad ina iomláine os ár gcomhar thar ceann Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta toisc nach raibh aistriúchán Béarla ar fáil orthu agus toisc gur bhraith an freagróir ar an gcoimre ón gcigire, rud a chuir na Iarratasóirí faoi mhíbhuntáiste.

102.   Maíonn an tUasal Ó Chróinín oideas sa tsochtheangólaíocht sa phróiseas. Deir sé go bhfuil sé riachtanach agus ag mír 26 déanann sé macalla ar an rud a dúirt Ó Giollagáin; an ndéanfaidh an cead pleanála seo “tionchar chun mór-dhochair, seachas chun feabhais, rud a sháróidh Plean Forbartha na Mí agus Polasaí an Rialtais”.

103.   Déanann an tUas Ó Giollagáin cur síos ar dhinimic an chomhshamhlaithe sochultúrtha a bhaineann le mionlach teanga ag dul i ngleic le móramh teanga agus go bhfuil measúnacht tionchair teanga de bhun an phlean forbartha a chruthú go gcabhródh forbairt bheartaithe le líon na gcainteoirí Gaeilge go háitiúil á thógail… thar thairseach an 67%. Chomh maith leis sin iarrann sé go bhfuil a mheasúnacht is easnamhaí “mar gheall ar éagmais cailíochtaí an údair agus mar gheall ar an gcaoi nach gcomhlíonann sé na riachtanais atá leagtha amach sa phlean forbartha.  

104.   Déantar tagairt in aighneachtaí an Chomharchumainn Chomhairle Contae chomh maith don riachtanas le bheith airdeallach nuair a thagann dream gan Ghaeilge isteach i gceantar Gaeltachta nach mbeadh an dream sin chomh mór sin go gcuirfeadh sé isteach ar Ghaeilgeoirí na háite ó thaobh chúrsaí teanga de.  Déanann lucht an Chomharchumainn tagairt don phlean forbartha “to ensure that all new developments in the Gaeltacht have a positive impact on the use of Irish in the area.”

105.   Chomh maith leis sin, dar leis an gComharchumann go mba cheart 90% de na tithe a bheith ann do Ghaelgeoirí agus conas é sin a mheas.  Ní luaitear an caighdeán Gaeilge a theastódh nó conas a bhféadfaí iad a mheas ach an oiread agus luann siad aidhmeanna Chomhairle Contae na Mí i dtaobh na Gaeilge agus an dualgas atá orthu dul chun cinn na Gaeilge mar phobal labhartha sa phobal a chur chun cinn.

106.   Ag féachaint ar aighneachtaí thar ceann an fhreagróra, luaitear iontu nach bhfuil na hiarratasóirí gonta go leor.  Cuireann na freagróirí béim ar Phlean Forbartha na Mí sa mhéid is go bhfuil sé de dhualgas acu:

          “To ensure that all new development in the Gaeltacht have a positive impacton the use of Irish in the area and the cultural heritage of the area, while seeking to realise their economic and development potential in a balanced and sustainable manner over the lifetime of the plan”.

107.   Maítear thar ceann an fhreagróra nach bhfuil sé sásúil a chruthú gur sáraíodh an plean forbartha ach tá ar an iarratasóir é a chruthú go bhfuil sárú ábharach i gceist.  Dar leis an bhfreagróir, theip ar an iarratasóir é sin a chruthú mar gheall ar thuairim an fhreagróra nach ndearna siad neamhaird ar na haighneachtaí ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta.  Sa mhéid sin deir siad go raibh an dá rud faoi bhráid an bhoird sula ndearnadh aon chinneadh agus tagraítear do lch. 6 den Ordú Boird chun a chruthú go raibh na haighneachtaí sin curtha san áireamh ag an bhfreagróir: “agus céatadán na dtithe a choimeádfar do chainteoirí Gaeilge a chinneadh. D’fhéach an Bord do na haighneachtaí ó chomhlachtaí forordaithe agus do na tuairimí tríú páirtí”.  Chomh maith leis sin, déanann an freagróir tagairt do shleachta ó thuairisc an chigire ina luaitear aighneachtaí ón iarratasóir sa chás seo. Glactar leis nach gá don bhord pleanála ó thaobh dlí de thuairisc a chigire féin a leanúint. Cé go nglactar leis go bhfuil athrá i mionnscríbhinn Uí Chróinín, fiú dá mba rud é go raibh an Chúirt chun alt áirithe a ghearradh amach as, fós féin, is dóigh leis an gCúirt seo go bhfuil go leor pointí ann cibé scéal chun ceist a ardú ar intinn na Cúirte ó thaobh indlítheacht an chinnidh a rinne an Bord Pleanála an agus is dóigh leis an gCúirt seo go raibh sé neamhréasúnta ina iomláine ar na fáthanna thuasluaite.  Tuigtear nach raibh ach mionnscríbhinn ag an Uasal Ó Ghiollagáin ar dtús ós comhair an Bhoird ach toisc na figiúirí a bheith mícheart sa tuairisc ag an Uasal Brogan glactar leis an méid a deirtear in Reid atá luaite thuas más gá an fhianaise sin a bheith os chomhair na Cúirte, botúin ó thaobh na figiúirí a cheartú mar ba chóir agus an córas a bhí in úsáid ag an mBord, is dóigh leis an gCúirt seo go raibh sé lochtach, is léir go bhfuill Ó Giollagáin cáilithe mar saineolaí sa tsochtheangeolaíocht, sa phleanáil teanga agus san antraipeolaíocht sa phleanáil teanga agus san antraipeolaíocht theangeolaíoch é. Glactar leis gur chuidigh lena mhionnscríbhinn a thaispeáint go raibh botúin déanta ag an mBord i dtaobh na ceisteanna fíorais dlíthe mar atá luaite thuas.

108.   Bhí mionnscríbhinn an uasail Uí Giollagáin cabhrach chun taispeáint conas a chuaigh na botúin a rinne Brogan go mór i gcoinne an dóigh cheart chun tabhairt faoin a leithéid d’obair, ó thaobh na himeachtaí ar fad agus na riachtanais go léir atá ann i dtaobh nós imeachta. Glacaim gur féidir liom  mionnscríbhinn an Uasail Uí Giollagáin a ligeann isteach dá bharr sin agus chruthaigh sé nach raibh Brogan ag dul i ngleic leis na himeachtaí mar ba cheart, ó thaobh anailís eile agus nach raibh sé cáilithe meastúchán den chineál sin a dhéanamh. Cuidíonn an t-eolas úr i mionnscríbhinn an uasail Uí Chróinín agus i mionnscríbhinn an Dochtúir Ó Giollagáin pictiúr iomlán, soiléir a bheith os comhair na cúirte sa chás seo chun deileáil leis na ceisteanna fíor-thábhachta a luaigh sé do phobail gaeltachta Rath Chairn.

109.   Dar liom go raibh aighneachtaí don iarratasóra ceart ag na príomh-phointí 1(b)(c), 2, 3, 5 agus 6(a):

“1.     Go raibh an ‘language impact study’ (LIS) a chuir an fobróir faoi bhráid na Comhairle Contae agus bhí os comhair an fhreagróra sa chás seo fíor-lochtach ó bhonn agus ina neamhní agus nach raibh an freagróir i dteideal braith air, mar a rinne mar rud lárnach, agus an cead plenála a dheonaigh sé sa chás seo á dheonú aige. Go sonrach:-….

(b)     Tá an LIS (language impact study) bunaithe ar fhigúir mhí-chruinne;

(c)     Níor chomhlíon an LIS na richatanais de bhun an Phlean Forbatha: Ní chruthaíon sé go mbeidh tionchar chun feabhais ag an bhforbairt i ndáil le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail i Ráth Chairn

2.       Ag éirí as sin bhí cinneadh an fhreagrór an cead pleanála a dheonaigh sé a dheonú mí-réasúnach gan bhunús agus is ga é a chur ar ceal.

3.       Freisin, is coinníoll teanga in ainm amháin atá sa choinníoll teanga a chuir an freagróir leis an gcead a dheonaigh sé toisc nach bhfuill céatadán cinnte tithe nó caighdeán cinnte Gaeilge i gceist ach gur faoin bhforbhóir atá sé céatadán tithe ar bith agus caighdeán Gaeilge ar bith a aontú leis an gComhairle Contae a fhad is atá an comhaontú sin i scríbhinn.

          …

5.       Sáraíonn cinneadh agus ordú an fhreagróra Plean Forbath ana Mí ar shlí ábharach, gan méid sin a aithint fiú; sáraíonn said polasaí an Rialtais agus polasaí seasta agus reachtúil an Stáit i leith na Gaeltachts agus na Gaeilge mar theanga phobail inti.

6.       Bhí bun-lochtanna ar phroiséas cinnteoireachta an fhreagróra:-

(a)     Níor thug an freagróir an aird chuí nó aird ar bith ar aighneachtaí a bhí as Gaeilge. Bhraith sé go hiomlán ar achoimre an chigire orthu sin ina thuairisc…

(c)     Níor thug an freagróir an aird chuí nó aird ar bith ar aighneachtaí na gcomhlachtaí forordaithe: Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, mar gheall go raibh said as Gaeilge…

          Da Bharr sin tá an cúirt ag thabhairt na faoisimh a lorg an Iarratasóir ag D.1,2,3,4 agus 10 san Raitéas is gá mar fhoras le haghaidh athbhreithniú breithúinach:

1.       Ordú
certiorari mar athbhreithniú breithiúnach ag cealú cinneadh agus ordú an fhreagróra   ama   dhátú   an   16   Meitheamh   2020·   san   achomharc   dár   uimhir thagartha ABP-306489-20 ag ceadú teach aíochta trí star 30 seomra leapa agus 30 teach cónaithe agus oibreacha tánaisteacha i gcroí-lár Ghaeltacht Ráth Chairn.

2.       Dearbhú mar athbhreithniú breithiúnach go bhfuil an mheasúnacht tioilchair teanga a ullmhaíodh de bhun cuspóirí RD OBJ 1 agus RD OBJ 6 de Phlean Forbartha na Mí agus a cuireadh isteach leis an iarratas ar chead pleanála easnamhach ó bhonn agus ina neamhní.

3.       Dearbhú mar athbhreithniú breithiúnach go bhfuil cinneadh agus ordú an fhreagr6ra ama dhátú an 16 Meitheamh 2020 san achomharc dár  uimhir thagartha ABP-306489-20 ina shárú ábharach ar Phlean Forbartha na Mí.

4.       Dearbhú mar athbhreithniú breithiúnach go bhfuil cinneadh agus ordú an fhreagrúra arna dhatu an 16 Meitheamh 2020 san achomharc dár  uimhir thagartha ABP-306489-20 bunoscionn le Beartas agus Polasaí an Stáit agus an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail sa Ghaeltacht agus go sáraíonn sé iad

          Da Bharr sin táim sásta ordú de Certiorari a dheonaigh go dtí an iarratasóir. Ní gá don chúirt macnaimh a dhéanamh ar an tréithe dlíthe Eorpach sa cháis mar gheall go bhfuill an cinneadh seo déanta ar ábhar níos cúinge.

You May Also Like