Glann Mor Ceibh Teoranta & Ors v An tAire Tithiochta Pleanail agus Rialtas Aituil & Ors (Approved) [2021] IEHC 363 (19 May 2021)

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BHREITHIÚNACH

[2021] IEHC 363

[Uimh. Thaifid: 2019/901 JR]

IDIR

GLANN MÓR CÉIBH TEORANTA, GLANN MÓR CUAN TEORANTA AGUS SIOBHÁN DENVIR-BAIRÉAD

IARRATASÓIRÍ

AGUS

AN tAIRE TITHÍOCHTA, PLEANÁIL AGUS RIALTAS ÁITIÚIL, AN BORD PLEANÁLA, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS ón mBreitheamh Uí Anluain ar tugadh an 19ú lá de mhí na Bealtaine, 2021

I.       Réamhrá

1.       Baineann croílár an chúis seo le rochtain an phobail ar aistriúcháin nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla an Oireachtais chun tacú le daoine páirt a glacadh sa phróis chinnteoireachta, agus go háirithe sa phróis chinnteoireachta maidir leis an timpeallacht agus an comhshaol. 

2.       Is fochuideachta é an tIarratasóir céadainmnithe atá in úinéireacht an Iarratasóra dara-ainmnithe. Is í an tIarratasóir triú ainmnithe (agus a fear chéile) scairshealbhóirí na cuideachta seo (“
na hIarratasóirí” as seo amach).

3.       Tá na páirtithe go léir ar aon intinn maidir le fíricí cúlra an Iarratais seo.  Tá na hIarratasóirí ag iarraidh agóid a dhéanamh i gcoinne Uisce Éireann Teoranta gan Órdú Cheannaigh Éigeantaigh a dhéanamh i leith tailte áirithe atá lonnaithe ag Céibh an tSrutháin, an Ceathrú Rua, Contae na Gaillimhe, i gceantar Ghaeltacht Chonamara. 

4.       De réir an dlí is infheidhme, déantar aon agóid i gcoinne ordú dá leithéid sin a thaisceadh leis an mBord Pleanála.  Féadfar don Bhord Pleanála éisteacht ó bhéal a sheoladh ar an ábhar.  Ina theannta sin, de réir alt 135(8)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (“
an Phríomh-Acht” nó “an Acht ó 2000” as seo amach), nuair atá an fhorbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mhéan na Gaeilge. 

5.       Tá ceart na nIarratasóirí chun a gcuid gnó a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge ag croílár an chúis seo.  Tá teidlíocht reachtúil ag na hIarratasóirí le héisteacht éisteacht trí mhéan na Gaeilge bronnta orthu de bhun alt 135(8)(b) den Acht ó 2000.  Anuas air sin, áiríonn na hIarratasóirí go mbeidh deachrachtaí suntasach ann ag an éisteacht bhéil gan fáil ar leagan údarásach i nGaeilge de na hIonstraimí Reachtúla ábhartha. 

6.       De réir an Ráiteas is Gá mar Fhoras le hAghaigh Athbhreithniú Breithiúnach, is iad na faoisimh atá á lorg ag na hIarratasóirí ná:-

a)       Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na bhFreagróirí céad, triú agus ceathrú-ainmnithe tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar an
Planning and Developement (Amendment) Act, 2018 agus ar na hionstraimí reachtúla atá sonraithe sa sceideal a ghabhann leis an Ráiteas a cur amach agus a chur ar fáil do na hiarratasóirí.

b)      Toirmeasc ar na bhFreagróirí dara-ainmnithe an éisteacht bhéil a oscailt nó aon chéim eile a tógáil i dtaobh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (uimhir tag. ABP-305519-19) go dtí go n-éistear agus go dtugtar an breithiúnas deiridh sa chúis seo.

c)       Bac ar na bhFreagróir dara-ainmnithe an éisteacht béil a oscailt nó an chéim eile a thógáil i dtaobh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (uimhir tag. ABP-305519-19) go dtí go n-éistear agus go dtugtar an breithiúnas deiridh sa chúis seo.

d)      Aon ordú cuí eile.

e)      Costais.

II.     Croineolaíocht Eachtraí

          8ú Samhain 2018                                    Cheannaigh na hIarratasóirí céad agus dara-ainmnithe  na tailte a airítear i bhFóilió 48981F Contae na Gaillimhe.

          22ú & 27ú Samhain 2018                        Rinne Uisce Éireann an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce  Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2018 (dá ngairfear “
an tOrdú 2018” anseo feasta).

          27ú Samhain 2018                                  Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann, chuig an Iarratasóra céad-ainmnithe. Faoi iamh leis an litir sin bhí fógra i dtaobh an tOrdú 2018.

          3ú & 4ú Eanáir 2019                               Scríobh an tIarratasóir triú ainmnithe chuid Uisce Éireann thar cheann na nIarratasóirí ag lorg tiontú i nGaeilge den fhógra i dtaobh an tOrdú 2018 agus fógra a sheirbheáil ar Chuan chomh luath agus is féidir.

          9ú Eanáir                                                Litir ó oifigeach thar cheann Uisce Éireann ag mínigh nach raibh dualgas ar Uisce Éireann fógraí a foilsiú i nGaeilge.

          10ú Eanáir 2019                                     Sheirbheáil aturnaetha na nIarratasóirí Pointí Agóide ar an mBord Pleanála. D’iarraidh siad ar an mBord éisteacht béil a bhronnadh orthu.

          21ú Eanáir 2019                                     Scríobh oifigeach thar cheann an Bord Pleanála chuig aturnaetha na nIarratasóirí agus duaradh leo de réir cosúlachta go raibh sé i gceist ag an mBord Pleanála éisteacht bhéil a eagrú i dtaca leis an tOrdú 2018 agus rinne sé tagairt d’alt 135(8)(b) d’Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

          15ú Feabhra 2019                                   Scríobh aturnaetha na nIarratasóirí chuig Uisce Éireann agus d’iarr siad tiontú údarásach den fhógra Ordú 2018 i nGaeilge.

          15ú, 18ú, & 28ú Feabhra 2019                Scríobh na hIarratasóirí chuig Oifig Foilseacháin an Rialtais agus d’fhiafraigh siad an raibh leagan oifigiúil de na hionstraimí reachtúla a shonraíodh sna litreacha ar fáil i nGaeilge.

          21ú Feabhra 2019                                   Scríobh an Bord Pleanála chuig aturnaetha na nIarratasóirí agus dúirt siad go mbeadh an éisteach bhéil á thionól ar 26ú Márta, 2019.

          5ú Márta 2019                                        Scríobh aturnaetha na nIarratasóirí chuig na Freagróir céad agus ceathrú-ainmnithe agus d’fhiafraigh siad an raibh leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil i nGaeilge ar fáil de na hionstraimí reachtúla sonraithe sa litir. 

          8ú Márta 2019                                        Scríobh Oifig Foilseachán an Rialtais chuig aturnaetha na nIarratasóirí le r-phost agus dúirt siad nach raibh aon cheann de na hIonstraimí Reachtúla i gcóip chrua i nGaeilge ar fáil tríd an Oifig sin agus ba chóir aon cheist eile a bhí acu a bhain le cóip a fháil as Gaeilge a chur chuig na Ranna ábhartha a d’fhoilsigh na hIonstraimí Reachtúla.

          11ú Márta 2019                                      Rinneadh iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí i dtaobh cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach os comhair Ní Raifeartaigh Brtmh. (uimh. thaifid: 2019/145 JR) (na “
Céad Imeachtaí” amach anseo).

          13ú Márta 2019                                      Eisíodh an fógra foriarratais sna Chéad Imeachtaí.

          13ú Márta 2019                                      Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann chuid an Bord Pleanála ag tarraingt siar an tOrdú 2018.

          16ú Aibreán 2019                                   Chuir an Bord Pleanála an tOrdú 2018 ar neamhní.

          5ú Meán Fómhair 2019                           Rinne Uisce Éireann an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (dá ngairfear “
an tOrdú 2019” anseo feasta).

          17ú Meán Fómhair 2019                         Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann, chuig na hIarratasóirí céad agus dara-ainmnithe. Faoi iamh leis na litreacha sin bhí fógra i dtaobh an tOrdú 2019. Bhí na litreacha agus an fógra i nGaeilge agus i mBéarla.

          31ú Deireadh Fómhair 2019                    Chuir na hIarratasóirí Pointe Agóide faoi bhráid an Fhreagróra dara-ainmnithe ag cur i gcoinne Daingniú an Ordaithe 2019.

          4ú Samhain 2019                                    Scríobh an Freagróir dara-ainmnithe chuid aturnaetha na nIarratasóirí agus chuir sé in iúl go raibh sé i gceist éisteach bhéil a eagrú maidir leis an tOrdú 2019. Chuir an Freagróir dara-ainmnithe in iúl go raibh sé i gceist an éisteacht bhéil a thionól trí mhéan na Gaeilge.

          27ú Samhain 2019                                  Tháinig na Chéad Imeachtaí os comhair Ní Raifeartaigh Brthmh. agus cuireadh in iúl don Chúirt go raibh sé i gceist ag na hIarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chead na himeachtaí sin a leasú i dtaobh an iarratais sin. D’ordaigh an Chúirt go ndéanfaí iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí in imeachtaí nua i dtaobh cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach agus go rachadh na himeachtaí nua (na himeachtaí seo), le chéile leis na Céad Imeachtaí ina dhiaidh sin, dá ndéanfaí cead a dheonú.

          11ú Nollaig 2019                                     Rinneadh iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí i dtaobh cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach os comhair Ní Raifeartaigh Brmh. Dheonaigh an Chúirt cead i dtaobh na faoisimh sa Ráiteas is Gá le hAghaidh Athbhreithniú Breithiúnach.

          20ú Nollaig 2019                                     Eisíodh an fógra foriarratais sna hImeachtaí seo.

          18ú Feabhra 2020                                   Rinneadh iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí le haghaidh cead an fógra foriarratais a leasú.

          21ú Feabhra 2020                                   Eisíodh an fógra foriarratais leasaithe

          26ú Márta 2020                                      Cuireadh siar na himeachtaí go ginearálta

          16ú Samhain 2020                                  Fógra Freasúra comhdaithe

          24ú Samhain 2020                                  Iarratas ar dháta don éisteacht seo

III.   Aighneachtaí Thar Cheann na nIarratasóirí

7.       De réir an abhcóide thar cheann na nIarratasóirí, tá teidlíocht reachtúil ag na hIarratasóirí ar an éisteacht bhéil atá bronnta orthu a bheith seolta trí mheán na Gaeilge faoi alt 135 (8) den Acht ó 2000.  Ag eascairt ón méid sin, tá tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil ar an tAcht ó 2000 (arna leasú) agus ar na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa sceideal don Ráiteas de dhíth orthu chun glacadh pháirt san éisteacht bhéil sin os comhair an Bord Pleanála.

8.       Tá an téarmaíocht a bhainenn leis na hIonstraimí Reachtúla casta agus neamhghnách, agus tá slite difriúla chun aistriúchán a dhéanamh ar roinnt de na téarmaí iontu. Tá roinnt de na téarmaí cosúil lena chéile. Caithfear a bheith cinnte de go bhfuil ag gach aon duine ag baint úsáid as na téarmaí ceannann céanna. Anuas air sin caithfeadh na téarmaí céanna atá á n-úsáid sna rialacháin a úsáid toisc go bhfuil nasc idir na rialacháin agus na dualgais/oibleagáidí ata sna treoracha de chuid an Aontais Eorpaigh atá curtha i bhfeidhm leo.

9.       Beidh deacrachtaí suntasacha ann ag an éisteacht bhéil gan leagan údarásach  de na hIonstraimí Reachtúla ábhartha a bheith ar fáil i nGaeilge. Tá siad ag teastáil ó na hIarratasóirí ionas go mbeidh siad in ann agóid éifeachtach ar an Órdú Cheannaigh Éigeantaigh a ullmhú, a réiteach, a riar agus a stiúradh i gcomhairle lena bhfoireann gan chonstaic gan mhíbhuntáiste agus ar bhonn céanna leis an té a bhíonn sásta a leithéid a dhéanamh i mBéarla.

10.     De réir an abhcóide thar cheann na nIarratasóirí, déanann an tAcht ó 2018 leasú ar Phríomh-Acht 2000, agus mar sin tá sé agus na hIonstraimí Reachtúla mar chuid den dlí bhaile.  Tá dualgas bunreachtúil de réir Airteagal 25.4.4 ar an Stáit achtanna an Oireachtais a chur ar fáil sa príomhtheanga oifigiúil nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille sa dara teanga oifigiúil.

11.     Dar leis na hIarratasóirí, déanann na hIonstraimí Reachtúla an Príomh-Acht a leasú agus mura bhfuil na hionstraimí sin ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil, níl Achtanna an Oireachtais ar fáil ina n-iomláine sa phríomhtheanga oifigiúil ach an oiread. 

12.     Rinne an t-abhcóide tagairt do Choinbhinsiún Aarhus, agus ach go háirithe d’Airteagal 2.3 de, agus don sainmhíniú ar an eolas chomhshaoil atá ann.  Ag eascairt as an méid sin is léir go comhlíonann na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa Ráiteas an sainmhíniú seo.  Deimhnítear i gCoinbhinsiúin Aarhus go bhfuil an pobal in ann páirt a ghlacadh sa phróis chomhshaoil, de réir Airteagal 3.2 an Choinbhinsiúin.

13.     De réir mhionnscríbhinn an Iarratasóra triú-ainmnithe, ar an 8ú Samhna 2018, nó timpeall an ama sin, ceannaíodh na tailte atá clúdaithe le Foilió 48981F Contae na Gaillimhe mar ionad cónaithe dá teaghlach agus mar shuíomh d’ionad oidhreachta agus cultúrtha. Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann litir arna dátú an 27ú Samhain 2018 maidir leis an Ordú Ceannaigh Éigeanntaigh, 2018.  I mBéarla amháin a bhí an litir agus an fógra a bhí iniata leis an litir.  Déanann an tIarratasóir triú-ainmnithe tagairt don ionadh agus aiféala a bhí uirthi nuair a fuair sí an litir agus an fógra seo i mBéarla amháin, d’ainneoin gur bhain an tOrdú leis an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.  Theastaigh ó Uisce Éireann tailte na nIarratasóirí a fháil chun Ionad Cóireála Séarachais Príomhúil a thógáil.  Dar leis na hIarratasóirí, bheadh an tIonad seo ró-ghar don teach, don Chéibh an tSrutháin agus don chósta.

14.     Déanann an hIarratasóir triú-ainmnithe tagairt in a mionscríbhinn do na heachtraí atá luaite thaus sa chróineolaíocht.  Ach go háirithe, déanann sí tagairt don deachrachtaí a bhí aici ag deileáil le Uisce Éireann, nár cuireadh seirbhísí ar fáil as Gaeilge di, fiú nuair a ghlaoigh sí ar an uimhir chúraim custaiméara agus cé gur roghnaigh sí “Seirbhís As Gaeilge”. 

15.     Tar éis an éisteacht trí mheán na Gaeilge a dheimhniú leis an mBord, chuir an t-abhcóide thar cheann na nIarratasóirí comhairle orthu go mbeadh tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil d’Ionstraimí Reachtúla áirithe ag teastáil don éisteacht bhéil os comhair an Bhoird Pleanála.  De réir an Iarratasóra sin, d’aithin sí cé chomh casta agus neamhghnách a bhí an téarmaíocht agus go raibh téarmaí áirithe i gceist a bhí an-chosúil lena chéile, agus go raibh bealaí difriúla chun aistriúchán a dhéanamh ar roinnt téarmaí.  Anuas air sin, cuireadh comhairle uirthi go mbeadh deachrachtaí suntasacha ann ag an éisteacht bhéil gan leagan údarásach de na hIonstraimí Reachtúla ábhartha a bheith ar fáil i nGaeilge. 

16.     De réir mhionnscríbhinn an Iarratasóra triú-ainmnithe, cuireann roinnt de na hIonstraimí Reachtúla leasuithe ar achtanna an Oireachtais de bhun Alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.  Dá bhrí sin, dar léi, mura bhfuil na hionstraimí reachtúla sin ar fáil, níl an príomhreacht é féin ar fáil ina iomláine ach oiread, cuir i gcás an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, mar shampla.

17.     Is é barúil na n-Iarratasóirí ná go bhfuil an Stát ag loiceadh ar an teanga le breis agus dhá scór bliain anuas, gan leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil Gaeilge d’Achtanna an Oireachtais a sholáthar mar a dheintí ón am ar bunaíodh Saorstát Éireann, in 1922, suas go dtí timpeall ar 1980.  Tháinig deireadh leis an nós sin le linn na 1970idí ach níl aon leithscéal dó sin os comhair na cúirte.

18.     Rinne an t-abhcóide ar son na nIarratasóirí an pointe nach féidir leo pointí a ardú as an nua le linn achomhairc san Ard-Chúirt nach raibh os comhair an Bhoird Pleanála le linn an éisteacht bhéil, agus mar sin tá sé riachtanach go bhfuil na hIarratasóirí cinnte go bhfuil gach rud curtha os comhair an Bhoird Pleanála le linn na héisteachta béil.  Tá an cinneadh déanta cheanna féin ag an Bord Pleanála dul ar aghaidh leis an éisteacht bhéil trí mhéan na Gaeilge, agus mar sin de tá dualgas ar an Stáit gach foinse/foráil a chur ar fáil ionas gur féidir leis na hIarratasóirí cothrom na Féinne a fháil.

19.     Tá na hIarratasóirí ag lorg dearbhú freisin go bhfuil oibleagáid bhunreachtúil ar an gcéad, an triú agus an ceathrú Freagróir aistriúcháin Gaeilge oifigiúil de 29 n-ionstraim reachtúla atá sonraithe sa sceideal a ghabhann leis an Ráiteas (níl siad ag lorg gach ceann de na hIonstraimí Reachtúla seo, agus ghéilleadar roinnt dóibh le linn an éisteacht os comhair na cúirte seo).  In éineacht leis sin, tá siad ag lorg orduithe lena gcuirfear srian le haon éisteacht a chuirfear os comhair an Bhoird Phleanála go dtí go bhfuil aistriúcháin den chineál sin ar fáil. 

IV.     Aighneachtaí Thar Cheann an Chéad, an Triú agus an Ceathrú Freagróra

20.     De réir an Ráitis Freasúra ar son an Chéad, an Triú gus an Ceathrú Freagróra, níl na Freagróirí sin ag sárú aon cheart teanga nó ceart pearsanta nó ceart chun cothrom na Féinne atá ag na hIarratasóirí faoi dhlí na hÉireann nó faoi aon chonradh idirnáisiúnta.  In éineacht leis sin, áitíonn na Freagróirí nach bhfuil na hIarratasóirí i dteideal ceann ar bith de na faoisimh atá á lorg acu in sna himeachtaí seo. 

21.     Maidir le tiontú oifigiúil den Acht ó 2018, de réir na Freagróirí stáit, tá aistriúcháin oifigiúil Gaeilge den Acht seo déanta agus tá sé ar fáil ar líne ó mhí Aibreáin 2020 ar aghaidh.  Rinneadh an tAcht sin a shíniú ina dhlí (i mBéarla) an 19ú Iúil 2018. Aighníonn na Freagróirí nach bhfuil na hIarratasóirí i dteideal an dearbhú, nár éirigh leis na Freagróirí an oibleagáid bhunreachtúil a chomhlíonadh, chun aistriúcháin Gaeilge oifigiúil den Acht seo a chur ar fáil. 

22.     Glacann na Freagróirí stáit leis an oibleagáid bhunreachtúil ag teacht ó Airteagal 25.4.4. chun aistriúcháin oifigiúil de Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil.  Ach, is é an cheist a thagann chun cinn ná an fráma ama gur chóir chloí leis.  Is éard atá luaite sa Bhunreacht ná “[nach] foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile” nuair a shíníonn an tUachtarán Bille ina dhlí. 

23.     Aighníonn na Freagróirí nach raibh an thréimhse ama idir an tAcht 2018 a shíniú ina dhlí an 19ú Iúil 2018, agus aistriúcháin Gaeilge oifigiúil den Acht a chur ar fáil i mí Aibreáin 2020, míréasúnta.  Tagraíonn siad do cé chomh fada agus chomh casta is atá  an tAcht atá idir lámha sa chúis seo.  Pléann sé le réimse an-leathan agus ábhar casta maidir leis an bpleanáil agus le cúrsaí timpeallachta. 

24.     Séanann na Freagróirí an tairscint go bhfuil aon dualgas bunreachtúil nó dlíthiúil orthu tiontú oifigiúil i nGaeilge a chur ar fáil ar na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe ag na hIarratasóirí sa sceideal atá ceangailte leis an Ráiteas. Ina theannta sin, áiríonn na Freagróirí nach bhfuil Achtanna an Oireachtais i gceist anseo agus nach bhfuil aon baint ag Airteagal 25.4.4. de Bhunreacht na hÉireann leo dá bharr. Séanann na Freagróirí gur reachtaíocht a bhfuil gá nó dualgas iad a aistriú go Gaeilge iad na hIonstraimí Reachtúla atá liostaithe ag na hIarratasóirí sa Ráiteas.

25.     Glacann na Freagróirí leis go bhfuil dualgas orthu tiontú i nGaeilge a chur ar fáil ar Rialacha Cúirte ionas go mbeidh daoine in ann leas a bhaint as an gceart bhunreachtúil atá acu maidir le rochtain na cúirteanna.  Dar leis na Freagróirí, ní éiríonn a leithéid de cheart anseo mar níl éisteacht cúirte i gceist anseo, ach éisteacht bhéil ós comhair an Bhoird Pleanála. Anuas air sin, níl rialacha cúirte i gceist anseo, ach Ionstraimí Reachtúla a bhaineann le cursaí pleanála agus comhshaoil, agus séanann na Freagróirí go bhfuil aon dualgas orthu faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin Aarhus tiontú i nGaeilge ar na hIonstraimí Reachtúla atá á lorg sa chás seo a chur ar fáil.

26.     Dar leis na Freagróirí, toisc nach bhfuil aon dualgas bunreachtúla nó dlíthiúla ar na bhFreagróirí leaganacha Gaeilge ar na hIonstraimí Reachtúla a chur ar fáil, níl aon sárú á dhéanamh acu ar chearta na hIarratasóirí faoi aon foráil den Bhunreacht, nó aon Airteagal faoin Coinbhinsiún Eorpach um Chearta Duine.

27.     Dar leis an abhcóide thar cheann na bhFreagróirí ní dhéanfaidh an easpa aistriúcháin de na hIonstraimí Reachtúla aon difríocht don comhairle dlí a bheadh dlíodóirí na nIarratasóirí ag tabhairt agus nach bhfuil ann cheist aon maidir le cothrom na Féinne nó an phróis chóir dá bharr.

28.     Tá sé de thuarim ag na bhFreagróirí go bhfuil dul amú iomlán ar na hIarratasóirí ó thaobh léirmhíniú an Bhunreacht de. Ní bhaineann sé ach le reachtaíocht phríomha amháin. Más rud go raibh fonn ar na dréachtóirí an Bhunreacht go mbeadh ceanglais ag Art. 25.4.4 den Bhunreacht ar Ionstraimí Reachtúla, beadh sé sin léirithe nó tagairte. 

29.     Maidir leis na hIonstraimí Reachtúla, ní ritheann siad tríd an Oireachtas agus ní síníonn an Uachtarán iad mar a déantar de gnáth le hAchtanna an Oireachtas.  D’admhaigh an t-abhcóide thar cheann na bhFreagróirí go d’fhéadfaidh an phróis seo bheith mar cnámh spairne nó foinse agóide toisc gur leasaítear dlí na hÉireann tríd na hIonstraimí Reachtúla. Tugann Airí Éireannach feidhm do dlí na hEoraip le hIonstraimí Reachtúla, gan iad a rith tríd an Oireachtas.

30.     Maidir le rialacha cúirte, a thugtar isteach le hIonstraimí Reachtúla, is eisceacht iad seo agus cuirtear tiontú oifigiúil ar fáil mar tá rochtain cúirte an duine i gceist.  Níl rochtain cúirte i mbaol leis na hIonstraimí Reachtúla atá idir lámha sa chás seo.  Níl na hIarratasóirí ag iarraidh an argóint sin a dhéanamh, dar leis an abhcóide thar cheann na bhFreagróirí .  Tá stádas áirithe ag na cúirte ar bhun an Bhunreacht i gcomparáid le binsí eile mar shampla an Binse Achomhairc Fostaíochta, nó an Bord Pleanála sa chás seo.  Ní hionann an n-úsáid Gaeilge os comhair binse cosúil leis an Binse Achomhairc Fostaíochta agus cheart an duine ar rochtain na chúirte. 

31.     Déanann na Freagróirí an pointe go mbeadh sé míréasúnta agus go mbeadh a lán moille más rud go raibh cead ag aon duine os comhair bínse éigean in ann stop a chur leis an éisteacht agus iarratas a dhéanamh gach rud a bheith ar fáil i nGaeilge, idir cáipéisí agus Ionstraimí Reachtúla.  Ní mór cothromaíocht a bheith ann idir cheart an duine chun iarratas a dhéanamh ar thiontú cháipéisí agus Ionstraimí Reachtúla, ar thaobh amháin, agus leas an phobail maidir le seoladh éisteachtaí go héifeachtach, ar an taobh eile. 

32.     Glacann na Freagróirí go foráiltear de bhun Art. 8 den Bhunreacht na hÉireann cearta teanga agus nár cóir go mbeadh constaic ann os comhair daoine atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí Gaeilge agus ag iarraidh páirt a glacadh i bpróis áirithe trí mhéan na Gaeilge. Leis sin ráite, ní ghlacann na Freagróirí gur chruthaigh siad aon chonstaic, as ucht an diultú chun tiontú na hIonstraimí Reachtúla atá idir lámha sa chás seo a chur ar fáil.

V.      An Dlí

33.     Foráiltear le hAirteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann mar seo a leanas:-

“1.     Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

2.       Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

3.       Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.”

34.     Bhí foráil chomhchosúil i mBunreacht 1922 ach bhí sé saghas difriúil ó Art. 8, de réir mar atá sé faoi láthair.  Rinneadh forail mar seo a leanas le hAirteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann:-

          “The National language of the Irish Free State (Saorstát Éireann) is the Irish language, but the English language shall be equally recognised as an official language. Nothing in this Article shall prevent special provisions being made by the Parliament of the Irish Free State (otherwise called and herein generally referred to as the “Oireachtas”) for districts or areas in which only one language is in general use.”

35.     D’oscail an t-abhcóide thar cheann na nIarratasóirí Ó Cadhla v. An tAire Dlí, Cirt agus Comhionannais [2019] IEHC 503, go háirithe na ráitis seo a leanas ó dhá chás Cheanadacha chun an t-idirdhealú a shoiléiriú.  Caitheann siad solas ar na luachanna áirithe atá mar bhonn le cearta teanga:-

          “Language rights are not subsumed by the right to a fair trial. If the right of theaccused to use his or her official language in court proceedings was limited becauseof language proficiency in the other official language, there would in effect be no language right… there is a natural relationship between the ability to Express oneself and taking full advantage of the possibility of convincing the court of the merits of one’s case; […] language rights are not meant to enforce minimum conditions under which a trial will be considered fair, or even to ensure the greatest efficiency of the defence. Language rights no doubt enhance the quality of the legal proceedings, but their source lies elsewhere”.

          (mír 47,
Beaulac v The Queen [1999] 1 S.C.R. 768)

          “Language is so intimately related to the form and content of expression that there cannot be true freedom of expression by means of language if one is prohibited from using the language of one’s choice. Language is not merely a means or medium of expression; it colours the content and meaning of expression. It is, as the preamble of the Charter of the French Language itself indicates, a means by which a people may express its cultural identity. It is also the means by which the individual expresses his or her personal identity and sense of individuality.”

          (
Ford v. Quebec (
Attorney General) [1988] 2 S.C.R. 712)

36.     In O’Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469, dhearbhaigh Kennedy P.B. i dtéarmaí láidre seasamh na Gaeilge sa scéim bhunreachtúil mar seo a leanas ar lch 482 – 483:-

          “One of the distinguishing marks of a nation, in the sense of a distinct people (though not a necessary or universal mark), is the possession of a common national language. This nation of ours possessed that distinguishing characteristic in the Irish language. It was the common speech of every Irishman down to comparatively recent times, when it yielded before immense pressure, compulsion in the schools, social, political and commercial forces. For some years before the Treaty of 1921, there was an active but a slow and difficult struggle to recover the lost ground. The language position at the date of the enactment of the Constitution is too fresh in our memories to need statement but the importance of it here is for the interpretation of Art. 4. The declaration by the Constitution that the National language of the Saorstát is the Irish language does not mean that the Irish language is, or was at that historical moment, universally spoken by the people of the Saorstát, which would be untrue in fact, but it did mean that it is the historic distinctive speech of the Irish people, that it is to rank as such in the nation, and, by implication, that the State is bound to do everything within its sphere of action (as for instance in State-provided education) to establish and maintain it in its status as the National language and to recognise it for all official purposes as the National language. There is no doubt in my mind but that the term “National” in the Article is wider than, but includes,”official,” in which respect only the English language is accorded constitutional equality. None of the organs of the State, legislative, executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provisions of Art. 4.”

37.     Maidir le tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil, de réir na míreanna iomchuí d’Art. 25 an Bhunreachta:-

“1.     Chomh luath agus a ritear Bille […] ní foláir don Taoiseach an Bille sin a thairiscint don Uachtarán chun a lámh a chur leis agus chun é a fhógairt ina dhlí de réir forálacha an Airteagail seo

          […]

4.4     I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.

38.     In éineacht leis sin, tá foráil déanta, in alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a tháinig i ngníomh an 14ú Iúil, 2006, don mhéid seo a leanas:-

          “A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.”

39.     Rinne alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheach), 2011 an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7 den Acht ó 2003 thuasluaite:-

“(1)    A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

(2)     Ní oibreoidh fo-alt (1) chun toirmeasc a chur ar Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú de réir an fho-ailt sin.”

40.     In O’Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279 bhreith an Chúirt Uachtarach faoiseamh dearbhaitheach a dheonú, ach diúltaigh siad faoiseamh toirmiscthe a dheonú agus bhreith siad go raibh ceart bunreachtúil ag an Iarratasóir a thaobh féin de na himeachtaí a sheoladh go hiomlán as Gaeilge gan chonstaic agus gan mhíbhuntáiste i gcomparáid leis an té a bhí sásta Béarla a úsáid, in ainneoin pé cumas sa Bhéarla a bheadh aige agus nárbh fhéidir iallach a chur air a thaobh féin de na himeachtaí a reáchtáil i mBéarla.

41.     Bhreith siad chomh maith go raibh dualgas bunreachtúil ag an tríú Freagróir agus ag an gceathrú Freagróir tiontú oifigiúil ar Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997, a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil don phobal ionas go mbeadh an tIarratasóir in ann a thaobh féin de na himeachtaí a riar go hiomlán as Gaeilge gan chonstaic gan mhíbhuntáiste. Bhreith siad go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa Phríomhtheanga oifigiúil nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil.

42.     Sa chás sin, luaigh Hardiman Brmh. ag leathanach 316:-

          “Go deimhin, tá sé soiléir sa téacs forlámhach (Gaeilge) den Bhunreacht gur óna stádas mar theanga náisiúnta a eascraíonn stádas na Gaeilge mar an phriomhtheanga oifigiúil. Leanann an tuiscint seo ón bhfocal cúisíoch “ós” sa téacs forlámhach.”

43.     Aontaíonn sé le breithiúnas Ó hAnluain Brmh. in Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí [1980 – 1988] TÉTS 42, mar a dúirt sé ag lch. 45:-

          “Táim den bharúil go bhfuil forálacha Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann níos treise maidir leis an aitheantas a thugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ná mar a bhí Airteagal 4 de Bhunreacht an tSaorstáit”

44.     Níos déanaí, ag lch. 321 – 322, luann Hardiman Brmh., agus é ag tagairt don chás Ó Foghludha v. McLean [1934] TÉ 469, trácht Kennedy P.B. ar an ngá a bhí le sraith iomlán de Rialacha na nUaschúirteanna ar leith agus éagsúil leis na Rialacha a d’fhág Rialtas na Breataine, agus luaigh sé ag lch. 488:-

          “It is manifest that there must be a complete and self-contained code of Rules of Court governing the whole procedure and practice and practice of the High Court and the Supreme Court, made as soon as circumstances … will allow… That code, whenever it comes, must be made in the Irish language as it will also be made in the English language, and it must set out all the common forms in both languages. Until this has been done we shall not have a vocabulary of the ordinary legal technical terms in the Irish language established and recognised in general use. At present, owing to the Rules of Court having been made only in English, anyone who wishes to use the Irish language in legal proceedings must make a vocabulary of his own for the technical terms used in English, a highly inconvenient state of affairs, as his choice of equivalence may not be recognised by his opponents or by the officers of the Court.” [aibhsiú curtha leis]

45.     Maidir le hAirteagal 8 den Bhunreacht agus na cearta teanga atá ag na hIarratasóirí, tá sé beartaithe cheanna féin ag an mBord Pleanála go bhfuil sé réasúnta go mbeadh an cás é féin á sheoladh trí Ghaeilge, agus sa chás nach féidir iallach a chur ar dhuine aon teanga amháin a úsáid seachas an teanga eile, agus má ghlactar leis an bprionsabal nár cheart níos mó deachrachtaí nó costais a chur ar an duine ar mhaith leis nó léi an cás a sheoladh i nGaeilge i gcomparaid leis an duine a roghnaíonn an Béarla, is argóint fíorlag í atá áitithe ar shon an Stáit nach gá na hionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge toisc go dtuigeann an duine i gceist an Béarla. Mar a deir Ní Raifeartaigh Brmh. ag mír 61 in Ó Cadhla v. The Minister for Justice and Equality [2019] IEHC 503, áit a deir sí nach ‘bhaineann sé le hábhar cé acu a labhraíonn agus a thuigeann an duine Béarla.’  Seo ceart a thagann ó chearta teanga agus ó Airteagal 8 den Bhunreacht, seachas ó Airteagal 38 mar a dúirt Ó hAnluain Brmh. in Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia [1980-1998] TÉTS 29 (neamh-thuairiscithe, Ó hAnluain Brmh., 1ú Meitheamh 1983), chuir sí béim ar cé chomh fada is atá an prionsabal sin i bhfeidhm agus ar an tacaíocht ar tugadh dó sa Chúirt Uachtarach in Ó Beoláin v. Fahy mar gheall ar an méid a deir sí in mír 61 (iii), áit a dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach in Ó Beoláin go raibh an t-iarratasóir i dteideal aistriúchán ar Achtanna áirithe maidir le trácht ar bhóithre agus ar Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 i gcúinsí ina rabhthas chun é a chur ar a thriail sa Chúirt Dúiche.

46.     Maidir le mír 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, foráiltear mar seo a leanas:-

1.       Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt.

2.       Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.

3.       D’fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léir is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.

4.       I gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte an Stát nó comhlacht poiblí—

a)      déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus

b)      más rud é gur páirtí sna himeachtaí beirt duine nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna himeachtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.

5.       D’ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní chuirfear iallach ar dhuine fianaise a thabhairt i dteanga oifigiúil ar leith in aon imeachtaí.

6.       Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní chuirfidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheartaí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid.

47.     Is dóigh liom féin, nuair a d’aontaigh an Bord Pleanála leis na hIarratasóirí éisteacht bhéil trí Ghaeilge a sheoladh gur nglac siad an dualgas ó thaobh na céadteanga oifigiúla i leith na nIarratasóirí.  Mheas siadsan go raibh sé réasúnta agus ón méid atá feicthe thuas ó na prionsabail a bhaineann leis an dlí mar atá, tá sé d’iallach ar an mBord na huirlisí cuí a bheith acu chun an éisteacht bhéil a sheoladh i nGaeilge don mBord agus do na hIarratasóirí go héifeachtach.

48.     Cuireann na Freagróirí i leith nach ionann an Bord Pleanála agus cúirt ach is í mo thuairim féin ná go bhfuil ról gar-bhreithiúnach ag an mBord.

49.     Déantar tagairt sna haighneachtaí do Attorney General of Québec v. Blaikie [1979] 2 SCR 1016, ag lch. 1022.  Phléigh an Cúirt Uachtarach Cheanada an dualgas sin chun dlíthe a chur amach as Béarla agus Fraincis araon.  Ar dtús pléadh réim an dualgais.  Chinn an Chúirt gur chuimsigh sé achtú dátheangach:-

          “It was urged before this Court that there was no requirement of enactment in both languages, as contrasted with printing and publishing.  However, if full weight is given to every word of s. 133 it becomes apparent that this requirement is implicit.  What is required to be printed and published in both languages is described as “Acts” and texts do not become “Acts” without enactment.”

50.     Rud atá suimiúil faoi seo ná nach luaitear ach amháin Achtanna i mír 133 thuas. Ghlac an Chúirt gur gá ionstraimí reachtúla a chur amach go dátheangach chomh maith.  Dúirt an Chúirt:-

          “Dealing now with the question whether “regulations” issued under the authority of acts of the Legislature of Quebec are “Acts” within the purview of s. 133, it is apparent that it would truncate the requirement of s. 133 if account were not taken of the growth of delegated legislation.  This is a case where the greater must include the lesser.” 

51.     Is cosúil sa chás sin go raibh sé intuigthe i mír 133 go raibh brí leathan ag baint le “
any of the Courts of Quebec”.  Ní hamháin cúirteanna iad féin ach cúirteanna bunaithe na réigiún:-

          “The Courts of Quebec ought to be considered broadly as including not only so-called s. 96 Courts but also Courts established by the Province and administered by provincially-appointed Judges.  It is not a long distance from this latter class of tribunal to those which exercise judicial power, although they are not courts in the traditional sense. If they are statutory agencies which are adjudicative, applying legal principles to the asser­tion of claims under their constituent legislation, rather than settling issues on grounds of expedien­cy or administrative policy, they are judicial bodies, however some of their procedures may differ not only from those of Courts but also from those of other adjudicative bodies. In the rudimentary state of administrative law in 1867, it is not surprising that there was no reference to non-curial adjudicative agencies.”

          “It follows that the guarantee in s. 133 of the use of either French or English “by any person or in any pleading or process in or issuing from … all or any of the Courts of Quebec” applies to both ordinary Courts and other adjudicative tribunals.  Hence, not only is the option to use either lan­guage given to any person involved in proceedings before the Courts of Quebec or its other adjudicative tribunals but documents emanating from such bodies or issued in their name or under their authority may be in either language, and this option extends to the issuing and publication of judgments or other orders.” 

52.     Foráiltear le mír 133 den British North-America Act, 1867 mar seo a leanas:-

          “The Acts of the Parliament of Canada and of the Legislature of Quebec shall be printed and published in both English and French.”

53.     Lean an Chúirt Bhreithiúnais sin i gCeanada in Re Manitoba Language Rights [1985] 1 SCR 721 agus tá mír 133 gCeanada an-chosúil le alt 7(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, atá againn in Éireann.

54.     De réir An Ghaeilge sa Dlí le Daithí Mac Cárthaigh AS, ag lch. 115, is é an rud a tharla sa chás sin ná gur cuireadh an cás sin siar 120 lá chun deis a thabhairt d’Ard-Aighne Mhanitoba agus d’Ard-Aighne Cheanada dul i gcomhairle agus aighneachtaí a chur faoi bhráid na Cúirte maidir leis an tréimhse eatramhach íosta a theastódh go n-aistreofaí, go n-athrithfí, go gclófaí agus go bhfoilseofaí riaráistí 94 bliain de reachtaíocht. B’éigean do dhlíthe Mhanitoba a achtú, a chló agus a fhoilsiú go dátheangach as sin amach le bheith bailí, mura ndeánfaí amhlaidh bheidís “
invalid and of no force or effect ab initio”.

55.     Féachfaimid anois ar an gcás in Opel Austria GmbH v. An Coimisiún (T-115/94). Rialaigh an Chúirt chéad-chéime nach dtagann dlí i bhfeidhm go dtí go bhfoilsítear é sna teangacha oifigiúla go léir.  Níor éilíodh é a achtú sa chás sin, áfach, mar cuireadh an dlí amach sna leaganacha go léir taobh istigh de chúpla lá ón lá ar foilsíodh an chéad cheann. Sampla eile de sin is ea Skoma-Lux sro v Celní ředitelství Olomouc (C-161/06). Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhféadfaí dlí a chur ar AE nach raibh foilsithe i dteanga oifigiúil Bhallstát ar bith a chur i bhfeidhm i gcoinne saoránaigh den bhallstát sin in ainneoin go bhféadfaidh sé nó sí eolas a chur ar an dlí sin ar shlí eile.

56.     In Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] 4 TÉ 484, ag lch. 510, luaigh an Chúirt Uachtarach:-

          “Níl aon rud sa Bhunreacht féin ach an oiread a thacódh le conclúid go bhféadfaí, fiú amháin má tá Ionstraimí Reachtúla agus Achtanna an Oireachtais fite fuaite ina chéile, Ionstraim Reachtúil, a bhfuil sainmhíniú agus stádas áirithe aici mar fhoreachtaíocht, a fhorléiriú go deo amhail is dá mba Acht Oireachtais í, chun críche Airteagal 25.4.4, nó amhail is dá mbeadh sí cosúil ar aon bhealach le hAcht Oireachtais ionas go gceadófaí iad a bhreithniú laistigh de raon aon dualgas bunreachtúil a éiríonn ón Airteagal sin.  Dréachtaíodh Airteagal 25 chun déileáil le comhthéacs áirithe.  Seo é an scéim nó an próiseas trína ndéantar Billí, arna rith ag dhá Theach an Oireachtais, a thíolacadh le cur de láimh ag an Uachtarán, na teorainneacha ama atá i gceist leis sin, agus an mheicníocht trína bhfógraítear ina ndlí Achtanna an Oireachtais. Ní haon iontas é mar sin, nach gcuirtear reachtaíocht tharmligthe i bhfoirm Ionstraimí Reachtúla san áireamh laistigh dá scóip.”

57.     Ach dúirt an Chúirt, sa chás céanna, ag lch. 511:-

          “Cé go bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon dualgas den sórt sin ann maidir le haistriúchán comhuaineach ar Ionstraimí Reachtúla, agus gur léir ar an gcaoi chéanna ón gcásdlí, ar a n-áirítear Ó Beoláin v. Fahy, [2001] 2 TÉ 279, agus Delap v. An tAire Dlí agus Cirt [1990] TÉ 46, go bhféadfadh dualgas a bheith ann i gcás áirithe chun Ionstraimí Reachtúla sonracha a chur ar fáil d’fhonn rochtain cheart ar an gCúirt a éascú dóibhsean ar mian leo déileáil le himeachtaí i nGaeilge – cé nár cuireadh argóint ar bith den sórt sin maidir le hIonstraimí Reachtúla i láthair san achomharc seo – ní fhaighim aon dualgas bunreachtúil ginearálta gach aon Ionstraim Reachtúil a rinneadh de bhun Acht den Oireachtas a aistriú agus a chur ar fáil don phobal iomlán, ar a n-áirítear an t-iarratasóir.”

58.     Táim tar éis an cinneadh a dhéanamh mar sin, maidir le hIonstraimí Reachtúla, go bhfuil duine i dteideal éileamh a dhéanamh as ucht easpa Ionstraimí Reachtúla, nó fiú ionstraim reachtúil amháin, a bheith ar fáil i nGaeilge, agus go gcuireann sé sin bac nó constaic os comhair duine maidir leis an gceart chun é fein nó í féin a chosaint in imeachtaí cúirte, nó ionadaíocht a dhéanamh go hiomlán in imeachtaí cúirte. Caithfimid a rá, áfach, gur ar Chléireach na Dála de bhun Bhuanorduithe na Dála a raibh an dualgas an tiontú oifigiúil ar Acht a chur ar fáil agus dhiúltaigh McGuinness Brmh. in Ó Beoláin v. Fahy gur scaoil sé sin an Stát saor óna dhualgas bunreachtúil. Dúirt Hardiman Brmh. sa chás céanna, ag lch. 326 – 327, nach bhfeictear dó gur féidir le rialacha agus le buanorduithe ceachtar de na Tithe dhliteanas an Stáit a chealú i bpróis dhlíthiúil a d’agair saoránach agus ar a mbronnadh imeachtaí locus standi chun gearán a dhéanamh faoi shárú oibleagáide bunreachtúla.

59.     Foráiltear le halt 2 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, mar seo a leanas:-

          “Ón 1 Eanáir, 1973, beidh na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha agus na gníomhartha láithreacha agus todhchaí arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal sin ina gceangal ar an Stát agus beidh siad ina gcuid dá dhlí bhaile faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna conarthaí sin.”

60.     Chomh maith leis sin, tá foráil déanta in Alt 3 den Acht céanna mar seo a leanas:

“(1)    Féadfaidh Aire Stáit rialacháin a dhéanamh d’fhonn go bhféadfadh lán-éifeacht a bheith ag alt 2 den Acht seo.

(2)     Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire ag a mbeidh na rialacháin á ndéanamh a bheith riachtanach chun críocha na rialachán (lena n-áirítear forálacha ag aisghairm, ag leasú nó ag feidhmiú, le modhnú nó gan modhnú, dlí eile, lasmuigh den Acht seo).”

61.     Baineadh úsáid as Alt 3 den Acht céanna chun Achtanna an Oireachtais a leasú nó a aisghairm le hIonstraimí Reachtúla agus tharla sé sin d’ainneoin alt 15.2 de Bhunreacht na hÉireann mar gheall ar chleachtas atá ceadaithe faoin mBunreacht nuair atá an leasú nó an aisghairm riachtanach chun dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm sa Stát (
féach Meagher v. Minister for Agriculture [1994] 1 TÉ 329). 

62.     Is é cás na nIarratasóirí anseo ná nach bhfuil Achtanna an Oireachtais ar fáil ina n-iomlaine más rud é nach bhfuil na hIonstraimí Reachtúla ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil chomh maith.  Dá réir sin, deir na hiarratasóirí go bhfuil sé soiléir go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an bhFreagróir tríú-ainmnithe tiontú oifigiúil ar aon Ionstraim Reachtúil a dhéanann leasú ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil nuair a dhéantar an ionstraim reachtúil sin.

63.     Sna haighneachtaí scríofa thar ceann na bhFreagróirí, ag mír 22, luaitear Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] 2 TÉ 484,  agus ag lch. 511, ina shoiléirigh Macken Brmh. nach raibh aon oibleagáid bhunreachtúil ghinearálta ann aistriúcháin oifigiúla Gaeilge ar ionstraimí reachtúla a bheith curtha ar fáil don phobal i gcoitinne, cé gur ghlac sí leis go bhféadfadh eisceacht a bheith ann maidir le hionstraimí reachtúla a bhí ag teastáil ó dhuine d’fhonn rochtain leordhóthanach a bheith aige ar na cúirteanna. Luaigh sí:

          “Cé go bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon dualgas den sórt sin ann maidir le haistriúchán comhuaineach ar ionstraimí reachtúla, agus gur léir ar an gcaoi chéanna ón gcásdlí, ar a n-áirítear Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279 agus Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1990) T.É 46, go bhféadfadh dualgas a bheith ann i gcás áirithe chun ionstraimí reachtúla sonracha a chur ar fáil d’fhonn rochtain cheart ar an gcúirt a éascú dóibhsean ar mian leo déileáil le himeachtaí i nGaeilge – cé nár cuireadh argóint ar bith den sórt sin maidir le hionstraimí reachtúla i láthair san achomharc seo – ní fhaighim aon dualgas bunreachtúil ginearálta gach aon ionstraim reachtúil a rinneadh de bhun Acht den Oireachtas a aistriú agus a chur ar fáil don phobal iomlán, ar a n-áirítear an iarratasóir.”

64.     Ina breithiúnas in Ó Cadhla, deir Ní Raifeartaigh Brmh. go leagann ráitis bhreithiúnacha dá leithéid maidir le seasamh na Gaeilge sa Bhunreacht béim ar a thábhachtaí is atá sé déileáil leis an teanga le meas agus go ndeimhnítear nach ndéantar iad siúd ar mian leo an teanga a úsáid ina gcuid gnó oifigiúil leis an Stát a chur faoi mhíbhuntáiste.  Tugann siad le fios freisin go bhfuil sé i gceist le hAirteagal 8 go mbeadh ról gníomhach seachas ról géilliúil ag an Stát i leith na teanga.  Ar ndóigh, ní léirítear comhrianta beachta an róil ghníomhaigh, agus dúisíonn an cás reatha an cheist maidir leis an ngníomhaíocht bheacht (más ann) a cheanglaítear ar an Stát i gcomhthéacs áirithe trialach coiriúla achoimre Cúirte Dúiche.

65.     Ag mír 59 de haighneachtaí na nIarratasóirí dúirt siadsan go bhfuil an téarmaíocht atá á húsáid sa phróiseas ceannach éigeantach casta agus neamhghnách, agus go bhfuil bealaí difriúla chun aistriúchán a dhéanamh ar roinnt téarmaí eile, agus tá téarmaí eile cosúil lena chéile chomh maith. Dúirt siad chomh maith go bhfuil na hIonstraimí Reachtúla eile atá sonraithe sa sceideal ábhartha maidir le tionchar an Scéim Séarachais ar an timpeallacht, ó thaobh cosaint uiscí snámha ón truailliú, agus rudaí eile nach iad. Agus deir siad chomh maith go bhfuil an méid rialachán luaite ábhartha chun taighde a dhéanamh orthu roimh an éisteacht agus na ceisteanna sin a phlé ansin os comhair an Bhoird Pleanála.

66.     Cuireann na hIarratasóirí béim ar an méid a dúirt Ní Raifeartaigh Brmh. gan a bheith curtha faoi mhíbhuntáiste agus le meas nuair a úsáideann siad an teanga is mian leo i ndéileálacha oifigiúla leis an Stát.  Agus cuireann siad béim chomh maith ar an anailís a rinne Ní Raifeartaigh Brmh. maidir le hAirteagal 8 go mbeadh ról gníomhach seachas ról géilliúil ag an Stát maidir leis an teanga.

67.     Déanann siad tagairt chomh maith don anailís a rinne Ní Raifeartaigh Brmh. ar na breithiúnais a thug an Chúirt Uachtarach in Ó Maicín v. Éire [2014] 4 TÉ 477 ag mír 78 agus 79:-

          “Dúirt Clarke B. (mar a bhí an tráth sin) ina bhreithiúnas gur ghá ‘anailís ní amháin ar chearta na ndaoine siúd ar mian leo a ngnothaí a stiúradh i nGaeilge, ach ar chearta teanga na ndaoine siúd ar mian leo Bearla a úsáid chomh maith agus, mas cuí, leasanna iomaíocha nó oibleagáid bhunreachtúil ar bith a thiocfadh chun cinn’ (alt 239). As na trí bhreithiúnas ag an tromlach, ba chosúil gur chuir sé oibleagáid bhunreachtúil an Stáit faoi Airteagal 8 ar an gcéim is isle, amhail is gur dualgas éigin a bhi ann ar thaobh an Stáit chun ‘spreagadh de chineál éigin thabhairt’ don Ghaeilge. Chuir McMenamin B. an chéim beagán níos airde i, á rá:

         ‘Sílim go bhfuil nios mó i ndualgas an Stáit ná spreagadh an stádais mar an teanga naisiúnta a lorg. Faoi réir léirmhínithe chomhchuí le forálacha ar bith eile den Bhunreacht, ní mor é a spreagadh ar gach bealach gan aon bhacainn a chur ar dhuine ar mian leis a idirghnímhaíochtaí leis an Stát a stiúradh i nGaeilge.’ (alt 296)”

68.     Foráiltear le hAlt 8 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 go dtabharfar aird bhreithiúnach ar an gCoinbhinsiún ar Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirteachas an Phobail le linn Cinntí a Dhéanamh agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus, an Danmhairg, an 25 Meitheamh 1998 (“
Coinbhinsiún Aarhus” amach anseo).  Mar a leagtar síos, foráiltear le hAirteagal 2.3 de Choinbhinsiún Aarhus sainmhíniú ar eolas comhshaoil mar seo a leanas:-

“(a)    The state of elements of the environment, such as air and atmosphere, water, soil, land, landscape and natural sites, biological diversity and its components, including genetically modified organisms, and the interaction among these elements;

(b)     Factors, such as substances, energy, noise and radiation, and activities or measures, including administrative measures, environmental agreements, policies, legislation, plans and programmes, affecting or likely to affect the elements of the environment within the scope of subparagraph (a) above, and cost-benefit and other economic analyses and assumptions used in environmental decision-making”

69.     Maidir leis an méid luaite ag seo thuas, deir na hiarratasóirí gur ionann an t-eolas comhshaoil agus na hionstraimí reachtúla atá sonraithe sa sceideal don ráiteas is gá le haghaidh a athbhreithniú breithiúnach. Foráiltear le hAirteagal 3.2 de Choinbhinsiún Aarhus:-

          “Each Party shall endeavour to ensure that officials and authorities assist and provide guidance to the public in seeking access to information, in facilitating participation in decision-making and in seeking access to justice in environmental matters.”

70.     Cuireadh Coinbhinsiún Aarhus i bhfeidhm, maíonn siad, i ndlí an Aontais le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (“
Treoir 2003/4” amach anseo) agus foráiltear le hAirteagal 2.1 den Threoir 2003/4 mar a leanas:-

          “Environmental information’ shall mean any information in written, visual, aural, electronic or any other material form on:-

(a)     the state of the elements of the environment, such as air and atmosphere, water, soil, land, landscape and natural sites including wetlands, coastal and marine areas, biological diversity and its components, including genetically modified organisms, and the interaction among these elements;

(b)     factors, such as substances, energy, noise, radiation or waste, including radioactive waste, emissions, discharges and other releases into the environment, affecting or likely to affect the elements of the environment referred to in (a);

(c)      measures (including administrative measures), such as policies, legislation, plans, programmes, environmental agreements, and activities affecting or likely to affect the elements and factors referred to in (a) and (b) as well as measures or activities designed to protect those elements;”

71.     Agus foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2003/4 mar a leanas:-

“1.     Member States shall ensure that public authorities are required, in accordance with the provisions of this Directive, to make available environmental information held by or for them to any applicant at his request and without his having to state an interest.

2.       Subject to Article 4 and having regard to any timescale specified by the applicant, environmental information shall be made available to an applicant:

(a)     as soon as possible or, at the latest, within one month after the receipt by the public authority referred to in paragraph 1 of the applicant’s request; or

(b)     within two months after the receipt of the request by the public authority if the volume and the complexity of the information is such that the one-month period referred to in (a) cannot be complied with. In such cases, the applicant shall be informed as soon as possible, and in any case before the end of that one-month period, of any such extension and of the reasons for it.”

72.     Foráiltear le hAirteagal 7 den Treoir 2003/4 inter alia mar seo a leanas:-

          “Member States shall ensure that environmental information progressively becomes available in electronic databases which are easily accessible to the public through public telecommunication networks.

2.       The information to be made available and disseminated shall be updated as appropriate and shall include at least:

(a)     texts of international treaties, conventions or agreements, and of Community, national, regional or local legislation, on the environment or relating to it;”

73.     De réir na nIarratasóirí, tá éifeacht díreach ag an Treoir agus tá feidhm tugtha don Treoir leis an European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007 (S.I. 133 de 2007) i ndlí an Stáit.  Tá an sainmhíniú ar “
Environmental Information” in Airteagal 3.1  den Rialachán ar aon dul leis an sainmhíniú in airteagal 2.1 den Treoir. Tá na forálacha in Airteagal 7 den Rialachán ar aon dul leis na forálacha in airteagal den Treoir.

74.     Sa chomhthéacs seo, caithfidh mé aird a thabhairt ar an iarratas a rinne Éire ar an Aontas an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil agus oibre den Aontas agus mhol sí córas srianta nach ndéanfaí leis ach na Rialacháin sin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach, agus na Rialacháin sin amháin, a dhréachtú i nGaeilge. Dheonaigh an Chomhairle an stádas sin ón 1ú Eanáir 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 920/2005, lenar cuireadh maolú i bhfeidhm inar sonraíodh nach raibh le dréachtú i nGaeilge ach na Rialacháin sin amháin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach. I mí na Nollag 2015, ar iarraidh ó Rialtas na hÉireann, chinn an Chomhairle Eorpach an t-ábhar atá ar fáil i nGaeilge a mhéadú chun stádas iomlán a bhaint amach de réir a chéile don Ghaeilge san Aontas faoi tús 2022.

75.     Dá bhrí sin, is dóigh liom go bhfuil sé de dhualgas orm é sin a chur san áireamh sa chás seo ionas go mbeidh gach Treoir agus gach Rialachán Eorpach ar fáil ar bhonn comhuaineach i nGaeilge agus sna teangacha oifigiúla eile ach tá an Stát ag argóint nach raibh dualgas orthu na hionstraimí reachtúla a eisiúint i nGaeilge agus gur leor iad a eisiúint i mBéarla.

76.     In Waterville Fisheries Development Ltd v. Aquaculture Licenses Appeals Board (No. 3) [2014] IEHC 522, rinne Hogan Brmh. cur síos ar an gCoinbhinsiún Aahrus mar seo a leanas:-

          “… it is quite possibly the most influential international agreement of its kind in the sphere of international environmental law.  Perhaps one of the reasons that the Convention has proved to be so influential is that it has been ratified by the European Union and that it has been transposed into certain key areas of E.U. environmental law, on which the latest version of the Environmental Impact Assessment Directive (2011/92/EU) is only the most prominent example.”

77.     Ag an am céanna, i gcúis Lesoochranárske (C-240/09) ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach raibh éifeacht díreach ag Choinbhinsiún Aarhus toisc nach raibh sé soiléir, beacht agus neamhchoinníollach a dhóthain.

78.     Ag an am céanna, tá na ballstáit freagrach as rialacha nós imeachta a shonrú toisc go bhfuil na Ballstáit freagrach as a chinntiú go ndéantar na cearta faoin gCoinbhinsiún a chosaint go héifeachtach i ngach cás.

79.     De réir mhír 52 den bhreithiúnas sin tá dualgas ar an gcúirt náisiúnta rialacha nós imeachta d’fhonn imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a thionscnamh agus a léirmhíniú sa mhéid is gur féidir de réir chuspóirí Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún agus an cuspóir cosaint bhreithiúnach éifeachtach.

80.     In McCoy v. Shillalagh Quarries Limited [2015] 1 I.R. 627 rinne Hogan Brmh. tagairt dá bhreithiúnas in Waterville Fisheries Development Ltd. agus dúirt sé, ag mír 16:-

          “To the extent, therefore, that the Aarhus Convention has been subsumed into European Union law (either by virtue of the fact that it is an international agreement adopted by the Union or its provisions have been incorporated into primary European Union legislation such as the new consolidated version of the Environmental Impact Assessment Directive 2011/92/EU), this court would be obliged, in an appropriate case, to give effect to the terms of the Convention as part of these wider European Union law obligations.”

81.     I mo thuairimse, taispeánann an breithiúnas sin cé chomh tábhachtach is atá sé don tír seo go dtugtar aird ar na breithiúnais sin agus é mar chuspóir ag formhór na n-ionstraimí reachtúla atá á lorg sna himeachtaí seo éifeacht a thabhairt do dhlí an Aontais Eorpaigh.

VI.     Conclúidí

82.     De réir Macken Brmh. in Ó Murchú v. An Taoiseach tá an dualgas bunreachtúil chun tiontú oifigiúil a chur ar fáil le comhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta nó chomh luath agus is féidir é sin a dhéanamh. Maíonn na Freagróirí gur síníodh an tAcht ina dhlí an 19ú Iúil 2018, agus ba i mí na Nollag 2019 a rinne na hIarratasóirí na himeachtaí reatha seo a eisiúint.  Ní raibh tiontú Gaeilge oifigiúil den Acht ar fáil ag an am sin. Maíonn na Freagróirí go raibh 17 mí i gceist, agus ní raibh an t-am a thóg sé chun an tiontú a ullmhú míréasúnta toisc go raibh an téacs fada agus casta agus go bpléann sé le réimse ábhar an-leathan a bhaineann le cúrsaí pleanála, forbartha agus comhshaoil. Dá bharr sin, bhí a lán saineolais teanga ag teastáil chun é a aistriú i nGaeilge.

83.     Dúradh linn sna haighneachtaí béil os comhair na cúirte go raibh 450 Acht nach raibh aistrithe go Gaeilge go fóill. Cuireadh béim ar ráiteas a thug Charleton Brmh. san Ard-Chúirt in MacAodháin v. Coiste Rialacha na nUaschúirteanna [2009] IEHC 541 áit ar chinn sé nach raibh aon cheart dá leithéid seo a leanas ag an iarratasóir sa chás sin:-

          “Dáiríre, is éard atá á lorg ag an Iarratasóir ná go mbeadh gach blúire páipéir atá ábharach sa chás, gach píosa de dhlí reachtúil nó de dhlí trí rialachán a d’fhéadfadh sé a bheith ag brath orthu agus gach idirbheart a imríonn tionchar air agus an cás á dhiúscairt a bheith i nGaeilge.” [Mír 9]

84.     Ní dóigh liom go bhfuil an ráiteas seo thuas luaite ar intinn ag na hIarratasóirí sa chás seo.  Ar an gcéad dul síos, nuair a d’iarr an chúirt orthu liosta níos giorra de na hIonstraimí Reachtúla a ullmhú, ghearr siad amach tímpeall 1,000 leathanach, rud a léiríonn don chúirt seo cé chomh réasúnta is a bhí siad mar gheall ar an gcás.

85.     Beidh éisteacht bhéil á seoladh sa chás seo, agus meascán den dlí pleanála, atá casta cheana féin, agus de théarmaí atá neamhchoitianta sa Ghaeilge ó thaobh foclaíocht theicniúil a bhaineann le gné úr d’eolaíocht an chomhshaoil.  In éineacht leis sin, cuireadh fianaise os mo chomhair ón dlíodóir ar son an Iarratasóra maidir leis na deacrachtaí a bheadh aici maidir le conas treoracha cruinne a thabhairt dá cliaint mura raibh na hIonstraimí Reachtúla agus an téarmaíocht aici i nGaeilge. Tá sé intuigthe go bhfuil ar gach dlíodóir a bheith in ann an dlí a mhíniú don chliant agus tá sé riachtanach do dhuine ar bith a ghlacann cás trí Ghaeilge go mbeidh siad ábalta gach gné den chás a thuiscint trí Ghaeilge. Anuas air sin, caithfidh an Chúirt aire a thabhairt d’fhorbairt agus caomhnú na teanga.

86.     Maidir le tiontú a ullmhú, ba i mBéarla amháin a ritheadh an Bille san Oireachtas agus ba i mBéarla amháin a shínigh an tUachtarán ina dhlí é an 9ú Iúil 2018.  Níor thaispeáin an Stát meas ar bith ar na hiarratasóirí nuair nár luaigh siad go raibh an leagan Gaeilge den Acht le fáil ar an idirlíon i mí Aibreáin 2020. 

87.     Tá aird bhreithiúnach tugtha agam ar Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, agus an tionscnamh nuabhunaithe darb ainm “
Is muidne ESA”. Nuair a tógadh faoi dheara nach raibh tiontú Gaeilge ar an treoirleabhar a bhí foilsithe i 17 dteanga, cuireadh aistriú Ghaeilge air ar fáil. Tá neart samplaí de théarmaí agus den fhoclaíocht nua-aimseartha le fáil san fhoilseachán sin. Is í tuairim na cúirte ná go léirítear sa treoirleabhar seo cé chomh cabhrach is atá sé a leithéid de rud a bheith ar fáil chun an téarmaíocht Ghaeilge a chur ar fáil chomh maith leis an tslí a gcabhraíonn sé le dul chun cinn na teanga, go háirithe nuair is réimsí nua-aimseartha atá i gceist.

Conclúidí i leith an Achta agus tréimhsí ama

88.     In Ó Beoláin, chinn an Chúirt Uachtarach go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa phríomhtheanga oifigiúil “
nuair a chuir an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil” agus deonaíodh dearbhú sa chás sin. Ach céard a tharlódh dá mba rud é gur iarradh ar an Uachtarán Bille a shíneadh i nGaeilge? Tá an chúirt seo den tuairim gurbh fhéidir a shamhlú go dtarlódh a leithéid, agus bheadh ar an Oireachtas, agus ar an Rannóg Aistriúcháin, gach aon iarracht a dhéanamh chun an téacs sin a ullmhú.

89.     Deonaíodh dearbhú in Ó Beoláin in ainneoin go raibh tiontuithe oifigiúla Gaeilge de na hAchtanna a bhí á lorg curtha ar fáil roimh chonclúid an cháis. Tá sé sin cosúil leis an gcás atá idir lámha anseo, áit ar foilsíodh an tAcht ó 2018 tar éis tréimhse ama de 17 mhí ón dáta a d’iarraidh na nIarratasóirí air.

90.     De réir McGuinness Brmh. in Ó Beoláin sáraíodh an dualgas bunreachtúil sa tslí gur thóg an Stát tréimhse ama míréasúnta chun na tiontuithe a chur ar fáil. De réir Hardiman Brmh., ba chóir an dualgas a foráiltear in Airteagal 25.4.4 a glacadh go dáiríre ón gcás sin ar aghaidh, ionas nach dtarlódh a leithead arís agus ionas nach mbeadh ar iarratasóir éigin faoiseamh a lorg. Is cosúil gur amhlaidh atá cúrsaí arís,  sa chás seo.

91.     In Ó Murchú v. An Taoiseach, cás a ritheadh 10 mbliana tar éis Ó Beoláin ina raibh an tIarratasóir ag lorg tiontuithe oifigiúla Gaeilge ar Achtanna an Oireachtais, d’ordaigh an Chúirt Uachtarach nach raibh an Stát i dteideal aistriúcháin ar Achtanna an Oireachtais a choimeád siar ar feadh tréimhsí ama míréasúnta. Rinne an chúirt sin tagairt don chás Ó Beoláin agus an méid sin á ordú aici.

92.     Is léir don chúirt seo, mar sin, go dtugann Ó Murchú agus Ó Beoláin tacaíocht iomlán don chonclúid nach bhfuil an Stát i dteideal tréimhse míréasúnta a ghlacadh chun aistriúcháin Ghaeilge a ullmhú, rud a théann díreach i gcoinne stádas na teanga mar an phríomhtheanga oifigiúil de bhun Airteagal 8 den Bhunreacht.

93.     In Ó Gribín v. An Chomhaire Mhúinteoireachta [2007] IEHC 454 rialaigh an Ard-Chúirt (Murphy Brmh.) gur tharla sárú mar gheall ar moill cheithre bliana a bheith ann i dtaca le tiontú Gaeilge ar Acht an Oireachtais a chur amach, Airteagail 25.4.4 de  Bhunreacht agus alt 7 den Acht 2003.

94.     Is léir mar sin, ó thaobh tréimhsí ama de agus an méid atá thuasluaite curtha san áireamh, na prionsabail seo a leanas; déantar tagairt in Ó Beoláin go gcaithfear tiontú oifigiúil a chur ar fáil don phobal nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil agus go raibh an tréimhse ama sa chás sin rófhada agus scannalach neamhnáireach; tá tagairt déanta in Ó Murchú do thréimhse ama réasúnta chun aistriúchán a dhéanamh, nó go ndéantar é chomh luath agus is féidir; in alt 7(1) d’Acht 2003 (arna leasú), tá sé luaite nach mór tiontú oifigiúil a ullmhú agus a fhoilsiú a luaithe agus is féidir; agus de réir Airteagal 25.4.4 de Bhunreacht na hÉireann ní mór tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille i gceachtar ceann den dá theanga oifigiúla.

95.     Ag féachaint i dtreo dhlí-eolaíocht an Aontais Eorpaigh, rialaigh an Chúirt Chéad-Chéime in Opel Austria GmbH v. An Coimisiún nach dtagann dlí i bhfeidhm go dtí go bhfoilsítear é sna teangacha oifigiúla go léir. In Skoma-Lux sro rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhféadfaí dlí de chuid an Aontais Eorpaigh nach raibh foilsithe i dteanga oifigiúil Bhallstáit ar leith a chur i bhfeidhm i gcoinne saoránaigh den Bhallstát sin in ainneoin go bhféadfadh sé/sí eolas a chur ar an dlí sin ar shlí eile.

96.     Is léir don chúirt seo mar sin go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil a chur ar fáil chomh luath agus is féidir agus laistigh de thréimhse ama réasúnta. Ach céard is brí leis sin, go díreach? Níl sé oscailte don chúirt tréimhse ama ar leith a dhearbhú, ach is léir nach bhfuil 17 mhí, mar tharla sa chás seo, réasúnta ar chor ar bith. Tagaim ar an gcinneadh seo sa chomhthéacs nach raibh aon fhoinse curtha os comhair na cúirte maidir leis na hacmhainní atá ag an Rannóg Aistriúcháin. Is léir don chúirt, áfach, go bhfuil ganntanas acmhainní ann, agus is eolas é sin atá  ar fáil go poiblí. Tuigeann an chúirt go bhfuil an tAcht casta agus go bhfuil téarmaíocht agus ábhar mionsonraithe i gceist. Agus láidríonn sé sin an gá don tiontú a chur ar fáil chomh tapa sin. Is é tuairim na cúirte seo ná go dtosaíonn an gá do thiontú oifigiúil ón bpointe a thagann sé i bhfeidhm mar dhlí, i dteanga oifigiúil amháin. Chomh fada is a thógann sé don Stát an tiontú oifigiúil a chur ar fáil, méadaíonn an neamart ar shon an Stáit.

Conclúidí i leith na nIonstraimí Reachtúla

97.     Maidir le hIonstraimí Reachtúla, ní mór féachaint i dtús báire ar an gcásdlí ó thaobh na rialacha cúirte, a thagann i bhfeidhm de bhun Ionstraimí Reachtúla. In Ó Foghludha v. McClean, rinne Ó Cinnéide P.Bhrmh. trácht ar an ngá a bhí ann le sraith iomlán nua de rialacha cúirte i nGaeilge agus i mBéarla a chur ar fáil. Pléitear Rialacha na nUaschúirteanna go sonrach sa chás Delap v. An tAire Dlí agus Cirt. Lorg an tIarratasóir sa chás sin leagan oifigiúil Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna 1986 agus lorg sé ordú mandamus le tabhairt ar an Aire Dlí agus Cirt an leagan sin a chur ar fáil, in éineacht le dearbhuithe ón gCúirt maidir le dualgas bunreachtúil an Aire maidir leis sin. Mar a tharla, sa chás sin, bhí aistriúcháin á ullmhú. Dheonaigh an chúirt dearbhú maidir leis an oibleagáid bhunreachtúil atá ar an Stát leagan Gaeilge de na rialacha cúirte a sholáthar.

98.     Dúirt an chúirt sa chás sin (Ó hAnluain Brmh.) go raibh an ceart ag saoránach faoin mBunreacht a thaobh féin de chás ar bith a phlé i nGaeilge agus go bhfuil a leithéid de shaoránach faoi mhíbhuntáiste más rud é nach bhfuil na rialacha cúirte cuí ar fáil i nGaeilge.

99.     In Ó Beoláin, ba iad Rialacha na Cúirte Dúiche a bhí á lorg. Dheonaigh an Chúirt Uachtarach dearbhú a thabhairt go raibh dualgas bunreachtúil ar an Aire Dlí agus Cirt agus ar an Stát tiontú oifigiúil Gaeilge ar Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 a chur ar fáil don phobal ionas go mbeadh an tIarratasóir in ann a thaobh féin de na himeachtaí a sheoladh go hiomlán i nGaeilge gan chonstaic agus gan mhíbhuntáiste. Sa chás sin, dúirt McGuinness Brmh. gurbh a bhí i gceist sa chás sin ná ceist mar gheall ar an gceart rochtain ar na cúirte daoine a labhraíonn ceachtar den dá theanga oifigiúla. Deonaíodh dearbhú agus ghlac Hardiman Brmh sa chás chéanna go mbeadh deacrachtaí níos measa ag dlíodóir dul chun cúirte gan an t-eolas cuimsitheach ar na rialacha a bheith ar fáil sa  teanga roghnaithe.

100.   Sa chás Ó Murchú v. An Taoiseach, dheonaigh an Chúirt Uachtarach dearbhú don iarratasóir go raibh dualgas bunreachtúil ann na Rialacha Cúirte, agus gach leasú, foirm agus innéacs a ghabhann leo a chur ar fáil i nGaeilge, a luaithe is gur féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.

101.   Bhí na cásanna sin thuasluaite ag déileáil le hIonstraimí Reachtúla ar rialacha cúirte iad. Ní chuimsítear leis an dualgas bunreachtúil chun leagan Gaeilge de gach uile Acht a chur ar fáil dualgas chun leagan Gaeilge de gach Ionstraim Reachtúil a sholáthar freisin. In Ó Murchú v. An Taoiseach cé gur dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach plé le hIonstraimí Reachtúla ar an mbonn céanna le hAchtanna an Oireachtais, tá an doras fágtha ar leathadh i leith na ceiste seo. Dúirt an chúirt nach raibh aon dualgas bunreachtúil ginearálta ann gach aon Ionstraim Reachtúil a rinneadh de bhun Acht de chuid an Oireachtais a aistriú agus a chur ar fáil don phobal. Ach, anuas ar sin, chinnte go bhféadfadh duine a bheith i dteideal éileamh a dhéanamh, toisc nach bhfuil Ionstraim Reachtúil áirithe nó fiú amháin níos mó ná ceann amháin ar fáil i nGaeilge. Chuimseodh sé sin, i gcásanna áirithe, cosc nó bac ar dhuine iarracht a dhéanamh a cheart maidir leis an bpríomhtheanga oifigiúil a úsáid in imeachtaí cúirte a chosaint, nó ar a laghad maidir lena thaobh féin d’imeachtaí cúirte a sheoladh.

102.   Is léir don chúirt seo mar sin, cé go bhfuil na cásanna thuasluaite ag déileáil le rialacha cúirte, tá an doras oscailte go mbeidh gá le hIonstraimí Reachtúla eile a chur ar fáil. Caithfear féachaint ar an gcás seo mar chás uathúil, gan cásanna eile a chur sa mheá agus é á mheas.

103.   Ag féachaint ar an áit ina bhfuil cúrsaí  i láthair na huaire, táthar ag reachtú Ionstraimí Reachtúla le linn ré phaindéim Covid-19 agus ritheann sé liom go bhfuil leas an phobail i gceist leis na hIonstraimí sin, agus is ait an rud é nach bhfuil  siad á bhfoilsiú in éineacht le tiontú Gaeilge. Maidir leis an réimse nua dlí atá tar éis teacht ar an bhfód le déanaí maidir le cúrsaí timpeallachta agus pleanála, ba ábhar é atá nua agus casta araon, fiú i mBéarla.

104.   Ag féachaint do na hIonstraimí Reachtúla a bhí idir lámha sa chás seo, bhí 29 Ionstraim á lorg ag na hIarratasóirí ag tús na héisteachta. Beadh thart ar 1,200 leathanach i gceist leis sin. Ghéill na hIarratasóirí a n-éileamh ar 5 Ionstraim, agus fágadh, dá bharr, gur ghearr siad siar ar an líon leathanach a bhí á lorg acu, síos go dtí timpeall 600 leathanach. Bhí na hIarratasóirí sásta é seo a dhéanamh ar bhonn phraiticiúil de. Is féidir a fheiceáil cé chomh réasúnta is atá na hIarratasóirí leis sin.  

105.   Chuaigh an chúirt trí na hIonstraimí agus is léir go mbaineann siad le hábhar agus dlí úrnua agus casta. Tugann roinnt dóibh éifeacht do dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh agus leasaíonn roinnt dóibh an príomhacht (an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000). Le roinnt blianta anuas tá claonadh i dtreo rannpháirtíocht phoiblí i gcinntí agus faisnéis maidir leis an timpeallacht. Tá na hIarratasóirí ag glacadh páirte in éisteacht bhéil atá á seoladh as Gaeilge. Tá seans ann go mbeadh níos mó ná aistriú amháin de roinnt téarmaí nó slite éagsúla chun téarmaí a aistriú, agus dá bharr sin ba chóir tiontú oifigiúil a bheith ar fáil don phobal ionas gur féidir leo brath air gan aon amhras go mbeadh míthuiscint ann.

106.   Tá na hIonstraimí Reachtúla de dhíth ar na hIarratasóirí ionas go n-ullmhóidh, go réiteoidh, go riarfaidh agus go stiúrfaidh na hIarratasóirí agóid éifeachtach ar an Órdú Cheannaigh Éigeantaigh i gcomhairle lena bhfoireann gan chonstaic agus gan mhíbhuntáiste os comhair an Bhoird Phleanála.

107.   De bharr an méid thuas, tá an chúirt seo sásta go bhfuil sé riachtanach leagan Gaeilge de na hIonstraimí Reachtúla atá fágtha ar an liosta a chur ar fáil agus tá sé práinneach ag an bpointe seo chomh maith leagan Gaeilge a chur ar fáil ó thaobh foclaíochta de agus chomhthéacs an ábhair.

108.   Níl dualgas leagtha amach sa Bhunreacht chun tiontú oifigiúil d’Ionstraimí Reachtúla a fhoilsiú ach táim sásta go bhfuil na hIarratasóirí sa chás seo tar éis léiriú go bhfuil gá do na hIonstraimí Reachtúla seo agus go mbeidís faoi mhíbhuntáiste muna fhaigheann siad iad. Bheadh a gcearta teanga sáraithe, i mo thuairim féin, agus bheidís faoi mhíbhuntáiste mura bhfuil siad in ann glacadh páirt san éisteacht bhéil go hiomlán le leath aistriúchán ar na téarmaí nó le haistriúchán nach bhfuil oifigiúil. Bheadh baol ann go dtarlódh iomrall ceartais. Tá cearta teanga acu, tá gá ann na hIonstraimí seo a bheith ann, agus ar an cinneadh na hIonstraimí Reachtúla atá á lorg a bhronnadh agus ordú a thabhairt chun iad a aistriú.

VII.   Cinneadh na Cúirte

109.   Baineann na deacrachtaí sa chás seo le heaspa sainteanga dhlíthiúil chun cás na nIarratasóirí a sheoladh mar ba cheart i nGaeilge. Déanann an chúirt gach rud atá thuasluaite a mheasúnú, idir stair an cháis, na haighneachtaí ón dá thaobh agus an dlí a bhí curtha os comhair na cúirte, agus tá na deacrachtaí atá soiléir sa chás seo curtha san áireamh agam freisin.

110.   In ainneoin go bhfuil borradh tar éis teacht uirthi, is teanga í atá fós ag teacht chun cinn.  Cé go bhfuil gá agus dualgas ann caitheamh leis an nGaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla, ní féidir leis na hIarratasóirí é sin a bhaint amach má leanann an neamart seo ar aghaidh. Tá daoine sa tír seo, go háirithe muintir na Gaeltachta, nó siúd nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht ach atá ag maireachtáil trí Ghaeilge, a bhíonn ag iarraidh an teanga a úsáid gach uile lá. Tá cearta bunreachtúla acu é sin a dhéanamh agus tá dualgas bunreachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar chomhchéim leis an Bhéarla.

111.   Caithfidh mé aird a thabhairt ar sheasamh na nIarratasóirí sa chás seo, daoine le dlúth bhaint acu leis an Ghaeltacht. Tá siad ag iarraidh brath ar a gceartaí teanga agus a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Níl sé maith go leor go mbeadh constaicí os comhair cainteoirí Gaeilge, go háirithe nuair atá siad ag teacht i dteagmháil leis an Stát agus le gníomhairí an Stát. 

112.   Sa chás seo, tá an chúirt ag féachaint ar Acht amháin agus ar Ionstraimí Reachtúla áirithe. Níl an chúirt ag féachaint ar aon chineál reachtaíocht eile. Caithfidh an chúirt díriú ar aidhm an Bunreacht i leith na bhforálacha a bhaineann leis an nGaeilge mar phríomhtheanga agus ar na haidhmeanna atá léirithe sa Bhunreacht ó thaobh dhátheangachas de agus conas na haidhmeanna sin a chur i gcríoch sa chás seo, agus an Bunreacht a léirmhíniú ina iomláine.

113.   Mar sin, tugann an chúirt dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na bhFreagróirí céad, tríú agus ceathrú-ainmnithe tiontú oifigiúil den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2018 sa phríomhtheanga oifigiúil a chur ar fáil. In ainneoin go bhfuil an tiontú sin ar fáil anois, sháraigh na Freagróirí an dualgas bunreachtúil mar gheall ar an moill míréasúnta a bhí i gceist chun an tiontú a ullmhú.

114.   Maidir leis na hIonstraimí Reachtúla, tugann an chúirt ordú go bhfuil gá ann tiontú oifigiúil de na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa sceideal (seachas ag xiii, xv, xvii, xviii agus xxi, nach bhfuil á lorg ag na hIarratasóirí) a ullmhú laistigh de thréimhse ama réasúnta.

115.   Tugann an chúirt trí seachtain do na Páirtithe chun aighneachtaí a ullmhú maidir le costais, foirm an ordaithe deiridh, agus aon ábhar choimhdeach a thagann chun cinn, go háirithe maidir leis an tréimhse ama chun na hIonstraimí Reachtúla a ullmhú.

You May Also Like