Mac Fhlannchadha -v- An tAire Talmhaiochta, Bia agus Mara & Ors [2021] IEHC 647 (11 June 2021)

AN ARD-CHÚIRT

2016/867/JR

IDIR

PEADAR MAC FHLANNCHADHA

Iarratasóir

 

v.

 

AN TAIRE TALMHAÍOCHTA, BIA AGUS MARA, ÉIRE AGUS AN TARD-AIGHNE

Freagróir

 

BREITHIÚNAS de chuid an Bhreithimh Ní Raifeartaigh a tugadh ar an 11 ú lá de Mheitheamh 2021.

 

Cineál an Cháis

1. Baineann an cás seo leis an gceist i dtaobh ar mhainnigh Éire Treoir AE maidir leis an bhfaisnéis i scríbhinn nach foláir do mhonaróirí táirgí tréidliachta a sholáthar ar na táirgí sin agus in éineacht leis na táirgí sin a thrasuí mar is ceart. Ceanglaítear leis an Treoir go “léireofar” faisnéis shonrach faoin táirge ar an bpacáistíocht agus sa bhileog atá in éineacht leis “i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad”. Cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Chonamara is ea an t-iarratasóir agus úsáideann sé táirgí tréidliachta le haghaidh a pheata madra. Is é an cás atá aige go gceanglaítear leis an Treoir an fhaisnéis iomchuí a sholáthar sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon nuair a dhíoltar an táirge in Éirinn ós rud é gurb iad “teangacha na tíre” iad an dá theanga. Ceadaítear le rialacháin trasuímh na hÉireann, áfach, an fhaisnéis a sholáthar sa Bhéarla amháin. Dá bhrí sin, is í an cheist lárnach sa chás an bhfuil éifeacht dhíreach leis an Treoir, de réir bhrí an choincheapa sin i ndlí AE, a mhéid a bhaineann sé leis an teanga ina ndéanfar an fhaisnéis iomchuí faoin táirge a sholáthar. Más rud é go bhfuil éifeacht dhíreach léi maidir leis an sonra sin, rinneadh mainneachtain i reachtaíocht na hÉireann an Treoir a thrasuí mar is ceart sa mhéid sin.

 

2. De réir mar a chuaigh an cás ar aghaidh, d’eascair ceist eile i dtaobh rogha na cúirte maidir le deonú faoiseamh in imthosca ina dtiocfaidh sí ar chinneadh nár trasuíodh Treoir AE mar is ceart. Eascraíonn an cheist sin i bpáirt toisc gur thug an tAontas Eorpach Treoir nua isteach, ó bhí céad éisteacht an cháis seo ann, lena dtugtar rogha shoiléir do Bhallstáit maidir leis an teanga ina bhfoilseofar an fhaisnéis agus tiocfaidh an Treoir sin i bhfeidhm in Eanáir 2022. Sna himthosca sin, d’áitigh an freagróir nárbh fhiú na faoisimh a iarradh a dheonú. Faoin tráth a d’athródh na monaróirí táirgí a gcleachtas (dá n-athródh féin) mar fhreagairt d’athrú ar an Rialachán de chuid na hÉireann, bheadh córas nua dlí AE i bhfeidhm. Ansin, tharchuir mé ceisteanna chun Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dtaobh an raibh an chúirt i dteideal rogha a fheidhmiú chun diúltú faoiseamh a dheonú sna himthosca sin agus thug an chúirt sin breithiúnas ar an 17 Márta 2021.

 

Cuid 1: An comhthéacs fíorasach agus an comhthéacs dlí

An Cúlra Fíorasach

3. Is cainteoir dúchais Gaeilge é an t-iarratasóir agus tá cónaí air i nGaeltacht Chonamara. Labhraíonn sé an Ghaeilge sa bhaile agus ag an obair. Déanann sé a chuid gnó oifigiúil ar fad trí Ghaeilge a mhéid is féidir leis. Bíonn cainteoirí dúchais níos compordaí agus iad ag labhairt ina dteanga féin ná ag labhairt sa Bhéarla, rud nach minic a thuigeann an chuid eile de dhaonra na hÉireann. Tá peata madra aige agus tá táirgí íocshláinte tréidliachta ag teastáil le haghaidh an mhadra. Is é an gearán atá aige gur sa Bhéarla amháin a scríobhtar an fhaisnéis a ghabhann le táirgí íocshláinte tréidliachta atá ar fáil in Éirinn. Is é croílár a éilimh sna himeachtaí seo go bhfuil Éire ag sárú dhlí AE trí mhainneachtain Treoir AE 2001/82 a thrasuí go cuí, Treoir lena gceanglaítear, dar leis, an fhaisnéis a ghabhann le táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar sa dá theanga oifigiúla de chuid na hÉireann, is é sin an Ghaeilge agus an Béarla.

 

Na Faoisimh atá á Lorg

4. Tá na faoisimh seo a leanas á lorg ag an iarratasóir: (i) dearbhú nach ndéantar leis an reachtaíocht náisiúnta infheidhme Teideal V (Airteagail 58 go 61) de Threoir 2001/82 a thrasuí mar is ceart nó ar chor ar bith; (ii) dearbhú nach foláir a chinntiú le dlí na hÉireann, maidir leis na sonraí cuí ar na bileoga pacáiste agus ar an bpacáistíocht i gceist i dTeideal V de Threoir 2001/82, gur i dteangacha oifigiúla an Stáit a bheidh siad, is é sin le rá sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, ar tháirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar an margadh sa Stát; agus (iii) dearbhú nach foláir d’údaráis na hÉireann an dlí náisiúnta a leasú chun a chinntiú go ndéanfar forálacha Theideal V de Threoir 2001/82 a thrasuí mar is ceart.

 

An Rialachán reatha de chuid na hÉireann

5. Sula dtabharfaidh mé aghaidh ar na forálacha mionsonraithe den Treoir AE, pléifidh mé go gairid leis na gnéithe iomchuí den rialachán de chuid na hÉireann. Rinneadh Treoir 2001/82 a thrasuí i ndlí na hÉireann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leigheasanna Ainmhithe), 2007 (I.R. Uimh. 144/2007), agus, ina dhiaidh sin, le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leigheasanna Ainmhithe) (Uimh. 2), 2007 (I.R. Uimh. 786/2007). Foráiltear leis an dara rialachán a luaitear gur ‘sa Bhéarla nó sa Ghaeilge’ a bheidh an fhaisnéis nach foláir a léiriú ar an bhforphacáistíocht, ar an neasphacáistíocht agus ar an mbileog phacáiste le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta. Mar sin, tugtar rogha ó thaobh teanga de.

 

An reachtaíocht de chuid AE

Treoir 2001/82

6. Is í Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO 2001 L 311, lch 1), arna leasú le Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 (IO 2004 L 136, lch 58), atá faoi chaibidil sna himeachtaí seo. Gairfear Treoir 2001/82 di sa bhreithiúnas seo.

 

7. Is i dTeideal V de Threoir 2001/82 atá na forálacha iomchuí, eadhon, Airteagail 58, 59 agus 61. Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 58(1) agus (4) den Treoir sin:

‘1. Ach amháin i gcás na dtáirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 17(1), ceadóidh an t-údarás inniúil neasphacáistíocht agus forphacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an bpacáistíocht, beidh sí i gcomhréir leis na sonraí agus na doiciméid a sholáthrófar de bhun Airteagail 12 go 13d agus leis an achoimre ar shaintréithe an táirge, agus léireofar í i gcarachtair inléite:

(a) Ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, agus ina dhiaidh sin a neart agus a fhoirm chógaisíochta; Léireofar an gnáthainm más rud é nach bhfuil ach substaint ghníomhach amháin sa táirge agus gur ainm cumtha a ainm;

(b) Ráiteas faoi na substaintí gníomhacha arna sloinneadh go cáilíochtúil agus go cainníochtúil in aghaidh an aonaid nó de réir na caoi a bhfuil dáileog le tabhairt, le haghaidh toirt nó meáchan áirithe, agus a ngnáthainmneacha á n-úsáid;

(c) Baiscuimhir an mhonaróra;

(d) Uimhir an údaraithe margaíochta;

(e) Ainm nó ainm corpraithe agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe shealbhóir an údaraithe margaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, an ionadaí atá ainmnithe ag sealbhóir an údaraithe margaíochta;

(f) An speiceas ainmhí dá bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta beartaithe; an modh agus, más gá, an bealach tabhartha. Soláthrófar spás chun an dáileog fhorordaithe a léiriú;

(g) An tréimhse tarraingt siar le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a bheidh le tabhairt do bhia-speicis, le haghaidh na speiceas go léir lena mbaineann agus le haghaidh na n-earraí bia éagsúla lena mbaineann (feoil agus scairteach, uibheacha, bainne, mil), lena n-áirítear na speicis sin arb ionann líon laethanta a dtréimhse tarraingt siar agus náid;

(h) An dáta éaga, i dteanga shimplí;

(i) Na réamhchúraimí stórála speisialta, más ann dóibh;

(j) Na réamhchúraimí sonracha i ndáil le diúscairt táirgí íocshláinte neamhúsáidte nó dramhaíola ó tháirgí íocshláinte tréidliachta, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le tagairt d’aon chóras bailiúcháin cuí atá i bhfeidhm;

(k) Na sonraí is gá a léiriú de bhun Airteagal 26(1), más ann dóibh;

(l) Na focail ‘Le haghaidh cóir leighis a chur ar ainmhithe, agus orthusan amháin’ nó, i gcás na dtáirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 67, na focail ‘Le haghaidh cóir leighis a chur ar ainmhithe, agus orthusan amháin – ná soláthraítear ach ar oideas tréidliachta’.

[…]

4. ‘Léireofar na sonraí a luaitear i mír 1(f) go (l) ar fhorphacáistíocht agus ar choimeádán na dtáirgí íocshláinte i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad.’ (béim curtha isteach)

 

8. Foráiltear le hAirteagal 59 de Threoir 2001/82:

‘1. Maidir le hampaill, is ar an bhforphacáistíocht a léireofar na sonraí a liostaítear sa chéad mhír d’Airteagal 58(1) ar an bhforphacáistíocht. Ní gá ach na sonraí seo a leanas a léiriú ar an neasphacáistíocht, áfach:

•        ainm an táirge íocshláinte tréidliachta,

•        cainníocht na dtáirgí gníomhacha,

•        an bealach tabhartha,

•        an dáta éaga,

•        na focail ‘Le haghaidh cóir leighis a chur ar ainmhithe, agus orthusan amháin’.

2. Maidir le neasphacáistíocht bheag ina bhfuil dáileog shingil, seachas ampaill, agus nach féidir na sonraí a luaitear i mír 1 a léiriú uirthi, ní bheidh feidhm ag ceanglais Airteagal 58(1), (2) agus (3) ach maidir leis an bhforphacáistíocht.

3. Léireofar na sonraí a luaitear sa tríú fleasc agus sa séú fleasc de mhír 1 ar fhorphacáistíocht agus ar neasphacáistíocht na dtáirgí íocshláinte i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad.’ [béim curtha isteach]

 

9. Foráiltear le hAirteagal 61(1) den Treoir sin:

‘Beidh sé éigeantach bileog phacáiste a áireamh i bpacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta mura rud é gur féidir an fhaisnéis go léir a cheanglaítear a thabhairt leis an Airteagal seo a chur in iúl ar an neasphacáistíocht agus ar an bhforphacáistíocht. Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun a chinntiú go mbaineann an bhileog phacáiste leis an táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil sí istigh leis agus leis sin amháin. Beidh an bhileog phacáiste scríofa i dtéarmaí atá sothuigthe don phobal i gcoitinne agus i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ina margaítear an táirge íocshláinte.’

Leagtar amach an fhaisnéis a bheidh le cur isteach sa bhileog sin in Airteagal 61(2)(a) go (i) den Treoir sin.

 

An t-athrú atá le teacht ar chóras dlí AE: Rialachán (AE) 2019/6

10. Tugadh isteach Rialachán AE nua, a ghabhann ionad Threoir 2001/82, tar éis éisteacht an cháis seo. Is é Rialachán (AE) 2019/6 atá i gceist. Tugadh isteach é tar éis próiseas comhairliúcháin forleathan ar fud AE. Aisghairtear leis Treoir 201/82 (féach Airteagal 149) agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 28 Eanáir 2022 (féach Airteagal 160). Chun críoch reatha, tá sé suntasach go bhfuil athrú déanta ar na forálacha a bhaineann leis an teanga nach foláir an fhaisnéis iomchuí a fhoilsiú inti. Tugtar rogha go soiléir sainráite sa Rialachán do na Ballstáit a bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin acu maidir le cén teanga a fhéadfar a úsáid ar an lipéadú agus ar an bpacáistíocht, seachas ceanglas a bheith ann an dá theanga oifigiúla a úsáid. Níl an Rialachán i bhfeidhm go fóill, áfach, agus táimid fós faoi cheangal Threoir 2001/82.

 

11. Is iad seo a leanas aithrisí 52, 53 agus 96 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (2019) (IO 2019 L 4, lch. 43):

“(52) Chun an ualach riaracháin a laghdú agus infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta a uasmhéadú sna Ballstáit, ba cheart rialacha simplithe a leagan síos faoin gcaoi ar cheart a bpacáistíocht agus a lipéid a chur i láthair. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthraítear le téacs a laghdú agus, más féidir d’fhéadfaí picteagraim agus giorrúcháin a fhorbairt agus a úsáid de rogha ar an bhfaisnéis théacsúil sin. Ba cheart na picteagraim agus giorrúcháin a chaighdeánú ar fud an Aontais. Ba cheart a bheith cúramach nach gcuirfidh na rialacha sin sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe nó sábháilteacht an chomhshaoil i mbaol.

(53) Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an teanga a roghnú don téacs a úsáidtear san achoimre ar shaintréithe an táirge, sa lipéadú agus i mbileog phacáiste na dtáirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe ar a gcríoch.

[…]

(96) Agus na príomhathruithe ar cheart iad a dhéanamh ar rialacha atá ann cheana á gcur san áireamh, is rialachán an ionstraim dhlíthiúil iomchuí a chuirfear in ionad Threoir 2001/82/CE chun rialacha soiléire, mionsonraithe a leagan síos, ar rialacha iad a bheidh infheidhme go díreach. Thairis sin, áirithítear le rialachán go gcuirfear na ceanglais dhlíthiúla chun feidhme ag an tráth céanna agus ar mhodh comhchuibhithe ar fud an Aontais.”

12. Foráiltear le hAirteagal 7 den Rialachán sin, dar teideal “Teangacha”:

1. Is í teanga nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge íocshláinte tréidliachta ar fáil ar an margadh teanga nó teangacha na hachoimre ar shaintréithe an táirge agus na faisnéise ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste, ach amháin i gcás ina ndéanann an Ballstát a mhalairt a chinneadh. (béim curtha isteach)

2.   Féadfar táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú i roinnt teangacha.”

 

CUID 2: Na himeachtaí san Ard-Chúirt roimh an tarchur chun Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Aighneachtaí na bpáirtithe

13. D’aighnigh an t-iarratasóir nár trasuíodh Treoir 2001/82 mar is ceart isteach i ndlí na hÉireann toisc gur ceadaíodh leis an Rialachán de chuid na hÉireann an phacáistíocht agus an bhileog faisnéise a bhaineann le táirgí tréidliachta a bheith sa Bhéarla amháin. D’aighnigh sé go raibh teanga na Treorach lena gceanglaítear an fhaisnéis a chur ar fáil in dhá theanga an Stáit soiléir, gan athbhrí agus gan choinníoll agus gur chomhlíon sí, dá bhrí sin, na critéir faoi dhlí AE chun go mbeadh éifeacht dhíreach léi. Chuige sin, sheas an t-iarratasóir ar údaráis aitheanta amhail Van Gend en Loos (C-26/62)
, Van Duyn v. Home Office (C-41/74)
, agus Ratti (C-148/78)
. Ina theannta sin, sheas an t-iarratasóir ar phrionsabal fhorlámhas dhlí AE; Costa v. ENEL (C-6/64)
; Simmenthal (C-106/77)
; R (Factortame Ltd) v Secretary of State for Transport (C-213/89)
; agus ar phrionsabal na cosanta dlí éifeachtaí in Airteagal 19 de CAE agus ar an gceart chun leighis éifeachtaigh de bhun Airteagal 47 den Chairt. Sheas an t-iarratasóir ar Airteagal 3 de CAE (lena dtugtar ráthaíocht go n-urramóidh sé “saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga,” agus go n-áiritheoidh sé “go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú”), agus Airteagail 21 agus 22 den Chairt um Chearta Bunúsacha a bhaineann le cearta teanga. Cuirtear toirmeasc le hAirteagal 21 ar idirdhealú ar fhorais teanga (i measc nithe eile), agus tugtar ráthaíocht le hAirteagal 22 go ndéanfar éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú.

 

14. D’aighnigh an freagróir nach raibh locus standi ag an iarratasóir chun agóid a dhéanamh i gcoinne na Treorach ós rud é nach raibh éifeacht dhíreach léi agus gur trasuíodh Treoir 2001/82 mar is ceart ar aon chuma. Aighníodh go raibh téacs Threoir 2001/82 gan athbhrí i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil ceanglas ann nach foláir gach teanga oifigiúil a úsáid le haghaidh na faisnéise a léirítear ar phacáistíocht agus ar lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta i gcás níos mó ná teanga oifigiúil amháin a bheith ag Ballstát. Dá réir sin, an cinneadh a rinne Éire an Treoir a chur i ngníomh ar mhodh lena gceadófaí teanga amháin dá cuid, agus an teanga sin amháin, a úsáid, bhí sé laistigh den lamháil discréide agus an Treoir á trasuí.

 

15. Aighníodh chomh maith gurbh é cuspóir sainráite Threoir 2001/82 a chinntiú go mbeadh úsáideoirí táirgí tréidliachta ábalta rochtain a fháil ar fhaisnéis intuigthe faoi na táirgí sin agus nár bhain an Treoir i ndáiríre le cearta cultúir ná teanga. Ní shárófaí cearta den chineál sin ach amháin i gcás go mbeadh pacáistíocht nó lipéadú ag iarratasóir nár thuig sé i gceart, agus ní raibh sé sin i gceist sa chás seo.

 

16. Leag an freagróir béim mhór ar na hiarmhairtí praiticiúla a bhainfeadh le tátal nár trasuíodh an Treoir mar is ceart agus/nó nach foláir an phacáistíocht le haghaidh táirgí tréidliachta a bheith sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Aighníodh gurb amhlaidh, dá mbeadh oibleagáid ar mhonaróirí treoracha dátheangacha (sa Ghaeilge agus sa Bhéarla) a tháirgeadh, go mbeadh baol tromaí ann go bhfágfadh monaróirí áirithe margadh na hÉireann mar gheall ar a laghad atá sé mar mhargadh. Dhéanfadh a leithéid díobháil don earnáil talmhaíochta. Cuireadh in iúl nach le táirgí tréidliachta le haghaidh peataí amháin a bhain an Treoir i gceist ach go raibh feidhm aici maidir leis an earnáil táirgí tréidliachta ar fad, lena n-áirítear, mar shampla, tionscal na gcapall. Aighníodh gurb amhlaidh, dá n-éireodh le hargóintí an iarratasóra, go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann do shláinte ainmhithe agus, go hindíreach, do shláinte an phobail chomh maith le drochthionchar ar an ngeilleagar mar gheall ar dhamáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don earnáil gnó talmhaíochta ar fad. Tarraingíodh aird ar thaighde de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a thaispeáin gur chostais phacáistithe agus lipéadaithe 34% de na costais a bhain le táirge tréidliachta a chur ar fáil i stát. Níor cheart míbhuntáiste a chur ar Éirinn, mar thír bheag, mar gheall ar cheanglas riachtanach an fhaisnéis ar an bpacáistíocht agus an lipéadú a bheith sa dá theanga náisiúnta.

 

Rialú na Cúirte maidir le héifeacht dhíreach

17. Foráiltear le hAirteagal 288 de CFAE:

Beidh treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.”.

 

18. Seo mar a thrácht Craig & de Búrca in EU Law: Text, Cases and Materials
ar na húdaráis maidir le prionsabal na héifeachta dírí amhail Van Duyn agus Ratti:

“Is í an éifeacht a bhí leis na rialuithe sin go bhféadfadh éifeacht dhíreach a bheith le Treoracha. Ba í an cheist lárnach an raibh an fhoráil áirithe den Treoir soiléir go leor, cruinn agus gan choinníoll chun go bhféadfadh cúirt náisiúnta í a fheidhmiú go díreach. Cé gur ceadmhach do na Ballstáit rogha a dhéanamh maidir leis an modh ar a mbainfear amach an toradh a éilítear le Treoir, ní cosc é sin ar an éifeacht dhíreach i gcás gur féidir ábhar an chirt aonair a chinneadh le cruinneas leordhóthanach ón Treoir.

[…]

I bhformhór na gcásanna, ach ní i ngach cás, a tháinig ina dhiaidh sin, rinne an Chúirt rialú nach gcoiscfeadh rogha ar phearsa aonair seasamh go díreach ar Threoir. Dá bhrí sin, is féidir le pearsa aonair seasamh ar Threoir i gcás gur fheidhmigh Ballstát a rogha go hiomlán maidir le cur i ngníomh; i gcás gur roghnaigh an Stát rogha áirithe a fheidhmiú nó gan í a fheidhmiú; i gcás gur féidir oibleagáid chruinn shoiléir a scaradh ó chodanna eile de Threoir; nó i gcás gur féidir a shainaithint go bhfuil oibleagáid shoiléir ann toradh a ghnóthú. Anuas air sin, fiú amháin i gcás nach bhfuil forálacha Treorach cruinn go leor chun go mbeadh éifeacht dhíreach léi ó thaobh toradh áirithe a shonrú, d’fhéadfadh go mbeadh pearsana aonair i dteideal athbhreithniú breithiúnach a fháil mar gheall ar na forálacha sin chun a chinneadh ar chomhlíon an Stát na paraiméadair a leagtar amach sa Treoir.”

 

19. Cé go dtuigim go maith go bhféadfadh go mbeadh drochiarmhairtí tromchúiseacha ann mar gheall ar an gcinneadh seo, feictear dom go bhfuil na forálacha iomchuí de Threoir 2001/82 soiléir, gan athbhrí agus gan choinníoll ina gcuid téarmaí. Foráiltear le hAirteagal 58(4): “Léireofar na sonraí a luaitear i mír 1(f) go (l) ar fhorphacáistíocht agus ar choimeádán na dtáirgí íocshláinte i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad.” Foráiltear le hAirteagal 59(3): “Léireofar na sonraí a luaitear sa tríú fleasc agus sa séú fleasc de mhír 1 ar fhorphacáistíocht agus ar neasphacáistíocht na dtáirgí íocshláinte i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad.’ Foráiltear le hAirteagal 6(1): “Beidh an bhileog phacáiste scríofa i dtéarmaí atá sothuigthe don phobal i gcoitinne agus i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ina margaítear an táirge íocshláinte.” Úsáidtear teanga ordaitheach (“léireofar”) faoi thrí sna forálacha sin i dtaca leis an bhfrása “teanga nó teangacha” (cuirtear an focal “oifigiúil” isteach sa tríú háit a bhfuil sé) an Bhallstáit. Ó thaobh na gramadaí agus na comhréire de, feictear dom go bhfuil aon Bhallstát a bhfuil níos mó ná teanga amháin aige faoi shainordú an fhaisnéis iomchuí a sholáthar i ngach teanga díobh sin.

 

20. Anuas air sin, is cosúil go raibh dlúthcheangal ag ceist na teanga le príomhchuspóir na Treorach, is é sin faisnéis thábhachtach áirithe a chur in iúl d’úsáideoirí na dtáirgí; sna himthosca sin, ní fhéadfaí a rá gur chuspóir coimhdeach í an cheist i dtaobh cén teanga a raibh an fhaisnéis le cur in iúl inti. De réir fhoclaíocht na Treorach, ní raibh aon rogha ag an mBallstát agus ní raibh aon athbhrí ann. Rinne an tAontas Eorpach cinneadh, tar éis próiseas comhairliúcháin, gan an cheist seo a fhágáil faoi rogha na mBallstát mar a rinneadh i gcás Treoracha eile agus ceist na teanga fágtha faoi na Ballstáit. Sna himthosca sin, ní raibh rogha ag an mBallstát imeacht ó fhoclaíocht na Treorach a bhí soiléir gan athbhrí maidir leis an teanga d’ainneoinn na ndrochthorthaí tromaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá dheasca sin.

 

21. Rinne mé rialú amhlaidh trí bhreithiúnas ex tempore. Mar a mhínigh mé sa rialú uaim ag an am, bhí mé den tuairim go raibh locus standi ag an iarratasóir chun seasamh ar fhorálacha na Treorach i gcoinne an fhreagróra agus go raibh éifeacht dhíreach ag forálacha iomchuí Threoir 2001/82 maidir le ceist na teanga. Dá bhrí sin, bhí mé den tuairim gur mhainnigh an Stát Treoir 2001/82 a thrasuí mar is ceart. Bhain mé an tátal as go raibh forálacha na Treorach soiléir, gan athbhrí agus gan choinníoll de réir bhrí chásdlí AE agus go raibh dlúthcheangal ag ceist na teanga le príomhchuspóir na Treorach, is é sin faisnéis thábhachtach áirithe a chur in iúl d’úsáideoirí na dtáirgí. De réir fhoclaíocht na Treorach, ní raibh aon rogha ag an mBallstát agus ní raibh aon athbhrí ann. Sa mhéid is gur chruthaigh sé sin fadhb phraiticiúil, is fadhb í a cruthaíodh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus níorbh fhéidir an fhadhb a réiteach, i dtuairim na Cúirte, ach amháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

 

22. Luaigh mé ansin gur fhéach an tAontas Eorpach leis an seasamh sin a athrú iad féin le déanaí. Tar éis próiseas comhairliúcháin fadálach, tugadh Rialachán nua isteach lenar tugadh rogha shoiléir shainráite do Bhallstáit maidir leis an teanga a úsáidfear ar phacáistíocht táirgí tréidliachta. Achtaíodh agus foilsíodh an Rialachán sin ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm go dtí Eanáir 2022. Tharraing mé aird na bpáirtithe air sin i mo bhreithiúnas; níor tarraingíodh aird na Cúirte air sin go dtí sin.

 

23. Sa rialú uaim, mhaígh mé gur chuir achtú an Rialacháin sin fadhb nua roimh an gCúirt. Is é sin, d’ainneoin thuairim na Cúirte go raibh ceanglas ann faoi dhlí AE an fhaisnéis táirge iomchuí a fhoilsiú sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, ceanglas a bhféadfadh an t-iarratasóir seasamh air sna cúirteanna intíre, an mbeadh deonú faoisimh gan tairbhe anois. Is é fáth na ceiste sin gur ghearr go rialófaí lipéadú táirgí tréidliachta sa dóigh is go gceadófaí táirgí a lipéadú sa Bhéarla amháin in Éirinn, rud a thabharfaidh bunús dlíthiúil bailí i ndlí AE don chleachtas atá ann faoi láthair. Ag féachaint do na hiarmhairtí praiticiúla tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann don gheilleagar agus don earnáil talmhaíochta, mar a chuir an freagróir i láthair iad, agus ag féachaint dó go mbeadh athrú ag teacht ar chóras dlí an Aontais Eorpaigh i gcás ar bith agus go dtabharfadh sé sin dlisteanacht don chleachtas atá ann faoi láthair i dtaca le lipéadú, chonacthas dom go raibh dealramh leis an bhfaoiseamh a lorgaíodh a dhiúltú i bhfeidhmiú mo rogha in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Mar sin féin, i mo thuairim, d’eascair ceist eile as sin i dtaobh an bhfuil cúirt náisiúnta i dteideal faoiseamh a dhiúltú in imeachtaí athbhreithnithe Bhreithiúnaigh fiú amháin i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aici nár trasuíodh Treoir mar is ceart nó go hiomlán, agus i dtaobh an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal rogha a fheidhmiú ar an ngnáthbhealach in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh nuair nach bhfuil aon dlí AE i gceist. Dá réir sin, d’iarr mé aighneachtaí scríofa ó na páirtithe ar an ábhar sin agus reáchtáladh éisteacht eile ó bhéal ar an gceist i dtaobh an raibh rogha ag an gCúirt an faoiseamh a lorgaíodh a dhiúltú.

 

Cuid 3: An Tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

24. Ina n-aighneachtaí i scríbhinn agus ó bhéal, rinne na habhcóidí thar ceann an iarratasóra béim a leagan ar thosaíocht dhlí AE agus ar phrionsabal na héifeachta dírí, agus d’aighnigh siad go mbonnbhrisfí na prionsabail sin dá ndiúltódh an Chúirt faoiseamh a dheonú d’ainneoin an chinnidh uaithi nár trasuíodh Treoir mar is ceart.

 

25. D’áitigh na habhcóidí thar ceann an fhreagróra go raibh na gnáthphrionsabail maidir le feidhmiú rogha i ndeonú faoisimh i bhfeidhm. Bhí an Chúirt i dteideal féachaint do thosca éagsúla agus breith á tabhairt aici i dtaobh faoiseamh a dheonú nó gan faoiseamh a dheonú trí athbhreithniú breithiúnach lena n-áirítear ábhair amhail éadairbhe, moill, mainneachtain úsáid a bhaint as leigheasanna eile, easpa ionracais ar thaobh iarratasóra, agus an tionchar ar thríú páirtithe. Sa chás seo, aighníodh go mbeadh deonú faoisimh gan tairbhe ag féachaint d’fhorálacha an Rialacháin nua a thiocfadh i bhfeidhm in Eanáir 2022. Agus an fhírinne phraiticiúil á tógáil san áireamh go mbeadh imeacht ama ag teastáil idir deonú an fhaoisimh a lorgaíodh agus cur i ngníomh na bhfaoiseamh sin ag an Stát, agus ag na monaróirí in am trátha, bheadh an deonú faoisimh gan tairbhe i ndáiríre. Aighníodh chomh maith gurb amhlaidh, dá ndeonófaí an faoiseamh, go mbeadh iarmhairtí suntasacha ann do thríú páirtithe nach mbeadh os comhair na Cúirte, agus chuir an freagróir in iúl gur mar gheall ar an imní faoi dhrochimpleachtaí den sórt sin a cuireadh foclaíocht nua sa Rialachán nua atá le teacht i bhfeidhm in 2022.

 

26. Ní raibh an freagróir ar an eolas faoi aon údarás Éireannach ar an bpointe ach thagair sé do Walton v The Scottish Ministers
inar glacadh an tuairim go gcoimeádfadh cúirt intíre rogha chun faoiseamh a dhiúltú, fiú amháin dá gcinnfeadh sí gur sáraíodh Treoir AE, ar fhorais den sórt atá ar fáil faoin dlí inmheánach.

 

27. Mhaígh an freagróir go mbeadh sé eisceachtúil cúirt intíre faoiseamh a dhiúltú in imthosca den sórt sin ach d’aighnigh sé go raibh an cás seo eisceachtúil de dheasca na ndrochiarmhairtí tromchúiseacha a bheadh ann don gheilleagar agus do shláinte ainmhithe agus an phobail dá ndeonófaí an faoiseamh.

 

28. Bhí mé den tuairim go raibh dealramh le haighneachtaí an fhreagróra, ach bhí imní orm gur ardaíodh ceist i dtaobh dhlí AE ar a raibh easpa soiléireachta, is é sin an cheist i dtaobh an raibh rogha ag an gCúirt faoiseamh a dhiúltú. Tar éis dom an éisteacht fhorlíontach a dhéanamh, chinn mé ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 dhá cheist a tharchur chuig CBAE. Ba iad seo a leanas an dá cheist a tarchuireadh:

“(1) An bhfuil an rogha ag cúirt náisiúnta faoiseamh a dhiúltú in ainneoin gur chinn sí gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt do ghné ar leith de Threoir den Aontas Eorpach (“AE”) agus, má tá an rogha sin aici, cad iad na tosca cuí ba chóir a chur san áireamh i dtaca leis an rogha agus/nó an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal na tosca céanna, a chuirfeadh sí san áireamh dá mba shárú ar an dlí náisiúnta a bheadh faoi chaibidil aici, a chur san áireamh?

(2) An mbainfí an bonn de phrionsabal na héifeachta dírí i nDlí an Aontais Eorpaigh dá ndiúltódh cúirt náisiúnta faoiseamh a dheonú sa chás seo mar gheall ar theacht i bhfeidhm Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 (agus a chur i bhfeidhm arna chur siar go dtí an 28 Eanáir 2022), in ainneoin gur chinn an chúirt náisiúnta gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt don dualgas in Airteagail 61(1), 58(4), agus 59(3) de Threoir 2001/82/CE go mbeadh pacáistíocht agus lipéadú táirgí tréidliachta i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit .i. Gaeilge chomh maith le Béarla in Éirinn?

 

29. Shann Clárlann na Cúirte Breithiúnais C-64/20 mar uimhir thagartha don chás agus tugadh na túslitreacha U.H. d’ainm an iarratasóra ionas nach n-aithneofaí é. Rinne Éire réamhagóid  maidir le hinghlacthacht ach dhiúltaigh an tAbhcóide Ginearálta agus an chúirt (an Chéad Dlísheomra) an réamhagóid sin.

 

30. Thug an tAbhcóide Ginearálta Bobek a thuairim ar an 14 Eanáir 2021. Maidir leis na ceisteanna a cuireadh, léirigh sé an tuairim go bhfuil rogha ag cúirt intíre faoiseamh a dhiúltú fiú más rud é go ndearnadh mainneachtain Treoir a thrasuí mar is ceart. Dúirt sé go mbeadh ar an gcúirt intíre dul i mbun anailís chomhréireachta chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart faoiseamh a dheonú nó nár cheart in aon chás áirithe. Rinne sé plé cuimsitheach ar na tosca ba chóir a chur i gcuntas, go háirithe i gcás ina n-ardaítear ceisteanna teanga. Pléitear a thuairim ar shlí níos mionsonraithe thíos.

 

31. Thug CBAE breithiúnas ar an 17 Márta 2021. I mbreithiúnas gearr, ní dhearna an chúirt ach breithniú ar na ceisteanna a cuireadh amháin agus ní dhearna sí aon trácht ar cheist na héifeachta dírí. Tháinig an chúirt ar an tuairim seo a leanas sa deireadh:

“Ní mór Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta arna leagan síos chuige sin leis an dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta, arna leasú le Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/82, lena n‑aisghairtear an treoir sin agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.”

 

32. Dá bhrí sin níorbh ionann an tátal a bhain an chúirt agus an tátal a bhain an tAbhcóide Ginearálta Bobek maidir le ceist na rogha; b’intuigthe as gur dhiúltaigh an chúirt cur chuige na comhréireachta a bhí molta ag an Abhcóide Ginearálta agus go raibh sí ag moladh faoiseamh a dheonú go huathfheidhmeach a luaithe a chinnfí gur sáraíodh an Treoir.

 

CUID 4

Tar éis breithiúnas a thabhairt ar an réamhtharchur

33. Tar éis do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a breithiúnas a thabhairt ar an réamhtharchur, rinne Cláraitheoir na Cúirte teagmháil leis na páirtithe agus ba léir gur mhian leis an bhfreagróir tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh. D’éascaigh an Chúirt an iarraidh sin agus in am trátha chuir an t-iarratasóir tuilleadh aighneachtaí isteach mar fhreagra. D’ardaigh an freagróir dhá cheist éagsúla: (1) D’iarr sé ar an gCúirt an cinneadh a rinne sí maidir le héifeacht dhíreach a athbhreithniú agus a fhreaschur agus (2) mar mhalairt air sin, d’áitigh sé gur cheart aon dearbhú a dheonófar a bheith dearbhaitheach agus gan bheith éigeantach.

 

34. Maidir leis an gcéad cheist, d’iarr an freagróir ar an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar an tátal a bhain sí maidir le ceist na héifeachta dírí roimh sheoladh an réamhtharchuir. Sheas an freagróir ar thuairimí éagsúla i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek agus é ag áitiú gur thacaigh siad leis na hargóintí roimhe sin ón Aire maidir le héifeacht dhíreach agus gur chaith siad amhras mór ar an tátal a bhain an Chúirt cheana. Chuir an t-iarratasóir go láidir in aghaidh na hiarrata athbhreithniú a dhéanamh ar an tátal a bhain an Chúirt cheana.

 

35. Mar mhalairt air sin, d’iarr an freagróir ar an gCúirt chomh maith an breithiúnas ó CBAE a fhorléiriú mar bhreithiúnas lena gcoisctear deonú aon ní de chineál ordaithe lena gcuirtear iallach ar an bhfreagróir na rialacháin a athrú. D’aighnigh an freagróir gurb í teorainn dhlínse na Cúirte dearbhú a dheonú go mainníonn na rialacháin an Treoir a thrasuí mar is ceart agus go sárófaí deighilt na gcumhachtaí faoin mBunreacht dá ndéanfaí níos mó ná sin. Iarradh go ndéanfaí é sin a nascadh leis an bhfoclaíocht a úsáideadh sa bhreithiúnas ó CBAE ag pointe amháin, is é sin nósanna “imeachta a leagtar síos […] sa dlí náisiúnta” chun a cheadú do phearsana aonair iallach a chur ar an Stát beart a dhéanamh chun Treoir a chur i ngníomh. Aighníodh nach gceadaítear imeachtaí den sórt sin le dlí na hÉireann agus nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCúirt, dá bhrí sin, leis an mbreith ó CBAE an ceann deireanach de na dearbhuithe a d’iarr an t-iarratasóir a dheonú, dearbhú á rá gur cheart an dlí in Éirinn a athrú chun an Treoir a chomhlíonadh. Arís, chuir an t-iarratasóir go mór in aghaidh na haighneachta sin.

 

36. Casfaidh mé anois ar an gcéad cheist, is é sin ar cheart don Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar an tátal a bhain sí i dtaobh an bhfuil éifeacht dhíreach ag Treoir 2001/82 sa chaoi nach foláir don fhaisnéis a ghabhann le táirgí tréidliachta a bheith sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, ós rud é gurb iad teangacha oifigiúla an Stáit iad.

 

An chéad cheist a d’ardaigh an freagróir: athbhreithniú a dhéanamh ar an rialú a rinne an Chúirt cheana ar cheist na héifeachta dírí

37. Mar a léiríodh thuas, áitíonn an freagróir gur cheart don Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar an rialú uaithi ar cheist na héifeachta dírí i bhfianaise na dtráchtanna a rinne an tAbhcóide Ginearálta Bobek sa rialú uaidh. Cuireann an t-iarratasóir ina choinne sin. Rinne na páirtithe trácht ar údaráis éagsúla i dtaca leis an gceist ar bhreithiúnas a oscailt an athuair in imthosca inar thug an Chúirt a breithiúnas cheana féin. Ba cheart dom a rá maidir leis an gcás seo nach bhfuil breithiúnas i scríbhinn tugtha ag an gCúirt go fóill agus nach bhfuil aon ordú comhlánaithe seachas ordú lena gcuirtear an réamhtharchur chuig CBAE. Dá bhrí sin, tá níos mó solúbthachta ag an gCúirt anois ná mar a bheadh aici i gcás ina mbeadh breithiúnas tugtha agus ordú comhlánaithe. Ar a shon sin, bhí an tátal a bhain an Chúirt maidir le ceist na héifeachta dírí léirithe aici cheana féin, agus is ar an mbonn sin a tarchuireadh na ceisteanna chuig an gCúirt Eorpach. I mo thuairimse, níor cheart don Chúirt cur isteach ar an gcinneadh sin mura rud é go bhfuil cúis mhaith ann é sin a dhéanamh. Is mian liom anois tagairt a dhéanamh do na húdaráis a luadh liomsa, agus an caveat leagtha amach sa mhír seo, is é sin nach cás é seo inar tugadh breithiúnas i scríbhinn nó inar comhlánaíodh ordú.

 

38. Bhí an breithiúnas a thug Ó Cléirigh B. (mar a bhí air an tráth sin) in Re McInerney Homes
ar cheann de na príomhdhíospóireachtaí san ábhar seo. Bhí breithiúnas tugtha ag an Ard-Chúirt i scrúdaitheoireacht, ach ina dhiaidh sin, d’iarr an chuideachta ab iarrthóir ar an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar a breithiúnas ar an mbonn gur tháinig sé chun solais go gairid i ndiaidh í a thabhairt gur dhócha ansin go n-aistreofaí leasanna dhá bhanc de na bainc a bhí páirteach sa scrúdaitheoireacht bheartaithe chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Cheadaigh Ó Cléirigh B. an cás a athoscailt, agus d’áitigh sé, chun go mbeadh an chúirt ábalta a dlínse a fheidhmiú chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheist tar éis breithiúnas ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt, go mbeadh sé riachtanach “cúiseanna maithe” a bheith ann lena dhéanamh sin. Anuas air sin, ba cheart tionchar tábhachtach a bheith ag na hábhair nua ar thoradh an cháis, fiú mura bhfuil siad cinniúnach, agus ba cheart iad a bheith inchreidte. Ina theannta sin, ní cheadófar seasamh ar fhianaise nua den sórt sin de ghnáth dá bhféadfaí an fhianaise iomchuí, le dícheall réasúnach, a chur os comhair na cúirte sa triail. Thug sé faoi dhíospóireacht chuimsitheach ar an gceist i míreanna 3.1 – 3.8 dá bhreithiúnas, agus rinne sé tagairt d’uainiú an iarratais, i measc nithe eile, agus go háirithe don cheist i dtaobh an bhfuil na himeachtaí críochnaithe nó nach bhfuil; d’imthosca an iarratais (amhail an raibh calaois nó iompar neamhchoinsiasach ann); do luach na cinnteachta in imeachtaí agus don ghá atá ann “anord dlíthíochta” a sheachaint. Luaigh sé sleachta, le ceadú agus go mion, ó Paulin v. Paulin & Anor
ina raibh mionanailís ar an gcur chuige ceart i bhfianaise tosca éagsúla.

 

39. Cuireadh ar mo shúile dom freisin an bhreith in Nash v An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
, breith den Chúirt Uachtarach inar aontaigh an Chúirt le hiarraidh earráidí fíorais sa bhreithiúnas scríofa a cheartú ach inar dhiúltaigh sí athrú a dhéanamh ar an tátal foriomlán a bhain an Chúirt as an tuillteanas. Bhain an cás le héileamh ón Uasal Nash ar dhamáistí mar gheall ar shárú líomhnaithe ar a theideal chun trialach in am trátha faoi fhorálacha an Bhunreachta nó an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, nó faoi fhorálacha an Bhunreachta agus an Choinbhinsiúin sin araon, éileamh ar dhiúltaigh an Chúirt dó agus a dhiúltaigh sí a chur ar neamhní. Rinne Ó Dónaill B. plé mionsonraithe i dtaobh cén uair is cuí cás a athoscailt ar bhonn earráidí, lena n-áirítear earráidí fíorais.

 

40. Sa dá chás thuas, is mar gheall ar ábhair fíoras a d’eascair an iarraidh chun an cás a athoscailt; is earráidí fíorais ar thaobh na cúirte a bhí ann i gcás Nash, agus is teagmhais fhíorasacha a tharla ó tugadh an breithiúnas a bhí ann i gcás McInerney Homes. Sa chás tosaigh roimhe sin Re Greendale Developments Ltd (Uimh. 3)
, bhain an cheist leis an gceartas bunreachta (sa ghné nóis imeachta). D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí ordú roimhe sin den Chúirt Uachtarach sna himeachtaí sin a chur ar ceal ar an bhforas gur thug an Chúirt aghaidh ar cheist lárnach sa bhreithiúnas roimhe sin uaithi gan deis leormhaith a thabhairt do na páirtithe déileáil leis an bpointe. Ar deireadh, chinn an Chúirt nach ndearnadh aon sárú ar nósanna imeachta cothroma agus, dá réir sin, nach raibh aon imthosca speisialta nó neamhghnácha ann a d’fhág gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh, ach chuir sí in iúl chomh maith go bhfeidhmeodh sí an dlínse eisceachtúil sin i gcás cuí, i gcás go dtiocfadh an mhainneachtain é sin a dhéanamh salach ar nósanna imeachta cothroma atá cumhdaithe sa Bhunreacht. Ní dhéanfadh sí é sin, áfach, mura rud é go ndéanfaí sárú follasach ar phrionsabail an cheartais nádúrtha agus, mura ndéanfaí bearta chun an sárú sin a réiteach, go ndéanfaí dochar d’údarás na cúirte i dtuairim saoránach stuama. Rinneadh plé arís ar chineál na dlínse, agus leagadh béim ar eisceachtúlacht na dlínse sin, in Bates v An tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
.

 

41. Ní áitíonn an t-iarratasóir sa chás seo, ar ndóigh, go raibh aon éagóir nóis imeachta sa chéad éisteacht ná go ndearna an chúirt aon earráid fíorais. Is é an rud a eascraíonn as an gcás seo go ndearna an tAbhcóide Ginearálta Bobek tráchtanna áirithe, le linn don nós imeachta réamhtharchuir a bheith á sheoladh san Eoraip, a thugann le fios, dar leis an bhfreagróir, go raibh an tátal bunaidh a bhain an Chúirt maidir le ceist na “héifeachta dírí” mícheart. Bhí cás ann arb amhlaidh, toisc gur bhain sé le dlí AE, gur mhó an ciallachas a bhí ag gabháil leis an gcinneadh a rinneadh ann don cheist atá os mo chomhair, is é sin Abbeydrive Developments v Comhairle Contae Chill Dara
. Bhain an cás sin leis an iarratasóir d’fháil cead pleanála d’éagmais cinneadh laistigh den achar ama ceart ag an gComhairle. Bhí aighneacht i scríbhinn curtha faoi bhráid na Comhairle ag An Taisce, ach níor cuireadh An Taisce ar an eolas maidir leis na himeachtaí cúirte. Dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach, ar achomharc ón Ard-Chúirt, go raibh an t-iarratasóir i dteideal cead pleanála mainneachtana. Rinne An Taisce iarratas ansin chun na Cúirte Uachtaraí ar éisteacht a fháil sula ndéanfaí aon orduithe críochnaitheacha sna himeachtaí. D’áitigh sé go raibh deonú ceada pleanála mainneachtana i ndáil le forbairt bheartaithe a raibh Ráiteas Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis, mar a éilítear le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, arna leasú, ar neamhréir le dlí na hEorpa, agus rinne sé tagairt do An Coimisiún v An Bheilg (C-230/00)
mar aon leis an bprionsabal nach bhféadfaí forbairtí a bhí faoi réir cheanglais na Treorach MTT a údarú trí chead nó trí dhiúltú intuigthe. Níor mheas an Ard-Chúirt an cheist sin cheana ós rud é nach raibh sé ardaithe ag an gComhairle.

 

42. Chinn an Chúirt Uachtarach (Ó Ciaráin U. a thug an breithiúnas) gan aon ordú críochnaitheach a dhéanamh go dtí go gcinnfeadh an Ard-Chúirt an cheist i ndáil leis an ráiteas tionchair timpeallachta (RTT) agus tharchuir sí an cheist chuig an Ard-Chúirt. Dúirt Ó Ciaráin U. (agus tagairt á deanamh aige do Greendale) gur ghnách breith den Chúirt Uachtarach a bheith ina breith chríochnaitheach dhoshéanta ach go bhféadfadh an Chúirt, ar a shon sin, dá léireofaí imthosca speisialta nó neamhghnácha, idirghníomhú chun cur isteach ar a hordú féin. Thug sé dá aire gurb amhlaidh, agus breithniú á dhéanamh i dtaobh ar sroicheadh an tairseach chun an dlínse speisialta sin a agairt, nárbh fholáir breithniú a dhéanamh ar thábhacht fhoriomlán an phointe a iarradh a ardú, agus nárbh fholáir tionchar a bheith ag an bpointe sin mar ábhar dóchúlachta, dá mba bhailí é, ar thoradh an cháis. Ba dheimhin leis an gcúirt, maidir leis an bpointe a d’ardaigh An Taisce, is é sin, go bhfuil an mhainneachtain measúnacht a dhéanamh ar an RTT lárnach in aon bhreith cead a dheonú, cibé acu ar bhonn ‘measta’ nó ar shlí eile, gur pointe substainteach é agus go mbeadh tionchar aige ar thoradh na n-imeachtaí istigh leis seo dá seasfaí leis.

 

43. Is mar gheall ar earráid maidir le gné lárnach de dhlí AE a deirtear a bheith sa bhreithiúnas a iarrtar a athbhreithniú (agus a fhreaschur) atá Abbeydrive agus an cás seo comhchosúil lena chéile; mar gheall ar earráid ar thaobh na cúirte sa chás seo, agus toisc nár ardaíodh í agus nár tugadh aghaidh uirthi dá bhrí sin in Abbeydrive. Mar sin féin, agus ceapaim gur pointe tábhachtach idirdhealaithe é seo, tá difríocht thábhachtach nóis imeachta ann sa mhéid is gurb éard a bhí i gceist in Abbeydrive go raibh páirtí leasmhar (An Taisce) neamhábalta a chuid argóintí i ndáil leis an gceist thábhachtach maidir le dlí AE a chur i láthair. Dá réir sin, d’fhéadfaí a rá gur sháraigh an cinneadh bunaidh gnéithe den “cheartas nóis imeachta”, agus bheadh sé sin laistigh de pharaiméadair an chur chuige in Greendale dá bhrí sin (dealraíonn sé gur ar an mbonn sin a dhéileáil Ó Ciaráin U. leis an ábhar).

 

44. Chuaigh an Chúirt Achomhairc i ngleic leis an gceist i dtaobh breithiúnas a athbhreithniú in Bailey v. Coimisinéir an Gharda Síochána & Ors
agus, níos déanaí, in Friends First Managed Pension Funds Ltd v. Smithwick (breithiúnas ó Ní Fhaoláin B.)
. Mar a tharlaíonn i gcás breithiúnais den Chúirt Uachtarach, ar ndóigh, baineann na prionsabail a phléitear go príomha (a) le cúirteanna achomhairc agus (b) le breithiúnais a tugadh iarbhír i scríbhinn agus ar iarr páirtí de na páirtithe athbhreithniú a dhéanamh orthu agus é nó í ag áitiú go ndearnadh earráid.

 

45. Maidir le haighneacht an iarratasóra gur cheart don Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar an tátal a bhain sí níos luaithe maidir le héifeacht dhíreach, cé nach bhfuil sí sin bunaithe ar líomhain go ndearnadh éagóir nóis imeachta (dála Greendale) ná ar earráid fíorais líomhnaithe (dála Nash), feictear dom go bhfuil an méid seo a leanas an-ábhartha sa chás seo:

(a) is cúirt chéadchéime í seo;

(b) níor tugadh aon bhreithiúnas i scríbhinn ná níor comhlánaíodh aon ordú agus is trí rialú ex tempore ó bhéal a léiríodh tuairim na cúirte; agus

(c) tá na ráitis ar sheas an freagróir orthu chun an cheist a athoscailt bunaithe ar thráchtanna a rinne Abhcóide Ginearálta CBAE i gcúrsa imeachtaí réamhtharchuir a bhaineann go sonrach leis an gcás seo.

 

46. Sna himthosca sin, níl an bhacainn ar athbhreithniú a dhéanamh ar an tátal a bhain an Chúirt níos luaithe chomh hard lena bhfuil luaite sna húdaráis a pléadh thuas, údaráis a bhaineann go príomha le tátail a baineadh i mbreithiúnais chríochnaitheacha a thug cúirteanna achomhairc. Bheinn sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an tátal a bhain mé níos luaithe maidir le ceist na héifeachta dírí dá gcreidfinn, ar bhonn ráitis ón Abhcóide Ginearálta nó ón gCúirt Bhreithiúnais i gcúrsa imeachtaí réamhtharchuir, go raibh an tátal a bhain mé níos luaithe mícheart i gcomhthéacs dhlí na hEorpa, dlí arb iad comhlachtaí breithiúnacha na hEorpa a léirmhínitheoirí údarásacha.

 

47. Is cosúil gurb é an cur chuige a ghlac an Ard-Chúirt (Ó hÓgáin B.) an ceann is simplí, ach caithfidh mé a admháil nár chuir na páirtithe an t-údarás sin faoi mo bhráid. Ba é an cás M.M. v. An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Uimh. 3) a bhí i gceist, cás lenar bhain na nósanna imeachta ladhraithe a bhí i bhfeidhm ag an am in iarratais ar thearmann agus ar chosaint choimhdeach. Tharchuir Ó hÓgáin B. ceist chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le hábhar áirithe (i dtaobh an gcaithfí dréachtbhreith maidir le cosaint choimhdeach atá i gcoinne an iarratasóra a chur chuig an iarratasóir sula nglacfaí leis) agus is é an freagra a thug an chúirt uirthi nach gcaithfí. Chuaigh an chúirt níos faide ná an cheist a cuireadh, áfach, agus chuir sí in iúl go raibh fadhb eile sa nós imeachta, is é sin nach raibh an bhreith maidir le cosaint choimhdeach éagsúil leis an mbreith maidir le tearmann. Sheas an tAire, agus é ag diúltú don iarratas ar chosaint choimhdeach, ar chinntí a rinneadh san iarratas ar thearmann roimhe sin, agus é ag diúltú do chreidiúnacht an iarratasóra maidir le hábhair fhíorasacha áirithe, gan a chuid cinntí féin a dhéanamh. Chuir an Ard-Chúirt breith an Aire ar neamhní ansin, agus an bunús leis sin ag eascairt go díreach as breithiúnas na Cúirte Breithiúnais. Ar an gcaoi chéanna, ní bheadh aon drogall orm mo thuairim ar dhlí AE a fhreaschur dá mbeadh sé curtha in iúl ag an gCúirt Bhreithiúnais go raibh breith mhícheart tugtha agam san éisteacht bhunaidh, agus ní cheapaim gur gá dom an iomarca srianta a bheith orm leis na húdaráis eile dá dtagraítear thuas maidir le cinntí críochnaitheacha ó chúirteanna achomhairc.

 

48.  Agus é sin curtha san áireamh agam, casfaidh mé anois ar ar dúradh san Eoraip maidir leis an gcéad cheist, is é sin ceist na héifeachta dírí.

 

Anailís ar chúrsaí san Eoraip agus cibé acu ba cheart nó nár cheart don Chúirt an tátal a bhain sí níos luaithe maidir le héifeacht dhíreach a fhreaschur mar gheall orthu

49. Sa chuid seo, pléifidh mé an cheist seo: I bhfianaise na dtráchtanna ón Abhcóide Ginearálta Bobek, mar aon le breithiúnas na cúirte, ar cheart dom an tátal a bhain mé i dtosach maidir le héifeacht dhíreach a athrú? Chun tuiscint a fháil ar an méid a dúradh san Eoraip, tá sé tábhachtach a thuiscint nár iarradh ar an gCúirt leis an réamhtharchur rialú ar cheist na héifeachta dírí ach ar cheist an leighis; go sonrach, i gcás inar chinn cúirt go bhfuil éifeacht dhíreach ag Treoir ar féidir le pearsa aonair seasamh uirthi os comhair cúirt intíre, cibé acu atá nó nach bhfuil an bhfuil an chúirt i dteideal an faoiseamh ar fad nó cuid de a dhiúltú de réir na bprionsabal a bhaineann le feidhmiú rogha.

 

50. Baineann an chuid is mó de thuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek leis an gceist shonrach a cuireadh. Sa chéad chuid dá thuairim, áfach, phléigh sé ceist na héifeachta dírí. Is iad seo a leanas, i mo thuairim, na sleachta ina gcaitheann sé solas ar cheist na héifeachta dírí (Bhain mé na luanna):

“65. Ar  ndóigh, déantar an toimhde leis sin go bhfuil éifeacht dhíreach ag na forálacha den Aontas atá i dtrácht. Maidir le struchtúr an ghaoil sin, is fíor gur údaráis phoiblí iad na freagróirí agus, de réir cásdlí socair, is féidir le daoine aonair forálacha treorach a agairt i gcoinne údaráis den sórt sin i gcás inar mhainnigh an Stát iad a thrasuí faoi dheireadh na tréimhse arna forchur.

66. Mar sin féin, is ceist eile é cé acu atá nó nach bhfuil éifeacht dhíreach ag an fhoráil nó na forálacha dlí den Aontas atá i dtrácht, agus cén t‑inneachar go baileach atá sa riail a bhfuil éifeacht dhíreach aici. De réir cásdlí socair, bíonn éifeacht dhíreach ag foráil dlí an Aontais in aon chás ina bhfuil sí sách soiléir, beacht agus neamhchoinníollach, ó thaobh a hábhair de, chun gur féidir í a agairt i gcoinne foráil den dlí náisiúnta atá contrártha léi, nó a mhéid a leagtar síos cearta san fhoráil ar féidir le daoine aonair iad a dhearbhú i gcoinne an Stáit.

67. Sa chás seo, dealraíonn sé go bhfuil an cheist réitithe cheana ag céim luath ag an gcúirt a rinne an tarchur, trína chinneadh, mar a d’áitigh an t‑iarratasóir, go bhfuil na forálacha den Aontas atá i dtrácht sách soiléir, beacht agus neamhchoinníollach chun go mbeidh éifeacht dhíreach i gceist. Níor iarr an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt seo an cheist sin a scrúdú agus tugaim aird ar an gcinneadh sin, in ainneoin gur ardaigh agus gur chuir Éire an tsaincheist sin chun cinn chun críche inghlacthachta.”

 

51. Stopfaidh mé anseo, sula bpléifidh sé an “dá ghné”, chun a lua nach bhfuil aon tuairim nochta aige go fóill go raibh an bhreith intíre maidir le héifeacht dhíreach mícheart, ach d’fhéadfadh duine a bheith den tuairim, mar gheall ar an bhfoclaíocht a úsáideann sé (téarmaí ar nós “Mar sin féin”), go bhfuil amhras air faoin mbreith sin ar a thaobhsan. Dá ainneoin sin, leanann sé ar aghaidh agus pléann sé an chéad cheann den dá ghné sin:

“68. Ar an gcéad dul síos, is éard atá i gceist leis an riail a bheith beacht, mar choinníoll don éifeacht dhíreach, ná gurb amhlaidh go bhfuil inneachar na hoibleagáide arna forchur ar an mBallstát soiléir. Ní gá do raon feidhme rialach a bhfuil éifeacht dhíreach aici a bheith ag teacht le téacs na forála dlí ina iomláine. Mar sin, is cinnte gur féidir a bhaint as foráil níos leithne riail neamhspleách níos cúinge lena léirítear oibleagáid íosta arna forchur ar Bhallstát. Ní mór don riail sin a bheith soiléir beacht ina raon feidhme agus a hinneachar, áfach.”

 

52. Is é seo a leanas an chiall a bhainim as an sliocht sin thuas: cé go mb’fhéidir go bpléifeadh Treoir le hábhair éagsúla (“foráil níos leithne”), b’fhéidir nach mbeadh éifeacht dhíreach ach ag cuid de na hábhair sin (“riail neamhspleách níos cúinge lena léirítear oibleagáid íosta arna forchur ar Bhallstát”). Mar sin, ní gá go gcaithfidh ‘raon feidhme’ an chuid sin den Treoir a bhfuil éifeacht dhíreach aici a bheith ar comhréim leis an Treoir ina hiomláine (“Ní gá do raon feidhme rialach a bhfuil éifeacht dhíreach aici a bheith ag teacht le téacs na forála dlí ina iomláine”). Is ráiteas gan chonspóid é sin ar phrionsabal ginearálta. Níos tábhachtaí ná sin, chun críoch reatha, féadfar a rá gur mar a chéile an prionsabal ginearálta agus argóint an fhreagróra nach raibh éifeacht dhíreach sa Treoir ach ag an oibleagáid faisnéis iomchuí áirithe a fhoilsiú le táirgí tréidliachta, agus nach raibh éifeacht dhíreach ag oibleagáid na treoracha sin a bheith sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Ní dhéanann an tAbhcóide Ginearálta Bobek, áfach, an prionsabal a fheidhmiú maidir le fíorais an cháis seo, ach fágann sé an t-ábhar ar leibhéal an phrionsabail ghinearálta. Fágann sé an pointe sin ar leataobh agus bogann sé ar aghaidh go pointe eile.

 

53. Is é seo leanas an dara gné a phléann an tAbhcóide Ginearálta Bobek:

“69. Ar an dara dul síos, agus anailís den sórt sin á déanamh i dtaca le riail arna cumhdach i dtreoir, is fiú a thabhairt faoi deara gurb iad rogha agus neamhspleáchas an Bhallstáit an gnáthsheasamh bunreachtúil maidir le treoir a thrasuí, ar an gcoinníoll, ar ndóigh, nach gcuirtear cosc leis an treoir ar an rogha sin. I gcodarsnacht leis sin, má tá aon rogha agus discréid den sórt sin le deonú le rialachán, ní mór an méid sin a bheith sonraithe go sainráite i dtéacs an rialacháin. D’fhéadfadh an fíoras sin a bheith ábhartha go háirithe agus raon feidhme oibleagáide á mheas i ndiaidh athrú ar an gcineál foinse de dhlí an Aontais lena rialaítear réimse, go háirithe, mar a bhí i gcás roinnt réimsí de dhlí an Aontais le déanaí, ina bhfuil gníomh reachtach i réimse faoi leith athraithe ó threoir go rialachán.” (béim curtha isteach)

 

54. Arís, feictear dom gur de chineál ginearálta é sin, go háirithe agus é ag cur treoracha agus rialacháin i gcodarsnacht lena chéile. Tá an sliocht a bhfuil cló iodálach curtha agam air an-tábhachtach sa chás seo dar liom. I mo thuairim, ní chuirtear cosc le foclaíocht Threoir 82/2011, trí thagairt shainráite a dhéanamh do “theangacha” an Bhallstáit san uimhir iolra.

 

55. Níos faide anonn, déanann an tAbhcóide Ginearálta Bobek plé ar chearta teanga, ach is ríthábhachtach an rud é, dar liom, gur chuir sé mír isteach mar réamhrá leis an bplé sin ina dtugann sé le fios go bhfuil sé ag bogadh ar aghaidh go ceist an leighis, i.e. cad é an leigheas cuí i gcás éifeacht dhíreach a bheith ann, agus ag imeacht ó cheist an mheasúnaithe roimhe sin i dtaobh an bhfuil éifeacht dhíreach ann. Cuirfear i gcuimhne go mbeidh CBAE in earraid leis maidir le conas dul i ngleic le leigheas agus go ndiúltaíonn sí go sainráite don chur chuige atá bunaithe ar chomhréireacht sa réimse seo agus ba cheart an méid sin a choimeád i gcuimhne agus a thráchtanna á léamh.

 

56. Seo mar a thrácht sé ar chearta teanga:

“71. I dtús báire, is ar éigean atá aon amhras ach go bhfuil ardmheas ar éagsúlacht teanga san Aontas Eorpach. De réir Airteagal 3 CAE, ní mór don Aontas ‘saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga [a urramú]’ agus ‘[a áirithiú] go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Chuige sin, ní mór don Aontas, de bhun Airteagal 165(2) CFAE, teagasc agus leathadh teangacha na mBallstát a chur chun cinn.

72. Tá urramú ar éagsúlacht teanga cumhdaithe in Airteagal 22 den Chairt freisin. Ina theannta sin, toirmisctear le hAirteagal 21 den Chairt aon idirdhealú bunaithe, inter alia, ar fhoras teanga.

73. Anuas air sin, is prionsabal bunúsach d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é an t‑ilteangachas, a bhfuil glacadh Rialachán Uimh. 1 in 1958 mar fhianaise luath air.

74. Cé gur fíor go bhfuil na prionsabail agus a luach ríthábhachtach, aithnítear freisin, áfach, go mbíonn roghanna le déanamh mar chuid de bheartas teanga, roghanna a bhíonn íogair ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus sóisialta de, scaití. Dá bhrí sin, tá cur chuige sách faichilleach dioplómaitiúil pragmatach glactha ag reachtas an Aontais agus ag Cúirteanna an Aontais araon i dtaca le teangacha, ar leibhéal an Aontais, agus i gcás inar dócha go mbeidh iarmhairtí ag an leibhéal sin ar leibhéal na mBallstát.

75. Ar leibhéal fheidhmiú inmheánach an Aontais, ní raibh an córas ró-dhocht riamh. Ar an gcéad dul síos, fiú i dtaca le teangacha oifigiúla an Aontais, rinneadh eisceachtaí le déanaí, i dtaca leis an nGaeilge nó leis an Máltais go háirithe. Níos tábhachtaí chun críoch an cháis seo, tá an dearcadh nach mór comhionannas absalóideach a bheith idir na teangacha oifigiúla go léir, de réir dhlí an Aontais diúltaithe go buanseasmhach ag an gCúirt. Ní chiallaíonn an seanrá maidir le comhúdarás na leaganacha teanga go léir ná prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir teangacha oifigiúla an Aontais ‘nach mór caitheamh go cothrom leis na teangacha oifigiúla go léir chun na gcríoch uile’. Dá bhrí sin, tá córais éagsúlaithe incheadaithe ar leibhéal an Aontais, ar an gcoinníoll go bhfuil cúiseanna leordhóthanacha chuige sin.

76. Ina theannta sin, aon uair a iarrtar orthu cearta teanga a leanann ó dhlí an Aontais a aithint agus a urramú, tá a ndícheall déanta ag Cúirteanna an Aontais chun a áirithiú go dtugtar cosaint do na daoine aonair lena mbaineann, ach go bhfágtar saoirse éigin faoi na húdaráis inniúla (AE nó náisiúnta).

77. Mar shampla, in Skoma-Lux, chinn an Chúirt nach bhféadfaí Rialachán ón gComhphobal (mar a bhí) nár foilsíodh i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a fhorfheidhmiú i gcoinne duine aonair ina chónaí sa Stát sin. Staon an Chúirt ó aon iarmhairt níos suntasaí a bhaint as an easpa foilsithe, áfach, i dtaca le bailíocht nó infheidhmeacht an ghnímh. Dá bhrí sin, is amhlaidh go raibh dlí an Aontais nár foilsíodh i dteanga (aonair) an Bhallstáit sin fós ina dhlí bailí den Bhallstát sin. Níl ann ach nach bhféadfaí aon oibleagáidí a fhorchur ar dhaoine aonair ar bhonn an dlí sin.”

 

57. Stopfaidh mé ansin arís chun an pointe seo in Skoma-Lux (Cás C-161/06)
a lua; shuigh an chúirt nach bhféadfaí fíneáil custam a fhorchur ar an gcuideachta ab iarrthóir i gcás nár foilsíodh an reachtaíocht foilsithe san Iris Oifigiúil sa tSeicis, cé go bhféadfadh an chuideachta i dtrácht fáil amach faoin reachtaíocht trí mhodhanna eile. Níl aon amhras ach go bhfuil an ceart ag an Abhcóide Ginearálta Bobek nuair a deir sé go raibh an chúirt ábalta cothromaíocht a bhaint amach sa mhéid is go raibh sí ábalta an chuideachta a chosaint ar an bhfíneáil custam agus srian á chur san am céanna ar an éifeacht níos ginearálta a bhí lena breith (féach míreanna 63-74 de bhreithiúnas na cúirte in Skoma Lux). Ní fhéadfaí an chothromaíocht chéanna a bhaint amach i ngach cás, áfach, ó thaobh na leigheasanna de, i mo thuairim.

 

58. Pé scéal é, leanann sé ar aghaidh mar seo:

“78. Is dócha go bhfuil an treocht sin níos follasaí fós i gcás ina bhfuil an Chúirt ag plé le bearta náisiúnta lena léirítear roghanna beartais náisiúnta. Níor cheart neamhaird a dhéanamh, ina thaobh sin, ar an bhfíoras go mbaineann beartas teanga ar an leibhéal náisiúnta, den chuid is mó, le hinniúlachtaí na mBallstát. Go deimhin, de bhun Airteagal 6 CFAE, níl sé d’inniúlacht ag an Aontas ach gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh i réimse an chultúir agus an oideachais. Sa deireadh thiar, ní fhéadfaidh beartas teanga gan stair, cultúr, traidisiúin agus sochaí gach tíre a léiriú.

79. Dá bhrí sin, bhí drogall ar Chúirteanna an Aontais ró-idirghabháil a dhéanamh i roghanna náisiúnta nó oibleagáidí forleathana a fhorchur ar Bhallstáit. Mar shampla, in UTECA, chinn an Chúirt go raibh reachtaíocht náisiúnta lenar cuireadh de cheangal ar chraoltóirí teilifíse cionroinnt shonrach dá n‑ioncam a chur i leataobh do réamh-mhaoiniú scannán cineamatagrafach agus teilifíse Eorpach inarbh í ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhí i gceist an bunteanga i gcomhréir le dlí an Aontais. In Runevič-Vardyn, rialaigh an Chúirt nár cuireadh bac le dlí an Aontais ar na húdaráis náisiúnta a dhiúltú d’ainmneacha agus sloinnte na bpáirtithe leasmhara mar a shonraítear iad ar na deimhnithe breithe agus pósta a leasú ar an bhforas gur foráladh faoin dlí náisiúnta nach mór ainmneacha agus sloinnte daoine nádúrtha a iontráil sna doiciméid sin i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear litriú na teanga oifigiúla náisiúnta. Ar bhonn níos ginearálta, tá sé dearbhaithe go buanseasmhach ag an gCúirt go bhféadfadh cosaint agus cur chun cinn teanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid Ballstáit a bheith mar údar cuí le maolú ó na rialacha maidir le saorghluaiseacht, agus dhearbhaigh sí nach mbeadh bearta náisiúnta arna nglacadh chun na críche sin ar neamhréir le dlí an Aontais ach amháin i gcás inar cinneadh go raibh siad díréireach i dtaca leis an aidhm sin.”

 

59. Sílim go bhfuil sé tábhachtach a lua gurb í malairt an dá chás a luann sé sna sleachta sin atá i gceist sa chás seo a bheag nó a mhór. Sa dá chás, bhí an Ballstát ag feidhmiú rogha ar leibhéal náisiúnta maidir le teanga náisiúnta agus ní raibh tagairt shainráite do cheist na teanga san ionstraim dlí iomchuí de chuid AE. Sa chás seo, is é an beart AE atá sainráite agus an beart náisiúnta atá ag imeacht uaidh. In Runevič-Vardyn (C-391/09)
, chinn an Liotuáin gur cheart ainmneacha agus sloinnte a chlárú de réir litriú na Liotuáine, agus bhí na hiarratasóirí (lánúin phósta ar Pholannach duine acu) míshásta le foirm a n-ainmneacha ar dhoiciméid chlárúcháin oifigiúla áirithe. Is iad na bearta AE a raibh na hiarratasóirí ag iarraidh seasamh orthu (gan aon rath den chuid is mó) Treoir 2000/43 (frith-idirdhealú) agus Airteagail 18 (toirmeasc ar idirdhealú de bhíthin náisiúntachta) agus 21 (ceart chun saorghluaiseachta) de CFAE. Bhain cás UTECA (C-222/07)
le beart náisiúnta lena gceanglaítear ar oibritheoirí teilifíse 5% dá n-ioncam oibriúcháin don bhliain roimhe a leithdháileadh ar dtús ar mhaoiniú scannán iomlán agus gearrscannán agus scannán Eorpach arna ndéanamh don teilifís agus, ansin, 60% den mhaoiniú sin a leithdháileadh ar tháirgeadh scannán ar ceann de theangacha oifigiúla Ríocht na Spáinne í an bhunteanga ina bhfuil siad. Níor fhorchuir an beart AE
atá i gceist (Treoir maidir le gníomhaíochtaí craolacháin teilifíse) aon cheanglas maidir le teangacha. Mar sin, bhí an Spáinn ag iarraidh a teangacha náisiúnta féin a chur chun cinn, agus suíodh nár shárú é sin ar an gceanglas AE cuid áirithe de mhaoiniú craolacháin a leithdháileadh le haghaidh scannán. Mar sin, cé gur féidir glacadh go héasca le ráiteas an Abhcóide Ghinearálta Bobek go bhfuil tuiscint ar roghanna teanga, agus urraim do roghanna teanga, sna comhthéacsanna sin i ndlí AE, is fadhb iomlán éagsúil atá sa chás seo toisc gur sa Treoir ó AE (seachas sa bheart náisiúnta) atá an ceanglas teanga sainráite. Deir an tAbhcóide Ginearálta Bobek freisin:

“80. Bainim dhá phointe de thátal as na samplaí sa chásdlí arna leagan amach thuas. Ar an gcéad dul síos, cé nach bhfuil aon amhras go bhfuil cearta teanga ríthábhachtach san Aontas, agus gur cinnte go bhfuil daoine aonair i dteideal cosaint i gcoinne aon sárú ar na cearta sin, ní leanann aon iarmhairtí uathoibríocha as a sárú féideartha. Ina leith sin, go ginearálta, tá cur chuige cothrom caolchúiseach glactha ag Cúirteanna an Aontais, ina bhfuil breithniú cuí déanta ar imthosca sonracha gach cáis, agus ina ndéantar iad a chur sa mheá, d’fhonn toradh cothrom (nach gcruthaíonn deacrachtaí) a bhaint amach.

81. Ar an dara dul síos, glacadh leis an gcur chuige sin ní hamháin i dtaca le húsáid teangacha maidir le rialacha a bhaineann le hearnálacha nó réimsí áirithe (amhail na samplaí thuasluaite ón gcásdlí maidir le saoirse gluaiseachta), ach i dtaca le roghanna bunreachtúla chomh maith. Dá bhrí sin, i bhfocail eile, fiú má tá méid suntasach solúbthachta léirithe sna cásanna struchtúracha nó bunreachtúla agus easpa aon réiteach uathoibríoch ó thaobh torthaí de, ba dhíol suntais é a dhearbhú go n‑eascraíonn ceart teanga absalóideach ó rialacha dlí tánaisteacha leithleacha i réimse sonrach rialála leis sin féin.”

 

60. Feictear dom go mbaineann an sliocht sin leis na leigheasanna ba chóir a bheith ar fáil do phearsana aonair a líomhnaíonn gur sáraíodh cearta teanga, seachas leis an gceist i dtaobh an bhfuil éifeacht dhíreach ag beart nó nach bhfuil. Níos faide anonn, deir sé gur cheart, i bhfianaise na solúbthachta atá aitheanta aige sna cásanna thuas, cur chuige a bheadh bunaithe ar chomhréireacht a ghlacadh i leith cúrsaí leighis, agus déanann sé cur síos mion air sin. Caithfidh mé a admháil go gceapaim go bhfuil cás láidir ag an Abhcóide Ginearálta Bobek maidir le ceist an leighis, is é sin, cur chuige cothrom solúbtha a bheadh bunaithe ar chomhréireacht agus a mbeadh an anailís thuas ar chearta teanga ann; ach caithfear a aithint nár thacaigh an chúirt féin leis an gcur chuige comhréireachta foriomlán sin. Chun críoch an chuid seo de mo bhreithiúnas, áfach, is é an bunphointe atá á dhéanamh agam nach gceapaim go bhfuil an tAbhcóide Ginearálta Bobek ag caitheamh amhras ar an tátal bunaidh a bhain mé maidir le héifeacht dhíreach sna sleachta a luaitear thuas ach go bhfuil treoir á tabhairt aige maidir leis an gcur chuige is fearr le haghaidh cheist an leighis.

 

61. Níor phléigh an chúirt (an Chéad Dlísheomra) ceist na héifeachta dírí ach dhírigh sí ar na ceisteanna sonracha a tarchuireadh chuici maidir le ceist na rogha. Bhí tuairim an-difriúil aici agus chinn sí nach bhfuil rogha ag cúirt intíre faoiseamh a dhiúltú má chineann sí nár trasuíodh treoir mar is ceart. Dúirt sí gurb é CBAE é féin an t-aon chomhlacht a bhfuil an t-údarás aige chun faoiseamh a choinneáil siar ar bhonn rogha sa chomhthéacs sin:

“32. Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go gceadaítear le dlí na hÉireann do dhaoine aonair dearbhú breithiúnach a fháil ina sonraítear nach bhfuil treoir de chuid an Aontais Eorpaigh trasuite i gceart ag Éirinn agus go bhfuil sé de cheangal uirthi í a thrasuí, agus ag an am céanna fágtar an rogha faoi na cúirteanna náisiúnta diúltú do dhearbhú den sórt sin a eisiúint, ar na forais arna mbunú leis an dlí sin.

33. Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, ós rud é gur chinn an chúirt a rinne an tarchur nár trasuíodh Treoir 2001/82 i gceart, nach mór di gach beart iomchuí a ghlacadh, cibé acu ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go mbainfear amach an toradh a bheartaítear leis an treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 1996, Kraaijeveld e.a., C‑72/95, EU:C:1996:404, mír 55). (béim curtha isteach)

34. féidir a lua go bhfuil reachtaíocht na hÉireann i gcomhréir le Rialachán 2019/6 cheana féin, a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, chun an cinneadh go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le dlí an Aontais a thabhairt faoi amhras go dtí an dáta sin, gan trácht ar údar a thabhairt don neamhréireacht sin. (béim curtha isteach)

35. Dá bhrí sin, go dtí go ndéanfar Treoir 2001/82 a aisghairm leis an rialachán sin, beidh forálacha na treorach sin fós ina gceangal, mura gcinnfidh an Chúirt go bhfuil siad neamhbhailí (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Feabhra 1979, Granaria, 101/78, EU:C:1979:38, mír 5 agus an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst v An Coimisiún, 46/87 agus 227/88, EU:C:1989:337, mír 64).

36. Ina theannta sin, is í an Chúirt, agus í sin amháin, i gcásanna eisceachtúla agus de bharr cúinsí sáraitheacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil, a fhéadfaidh a dheonú go gcuirfear ar fionraí an éifeacht atá le riail de chuid dhlí an Aontais i ndáil le dlí náisiúnta atá contrártha leis (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Iúil 2016, Association France Nature Environnement, C‑379/15, EU:C:2016:603, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37. Sna himthosca sin, cuirtear cosc le hAirteagal 288 CFAE ar chúirt náisiúnta neamhaird a thabhairt ar an oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBallstát lena mbaineann sí chun treoir a thrasuí ar an bhforas go maítear go mbeadh an trasuí sin díréireach de bharr go bhféadfadh sé a bheith costasach nó fánach mar thoradh ar rialachán a thiocfaidh i bhfeidhm go luath agus atá beartaithe chun teacht in ionad na treorach sin agus a bhfuil dlí an Bhallstáit sin i gcomhréir go huile leis.

38. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 288 CFAE, ceanglaítear ar an gcúirt a rinne an tarchur, a chinn nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/82, an t-iarratas ar dhearbhú a dheonú go bhfuil oibleagáid ar Éirinn trasuí mícheart na treorach sin a leigheas. (béim curtha isteach)

39. I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta arna leagan síos chuige sin leis an dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Treoir 2001/82 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán 2019/6 lena n-aisghairtear an treoir sin agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.” (béim curtha isteach)

 

Tátal i dtaobh ar cheart don Chúirt an rialú a rinne sí níos luaithe maidir le héifeacht dhíreach a fhreaschur

62. Ag féachaint don mhéid sin thuas, cé go ndéanann an tAbhcóide Ginearálta Bobek ráitis ghinearálta shuimiúla maidir le héifeacht dhíreach, ní léir domsa ar chor ar bith ón tuairim uaidh go bhfuil sé ag cáineadh an tátail a bhain an Chúirt maidir leis an gceist sin sa chás seo. Anuas air sin, an anailís uaidh ar na cásanna ceart teanga, agus a thuairim gur léiriú iad ar an urraim atá ag CBAE do roghanna náisiúnta maidir le ceist na teanga agus ar an ngá atá ann CBAE a bheith solúbtha sa réimse sin, is cuid iad sin den phlé ar an leigheas ba cheart a dheonú i gcás sárú ar éifeacht dhíreach i dtaobh cearta teanga.

 

63. Anuas air sin, agus níos tábhachtaí fós, bhí an Chéad Dlísheomra ina thost maidir le ceist na héifeachta dírí. Feictear dom nach dócha ar chor ar bith go mbeadh drogall ar an gcúirt a rá go raibh buntuiscint na gceisteanna a tharchuir an Ard-Chúirt chucu mícheart dá gceapfadh sí gurbh amhlaidh a bhí; sna himthosca sin, ceisteanna hipitéiseacha nó neamhábhartha ab ea na ceisteanna tarchurtha sin. B’fhurasta don chúirt diúltú rialú a dhéanamh ar na ceisteanna a tarchuireadh dá measfadh sí gur cheisteanna neamhábhartha iad. Ós rud é nár luaigh an chúirt an tátal a bhain mé maidir le héifeacht dhíreach, go háirithe nuair a lean sé ar thuairim dhioscúrsach an Abhcóide Ghinearálta Bobek ina bhfuil na ráitis a leagtar amach thuas, feictear dom go dtacaíonn sé sin leis an tuairim gurbh fhéidir an Treoir a fhorléiriú mar Threoir a raibh éifeacht dhíreach aici ó thaobh na dteangacha a úsáidfear ar threoracha nó ar phacáistíocht táirgí tréidliachta. Mar a luaitear thuas, ní raibh aon deacracht ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcás M.M. ó thaobh deacrachtaí a léiriú le ceist dhlíthiúil áirithe amháin cé go raibh an cheist dhlíthiúil sin éagsúil leis an gceann a tarchuireadh chuici.

 

64. Dá réir sin, agus mionscrúdú á dhéanamh ar thuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek mar aon le breithiúnas CBAE, ní fheictear dom go bhfuil aon chúis leordhóthanach agam leis an tátal a bhain mé cheana a fhreaschur, is é sin go bhfuil éifeacht dhíreach ag Treoir 2001/82 maidir le húsáid dhá theanga oifigiúla an Stáit i gcás treoracha táirgí tréidliachta. Más mícheart an tátal a bhain mé maidir le ceist na héifeachta dírí, is cinnte go ndéanfar mé a cheartú ar achomharc. Ach sa chomhthéacs sonrach seo inar iarradh athbhreithniú a dhéanamh ar thátal a bhain mé níos luaithe sna himeachtaí, ní fheicim aon ní sna ráitis ón Eoraip i ndiaidh mo réamhtharchuir a fhágann gur cheart an tátal a bhain mé cheana a fhreaschur.

 

An dara haighneacht ón bhfreagróir; an faoiseamh cuí atá le deonú

65. Áitíonn an freagróir chomh maith nach bhfuil an Chúirt i dteideal, faoi dhlí na hÉireann, ordú a dhéanamh lena n-ordaítear don Aire na rialacháin a leasú chun iad a thabhairt i gcomhréir leis an treoir. Áitíonn sé nach gceanglaítear le breithiúnas an Chéad Dlísheomra ar an gCúirt faoisimh de chineál éigeantach a dheonú murab imeachtaí de chineál lena gceadaítear an faoiseamh sin a dheonú iad na himeachtaí intíre.

 

66. Braitear ar Dudley v An Taoiseach
chun tacú leis an argóint sin, ach ní fheictear dom go bhfuil aon bhunús leis sin. Bhain an cás le moill ar fhothoghchán a ghairm agus tugadh an breithiúnas i leith iarratas ar chead chun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh. Dheonaigh an Ard-Chúirt (Mac Eochagáin B.) cead chun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh i gcoinne rialtas na hÉireann agus an Ard-Aighne agus d’ordaigh sí gur cheart Éire a uamadh mar fhreagróir. Is fíor gur shuigh an breitheamh nárbh fhéidir faoiseamh dearbhaithe a fháil i gcoinne Dháil Éireann; toisc, dar leis, nár cheart faoiseamh den sórt sin a dheonú ach amháin i gcás go bhféadfaí ordú infhorfheidhmithe a eisiúint ina dhiaidh agus nach ceadmhach do chúirt ordú mandamus a dheonú á ordú do chomhaltaí na Dála vótáil ar shlí áirithe ar thairiscint áirithe. Deonaíodh cead, áfach, i leith na hÉireann agus an Ard-Aighne.

 

67. Anuas air sin, níor luaigh an freagróir an cás níos déanaí, Doherty v Rialtas na hÉireann agus an tArd-Aighne
, cás inar dheonaigh an Ard-Chúirt (Ó Ciaráin U.) dearbhú go raibh moill mhíréasúnach leis an eascaire le haghaidh an fhothoghcháin i nDún na nGall Thiar Theas
a thairiscint, ach inar dhiúltaigh sí dearbhú a dheonú go raibh sé d’oibleagáid ar an Rialtas an tairiscint le haghaidh eascaire a eisiúint a chur síos agus tacú leis an tairiscint sin nó, ar a laghad, gan bac a chur ar thairiscint den sórt sin ná cur i gcoinne tairiscint den sórt sin. I gcúrsa a bhreithiúnais, dúirt an breitheamh: “Bheadh súil agam, áfach, go mbeadh an éifeacht sin ag aon soiléiriú a sholáthraítear leis an mbreithiúnas seo” ach go bhféadfadh sé go mbraithfeadh an chúirt:

“i gcás eile… iallach a bheith uirthi tuairim níos tromchúisí a ghlacadh dá mba léir do na cúirteanna aon rialtas, ní hamháin an rialtas reatha, a bheith ag gníomhú le neamhaird ar chearta bunreachtúla iarratasóra trí dhiúltú go leanúnach le linn tréimhse ama mhíréasúnach an t-eascaire le haghaidh fothoghcháin a thairiscint. Léirigh Ó Flatharta B. in O’Malley v An Ceann Comhairle [1997] 1 I.R. 427 agus Ó Muirí P.B. in TD v An tAire Oideachais [2001] 4 IR 259 ag lch 337 gur féidir leis an gCúirt idirghníomhú ar shlí níos danartha i gcásanna eisceachtúla chun oibleagáidí bunreachtúla a chosaint. Ní cás den chineál sin é an cás seo go fóill ach, i mo thuairim, níl sé i bhfad uaidh.”

Dá réir sin, ní choisceann scaradh na gcumhachtaí an Chúirt ar fhaoiseamh éigeantach de chineálacha éagsúla a dheonú nuair is cuí, ach ní foláir do na cúirteanna a bheith cúramach agus breithniú a dhéanamh ar na himthosca go léir agus i dtaobh cén saghas faoisimh ba cheart a thabhairt sa chás áirithe agus i dtaobh an céim rófhada chun cinn a bheadh ann faoiseamh éigeantach a dheonú sa chás áirithe roimpi.

 

68. Chuir an t-iarratasóir cóip den ordú a deonaíodh i gcás Uí Riain
ar fáil don Chúirt, cás a bhain le gné na Gaeilge de phacáistíocht ar tháirgí tobac. Sa chás sin, dheonaigh an chúirt na faoisimh dhearbhaithe seo a leanas, agus is le toiliú an Aire a rinne sí é sin:

“1. Dearbhú nach foláir do na Freagróirí dlí an Stáit a leasú, agus go háirithe Ionstraim Reachtúil 425/2003, chun go mbeidh sé i gcomhréir le Treoir 2001/37/CE, go sonrach go bhforálfar le dlí an Stáit go mbeidh na fógraí rabhaidh agus faisnéise i dtaobh tarra, nicitín agus aonocsaíd charbóin dá dtagraítear i dTreoir 2001/37/CE sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, agus cló an dá leagan ar cóimhéid lena chéile, agus go gcaithfear ar an mbealach céanna leis an dá theanga oifigiúla de réir Airteagal 5(6) den Treoir, agus na céatadáin agus na hachair a bhaineann le Ballstát a bhfuil dhá theanga oifigiúla aige de réir Airteagal 5 den Treoir.

2. Ordú Mandamus á cheangal ar an freagróirí dlí an Stáit a leasú, agus go háirithe Ionstraim Reachtúil 425/2003, chun go mbeidh sé i gcomhréir le Treoir 2001/37/CE, go sonrach go bhforálfar le dlí an Stáit go mbeidh na fógraí rabhaidh agus faisnéise i dtaobh tarra, nicitín agus aonocsaíd charbóin dá dtagraítear i dTreoir 2001/37/CE sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, agus cló an dá leagan ar cóimhéid lena chéile, agus go gcaithfear ar an mbealach céanna leis an dá theanga oifigiúla de réir Airteagal 5(6) den Treoir, agus na céatadáin agus na hachair a bhaineann le Ballstát a bhfuil dhá theanga oifigiúla aige de réir Airteagal 5 den Treoir.” (béim curtha isteach).

 

69. Ó tharla gur le toiliú a rinneadh an t-ordú thuas, is ábhair iontais go bhfuil an freagróir ag áitiú anois nach bhfuil dlínse ag an gcúirt ordú den chineál sin a dhéanamh. Údarás eile sa cheist seo is ea Tate v An tAire Leasa Shóisialaigh
, cás inar deonaíodh na faoisimh seo a leanas i measc faoisimh eile:

(1) Dearbhú gur mhainnigh na cosantóirí Treoir 79/7/CEE a chur i ngníomh go hiomlán nó go cuí.

(2) Dearbhú go raibh na gearánaithe i dteideal amhail ón 23 Nollaig 1984 na sochair chéanna, faoi na hAchtanna agus na Rialacháin Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1992 a íocadh le fir phósta sna cúinsí céanna, a fháil agus na rialacha faoin gcéanna a cuireadh i bhfeidhm maidir le fir den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir leo.

(3) Dearbhú nach bhfuil na cosantóirí i dteideal seasamh ar aon chuid de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leas Sóisialach), 1992 a bhfuil an éifeacht aici gan cearta na ngearánaithe faoi éifeacht dhíreach na Treorach a aithint.

 

70. Dámhadh damáistí chomh maith i gcás Tate, ach (murab ionann is an cás seo) ba chaingean iomlánach é sin ar le haghaidh damáistí, mar chúiteamh ar an gcaillteanas airgeadais a bhain do na gearánaithe mar thoradh ar an Stát do mhainneachtain an treoir a chur i ngníomh, ceann de na cúiseanna caingne inti. Ar a shon sin, bhí éifeachtaí móra ag na dearbhuithe a deonaíodh i gcás Tate, mar a fheictear ón ábhar a leagtar amach thuas, agus d’fhág siad go raibh de cheangal ar an Stát neamhaird a dhéanamh ar aon ghnéithe de rialacháin na hÉireann lenar mainníodh an treoir a chur i ngníomh nó aon ghnéithe den sórt sin a dhífheidhmiú, rud a ngabhfadh iarmhairtí tromchúiseacha maidir le hairgeadas leo don Stát.

 

71. Ag féachaint don mhéid sin thuas, níor éirigh leis an bhfreagróir a chur ina luí ar an gCúirt nach féidir gach ceann de na dearbhuithe a iarradh a dheonú faoi dhlí na hÉireann; is éard atá le freagairt i ndáiríre an mbeadh sé míchuí, i bhfianaise scaradh na gcumhachtaí, dearbhú a bheith éigeantach. Ar an ábhar sin, tugaim do m’aire nach rachadh na dearbhuithe a iarradh sa chás seo chomh fada leis an gcineál dearbhaithe a mhínítear i gcás Doherty (an tairiscint chun eascaire le haghaidh fothoghcháin a eisiúint a chur síos agus tacú leis an tairiscint sin nó, ar a laghad, gan bac a chur ar thairiscint den sórt sin ná cur i gcoinne tairiscint den sórt sin). Ina ionad sin, ní dhéanann siad ach na cúinsí a bhí ann a dhearbhú (nár trasuíodh an Treoir mar is ceart) agus a lua go bhfágann sé sin go bhfuil oibleagáid ar thaobh an fhreagróra an cheist a réiteach (agus is oibleagáid é sin faoi dhlí AE i gcás ar bith). Anuas air sin, tá siad cosúil leis na dearbhuithe a deonaíodh le toiliú maidir le táirgí tobac i gcás Uí Riain. Sna himthosca, ní léir go bhfuil cúis ar bith ann an breithiúnas ó CBAE a léamh ar bhealach srianta mar atá molta ag an bhfreagróir i ndáil leis na faoisimh a bheidh le deonú. Dúirt an Chúirt Bhreithiúnais go gceanglaítear ar an gcúirt intíre “gach beart iomchuí a ghlacadh, cibé acu ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go mbainfear amach an toradh a bheartaítear leis an treoir sin” agus go gceanglaítear uirthi “an t-iarratas ar dhearbhú a dheonú go bhfuil oibleagáid ar Éirinn trasuí mícheart na treorach sin a leigheas”. Dá bhrí sin, molaim gach faoiseamh a d’iarr an t-iarratasóir a dheonú.

 

72. Dá réir sin, deonóidh an Chúirt na faoisimh seo a leanas: (i) dearbhú nach ndéantar leis an reachtaíocht náisiúnta infheidhme Teideal V (Airteagail 58 go 61) de Threoir 2001/82 a thrasuí mar is ceart; (ii) dearbhú nach foláir a chinntiú le dlí na hÉireann, maidir leis na sonraí cuí ar na bileoga pacáiste agus ar an bpacáistíocht i gceist i dTeideal V de Threoir 2001/82, gur i dteangacha oifigiúla an Stáit a bheidh siad, is é sin le rá sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, ar tháirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar an margadh sa Stát; agus (iii) dearbhú nach foláir don fhreagróir an dlí náisiúnta a leasú chun a chinntiú go ndéanfar forálacha Theideal V de Threoir 2001/82 a thrasuí mar is ceart.

 

73. Ní sásamh ar bith dom cinneadh a dhéanamh a bhféadfadh drochiarmhairtí praiticiúla a bheith aige in earnáil gnó talmhaíochta na hÉireann, ach is bunaithe ar an tuiscint is fearr atá agam ar an staid dhlíthiúil cheart i ndlí AE, ag féachaint do théarmaí sainráite Threoir 2001/82 ó AE agus do threoracha CBAE a cuireadh ar fáil dom ar an réamhtharchur a cuireadh chuici, a bhain mé an tátal.

 

74. D’éirigh leis an iarratasóir ina imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Ós rud é gur go leictreonach atá an breithiúnas seo á thabhairt, molaim costais a dhámhachtain i bhfabhar an iarratasóra mura rud é go léireoidh an freagróir, laistigh de 14 lá ón mbreithiúnas seo a thabhairt, le ríomhphost nó ar shlí eile i scríbhinn chuig Oifig na hArd-Chúirte gur mian leis ordú éigin eile i dtaobh costas a éileamh. Má léiríonn sé amhlaidh, déanfaidh an chúirt seo éisteacht ghearr le haghaidh costas a sceidealú, ach ba cheart don fhreagróir a bheith ar an eolas go bhféadfaidh go n-ordófar dó costais na héisteachta sin a íoc mura n-éireoidh lena éilimh.

You May Also Like